Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cen-chaoi-nach-bhfeadfa-titim-i-ngra-le-‘nimona’?

Cén chaoi nach bhféadfá titim i ngrá le ‘Nimona’?

| Eoin O Dubhghaill | ,

A leithéid de bhliain le haghaidh scannáin bheochana. Ó Super Mario Bros. go Across The Spiderverse, agus ansin Puss in Boots agus Pinocchio le Guillermo Del Toro ag deireadh na bliana seo caite, is léir go bhfuil athbheochan beochana ag tarlú faoi láthair (Agus bí cinnte gur thóg mé briseadh ón obair nuair a rinne mé an t-imeartas focal sin).

Ach tabhair faoi deara nach bhfuil aon scannán Pixar luaite agam ansin. Is fada an lá ó bhí Pixar i mbarr a réime ag cruthú na scannán is úire agus is cruthaithí ar domhan, agus le Elemental, an scannán is déanaí uathu ag cailleadh airgid cheana féin agus théis an bhróg a thabhairt do scata oibrithe ag tús na bliana, is cosúil go mbeidh an t-uafás oibre le déanamh acu sula mbeidh siad i mbarr a réime arís. Ach go dtí sin, tá na comhlachtaí eile agus scannáin bheochana eile ag seasamh sa mbearna. Agus tá Nimonaanois ar an scannán is déanaí len é seo a dhéanamh.

 

Thosaigh carachtar Nimona a saol ar Tumblr, cruthaithe ag an ealaíontóir ND Stevenson, ansin d’iompaigh sí isteach i ngreamán seachtainiúil ar líne, agus d’iompaigh sin isteach ina úrscéal grafachagus ansin isteach ina closleabhar. Agus anois, tá sí le fáil i bpictiúrlanna agus ar Netflix mar scannán iomlán, théis gur thug Disney uathu na cearta mar – dar le tuairisc ó Business Insider –  nach raibh siad cinnte faoi na téamaí aeracha agus trasghnéasacha sa scannán. A leithead de thuras do scéal, ach rachfaidh lucht féachana Nimona ar thuras i bhfad níos taitneamhaí.

Leanann an scéal Ballister Braveheart (Riz Ahmed) ridire i ndomhan todhchaíoch agus é scoite amach ón tsochaí mar gheall ar choir nach ndearna sé. Buaileann sé le Nimona (Chloe Grace Moretz) agus í ag lorg duine éigin le bheith mar bhas bithiúnta aici. Ach tá Nimona difriúil ó aon duine eile sa domhan seo, mar go bhfuil cumhachtaí ar leith aici. Shílfeá gur scéal simplí atá ann ach tá neart cor agus casadh ann len é a choinneáil suimiúil agus siamsúil. Agus tá an aisteoireacht glóir thar cionn, agus is fiú é a lua mar is scil é nach bhfuil ag gach uile aisteoir ach tá an scil cinnte ag Ahmed agus Moretz.

Feictear domsa go bhfuil sé craiceáilte nach ndearnadh margaíocht níos fearr air seo. Go deimhin, níor chuala mise faoi go dtí gur tháinig sé aníos ar mo Netflix, nuair nach raibh tada eile le déanamh agam, agus thit mé i ngrá leis. Tá sé ar nós go ndearna duine an scannán seo agus Eoin Ó Dubhghaill óg ar a n-inchinn acu. Tá an stíl ar nós seanstíl Disney, le hathruithe beaga len é a dhéanamh níos nua-aoisí, agus i seánra is breá liom, fantaisíocht sa todhchaí. Cuir leis sin téamaí féiniúlachta, cairdis agus neamhspleáchais, cén chaoi a bhféadfainn gan titim i ngrá leis.

Tá an chomparáid le Shrek feicthe agam agus mé ag déanamh mo thaighde ar an scannán, agus cinnte, tuigim an chomparáid mar gheall ar an méid a deireann an scannán faoi institiúidí cumhachtacha agus an cor a thógann siad ar síscéal, ach i mo thuairimse tá Nimona níos cosúla le scannán Pixar ar a sheanléim, le téamaí aibí ar nós Inside Out agus Coco ach le greann agus croí atá in easnamh i scannáin ón stiúideo céanna le gairid.

Chomh maith leis sin, seasann sé amach as an ngnáth, rud a rinne Pixar ó thús ach atá anois ag cruthú scannáin shábháilte gan mórán le rá acu. Ach an fáth a bhfanann an chomparáid chomh soiléir i mo cheann ná mar go raibh an deis ag Disney an scannán seo a dhéanamh ar an gcaoi seo. Scannán tábhachtach do go leor dóibh siúd i bpobal an LADTA, agus ráiteas mór a bheadh ann é a dhéanamh faoi ainm Disney, nó Pixar. Ach chaill siad amach. Anois agus Nimona atá teacht amach chun cinn, mar choinnigh an scannán ar a thuras eisceachtúil, agus is féidir é a fheiceáil go héasca, agus creidim go dtaitneoidh sé le cách, óg nó aosta, ach na daoine óga sin i bpobal an LADTA go háirithe.

Níos mó