Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘an-eachtra-ba-mheasa-i-stair-rte’-–-‘seans-maith’-go-dtiocfaidh-a-thuilleadh-eolais-amach

‘An eachtra ba mheasa i stair RTÉ’ – ‘seans maith’ go dtiocfaidh a thuilleadh eolais amach

| tuairisc | , ,

Dúirt Cathaoirleach Bhord RTÉ inniu gur chóir gurbh é an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a dhéanfadh maoirseacht ar chúrsaí airgeadais an chraoltóra phoiblí i ndiaidh an scannail arb é “an eachtra ba mheasa i stair RTÉ gan aon dabht”.

Pléadh ag cruinniú i dTeach Laighean tráthnóna cúrsaí pá, teip Toy Show: The Musical, an caiteachas ar shiamsaíocht chorparáideach –  ag áireamh bille €5,000 ar chuaráin ‘flip fleap’–  agus scéal an fhostaí a raibh carr ar iasacht gan chead aige ó chomhlacht tráchtála ar feadh cúig bliana.

Chualathas a thuilleadh sonraí ag Coiste Oireachtais na Meán tráthnóna faoin gconspóid faoi chúrsaí rialachais in RTÉ a d’eascair as scéal na n-íocaíochtaí ceilte a rinneadh leis an láithreoir Ryan Tubridy.

Dúirt Siún Ní Raghallaigh gur ag trá a bhí muinín an Bhoird i bhfeidhmeannas RTÉ ach nach bhféadfadh sí freagra díreach “tá nó níl” a thabhairt ar an gceist an raibh muinín caillte ag an mBord sna feidhmeannaigh.

Dhéanfadh freagra ‘tá nó níl’ go leor dochair don naonúr feidhmeannach agus do na baill foirne go léir a bhíonn ag obair leo.

Dúirt sí gur dóichí ná a mhalairt go dtiocfadh a thuilleadh sonraí faoi scéal amach sa tréimhse amach romhainn.

Cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh

Maidir lena ról féin mar chathaoirleach dúirt sí go gcaithfí féachaint ar “gach rud”, cúrsaí “ag an leibhéal is airde” san áireamh.

Cuireadh i leith RTÉ gur beagán ar bheagán a bhí eolas á chur ar fáil acu.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar níos túisce inniu, “Tá an t-uafás damáiste déanta ag an mbealach a bhfuil eolas á chur ar fáil beagán ar bheagán do choistí agus don Rialtas.”

MEARBHALL AGUS SUAITHEADH

Dúirt iarchathaoirleach an Bhoird Moya Doherty go raibh “mearbhall” uirthi agus gur baineadh an-suaitheadh aisti nuair a tháinig conspóid na n-íocaíochtaí ceilte chun solais.

Bhí uafás uirthi a dúirt sí agus ba léir gur tógadh “cinneadh d’aon ghnó” gan an bord a chur ar an eolas faoi chúrsaí.

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ Adrian Lynch go raibh RTÉ ag obair le roinnt laethanta anuas ar an eolas go léir a theastaíonn ó choistí Oireachtais a chur ar fáil agus go dtéann cuid den eolas sin siar roinnt mhaith blianta.

Ghabh Adrian Lynch leithscéal leis an Oireachtas, leis an bpobal agus le foireann RTÉ as teip an chraoltóra an caighdeán a mbeifí ag súil leis a bhaint amach ó thaobh na trédhearcachta agus na gairmiúlachta.

Luigh na polaiteoirí isteach ar cheistiú na bhfeidhmeannach athuair cúpla uair an chloig i ndiaidh tuairiscí go raibh Ryan Tubridy agus a ghníomhaire Noel Kelly le dul os comhair an choiste an tseachtain seo chugainn le cabhrú leis an bhfiosrúchán faoi chonspóid na n-íocaíochtaí ceilte in RTÉ.

Dúirt Adrian Lynch gurbh eol dó go raibh “carr ar iasacht” in urraíocht tráchtála ag ball foirne amháin de chuid RTÉ. Bhí liúntas cairr á fháil ag an duine céanna agus níor cheadaigh RTÉ an carr sin. Inné a tugadh an carr ar ais.

Geraldine O’Leary, Ceannasaí Tráchtála RTÉ

 AN CUNTAS BABHTÁLA

Dhírigh cuid mhaith de na ceisteanna ar an scéal gur trí cinn de chuntais bhabhtála a bhí ag RTÉ seachas ceann amháin, mar a thug príomhoifigeach airgeadais an chraoltóra le fios an tseachtain seo caite.

Dúirt an Príomhoifigeach Airgeadais Richard Collins gur cuntas babhtála amháin a bhí i gceist agus gurbh amhlaidh go raibh trí chomhlacht luaite leis.

De réir eolais nua a cuireadh ar fáil baineadh leas as na cuntais bhabhtála chun íoc as iostas corparáideach, agus san áireamh leis sin bhí ceolchoirmeacha Bruce Springsteen, Garth Brooks agus na Spice Girls, imeachtaí spóirt, lóistín óstáin, eitiltí idirnáisiúnta, seisiúin ghailf agus cuaráin ‘flip fleap’.

‘Ciste dubh’ a thug polaiteoirí arís ar an gcuntas babhtála. Ag tagairt do thicéid a ceannaíodh do cheolchoirm le Robbie Williams, dúirt Brendan Griffin, an Teachta Dála de chuid Fhine Gael, “Chuala mé faoi ‘Let me entertain you’ ach tá seo ábhairín áiféiseach.”

Íocadh €4,956 ar fhlip fleapanna, a dúirt sé.

Chosain Geraldine O’Leary, Ceannasaí Tráchtála RTÉ, an t-airgead a caitheadh ar fháilteachas. Dúirt sí nach raibh i gceist ach 0.1% den ioncam tráchtála agus go gcaithfeadh sí “iontaoibh inchreidte” a chothú le cliaint.

Nuair a fiafraíodh di ar chóir di fanacht ina post, dúirt sí go mb’fhéidir nár chóir i bhfianaise a thromchúisí agus a bhí iarmhairtí na conspóide di féin ar bhonn pearsanta.

Dúirt an Ceannasaí Tráchtála go raibh tuairiscí “míchearta” ar Twitter agus ar líne fúithi féin agus a céile agus go raibh tionchar tromchúiseach acu ar a sláinte agus a sláinte intinne.

Dúirt sí go seasfadh a cliaint tráchtála lena cumas agus d’fhreagair Teachta Shinn Féin, Imelda Munster, “Tá mé cinnte go seasfadh” agus an aire “ghnaíúil “a tugadh dóibh.”

Tá ceist an chuntais bhabhtála i lár na conspóide faoi na híocaíochtaí breise ceilte, arbh fhiú €350,000 san iomlán iad, a rinneadh leis an láithreoir Ryan Tubridy thar thréimhse sé bliana.

Dúirt lucht RTÉ gur éirigh leis an gcraoltóir €1.65 billiún a fháil in ioncam tráchtála idir 2012-2022 agus gur úsáideadh €1.6 milliún d’ioncam na gcuntas babhtála – Miroma, Active agus Astus – chun íoc as an tsiamsaíocht chorparáideach do chliaint.

Dúradh go raibh dualgas ar RTÉ oiread ioncam tráchtála agus ab fhéidir a mhealladh, gur mhargadh dian a bhí ann agus gur gnáthmhúnla dlisteanach atá sa chuntas babhtála a bhíonn á úsáid ag iomaitheoirí san earnáil.

Tá caint ann faoi chóras an chuntais bhabhtála ó fuarthas amach gur baineadh leas as a leithéidchun  íocaíochtaí breise folaithe €150,000 a dhéanamh le Ryan Tubridy.

Mhaígh RTÉ gur éirigh leo €5.6 milliún breise a fháil in ioncam tráchtála idir 2012-2022 ó áisíneachtaí fógraíochta a bhí luaite leis an gcóras babhtála.

Úsáidtear cuntais bhabhtála chun seirbhísí a bhabhtáil.

Trí na cuntais bhabhtála d’úsáid RTÉ spás fógraíochta chun íoc as earraí agus seirbhísí áirithe.

Mar shampla, dá mbeadh spás fógraíochta fágtha gan díol ag craoltóir d’fhéadfaí an spás sin a thabhairt do chomhlacht cairr agus carr a fháil mar dhuais ina áit. D’oirfeadh a leithéid de shocrú an dá dhream mar bheadh rud éigin ag an gcraoltóir ar spás fógraíochta nár éirigh leis a dhíol agus bheadh fógraíocht níos saoire ag an gcomhlacht.

Gearrtar costas mór, áfach, ar airgead a thógáil amach as cuntas babhtála. Chosain sé €230,000 ar RTÉ €150,000 a íoc le Ryan Tubridy ó chuntas babhtála.

Rory Coveney, Stiúrthóir Straitéise RTÉ

 CEOLDRÁMA AN TOY SHOW

Dhearbhaigh Cathaoirleach RTÉ chomh maith go ndéanfaí imscrúdú breise faoi chás Toy Show: the Musical, seo ar chaill RTÉ €2.2 milliún air.

Léiríonn eolas nua go raibh RTÉ ag súil le €3.125 milliún de theacht isteach ó dhíol ticéad don cheoldráma ach nár díoladh ach luach €450,961.

Dúirt an Teachta Brendan Griffin, Fine Gael, gur “náire shaolta” agus scannal a bhí ann gur chaill RTÉ €2.2m ar an Toy Show: The Musical.

Dúirt Rory Coveney, Stiúrthóir Straitéise RTÉ, gur thaitin an seó go mór leis na daoine a chuaigh ag breathnú air agus nach aon easpa iarrachta a d’fhág gur chaill sé airgead.

“Ghlacamar riosca tráchtála ar leith,” a dúirt sé agus mhínigh sé ansin gur as airgead RTÉ a íocadh as an gcaillteanas sin.

Dúirt Moya Doherty, léiritheoir agus iarChathaoirleach ar RTÉ, gur iarradh comhairle uirthi féin faoi na pleananna don cheoldráma Toy Show: The Musical.

“Baineann riosca leis an rudaí seo ar fad agus bhí an-bhrú go deo ar an Rannóg Tráchtála an t-ioncam sin ar fad a thabhairt isteach.”

Tá an caillteanas €2.2 milliún a bhain leis an gceoldráma á fhiosrú ag Grant Thornton.

Ard-Stiúrthóir Gníomhach RTÉ, Adrian Lynch

AN 100 DUINE IS FEARR A ÍOCTAR

Ceistíodh na feidhmeannaigh chomh maith faoin liosta den phá a fhaigheann an 100 duine is fearr atá á n-íoc ag RTÉ. Chuir RTÉ an t-eolas sin ar fáil don choiste ach níor cuireadh ainmneacha na ndaoine ar fáil toisc, a dúradh, go raibh cosaint sonraí i gceist.

An pá is mó ar an liosta ná €515,000 agus beagán faoi bhun €117,000 an pá is ísle.

31 láithreoir, 59 bainisteoir and 10 bhfeidhmeannach a bhí ar liosta an 100 oibrí is fearr íoctha.

D’fhiafraigh Malcolm Byrne, Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, ar ghlac feidhmeannaigh RTÉ le laghdú pá 15% nuair a cuireadh ciorruithe pá i bhfeidhm ar an dream is mó a shaothraigh.

Dúirt Adrian Lynch gur ghlac an Bord Feidhmiúcháin le ciorrú pá 10% ag an am sin, agus nár ghlac an Bord aon táille.

Nuair a fiafraíodh de Lynch faoi chlár leasa na foirne dúirt sé go raibh a leithéid ar an mbealach ach thug sé le fios nach mbeadh dualgas ar chonraitheoirí clárú leis.

 Ryan Tubridy Pictiúr: Andres Poveda

RYAN TUBRIDY AGUS NOEL KELLY

Sheol dlíodóirí ar son Ryan Tubridy agus a ghníomhaire litir chuig Niamh Smyth, cathaoirleach Choiste na Meán, ag tairiscint go gcomhoibreoidís agus go gcuideoidís féin go hiomlán le fiosrúchán an choiste.

Dúradh sa litir go n-ullmhófaí “leabhrán de na cáipéisí cuí” agus go raibh a macasamhail de litir seolta chuig an gCoiste um Chuntais Phoiblí.

Dúirt iar-príomhoifigeach airgeadais RTÉ, Breda O’Keefe, nár dhiúltaigh Ryan Tubridy do chiorrú pá ach go raibh plé ann le cé mhéad a bheadh i gceist leis an gciorrú.

Tagraíodh chomh maith do litir a chuir iar-ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, chuig Ryan Tubridy i mí Iúil 2020, litir inar gealladh don láithreoir nach ndéanfaí aon chiorrú ar a phá.

Níos mó