Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cill-chainnigh-ar-ais-i-gcluiche-ceannais-na-heireann-a-bhui-d’obair-na-gcat

Cill Chainnigh ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann a bhuí d’obair na gCat

Cill Chainnigh 1-25 An Clár 1-22

Cill Chainnigh a bheidh á fhéachaint le Luimneach i gcluiche ceannais na hÉireann.

Tá ré Diarmuid Lyng i gCill Chainnigh faoi lán seoil agus na Cait stiúrtha aige chuig cluiche ceannais na hÉireann ina chéad bhliain aige mar bhainisteoir. Cé Brian Cody bailithe leis, sean-tréithe Chill Chainnigh ba chúis lena mbua tri phointe ar an gClár sa chluiche leathcheannais seo.

Is cinnte nach bhfuil foireann seo na gCat chomh láidir agus a bhí sí le linn ré órga Cody ach ní fhéadfaí a rá nach bhfáisceann siad gach is féidir as an gcumas atá iontu. Ba iad na bunscileanna cosanta – húcáil, blocáil agus díograis – bunchloch bhuanna Chill Chainnigh riamh agus tugadh sampla eile de sin inniu.

Ba é an cúl a scóráil Eoin Cody agus ceathrú uaire fágtha scór cinniúnach an chluiche agus ba é díocas Chill Chainnigh a chruthaigh é. Bhí tús iontach curtha ag an gClár leis an dara leath, iad imithe 0-19 in aghaidh 0-17 chun tosaigh tar éis dóibh a bheith cúig phointe chun deiridh ag leath ama ach cuireadh an obair ó mhaith i bpreabadh na súl. Scóráil Paddy Deegan pointe tábhachtach chun CIll Chainnigh a shocrú. Ón bpoc amach, bhí Rory Hayes an Chláir ag moilleadóireacht agus é ag teacht amach leis an sliotar agus d’éirigh le Billy Ryan teacht aniar aduaidh air chun é a bhaint dó. Phioc TJ Reid suas é, thug sé do Eoin Cody é agus bháigh an tosach iarracht san eangach.

Ní raibh deireadh uile leis an gClár, áfach. Bhí siad ar ais ar comhscór théis 62 nóiméad nuair a bhuail Shane O’Donnell raspar thar Eoin Murphy sa chúl ach bhí an chosúlacht ann mar sin féin go raibh cuid den ghaoth bainte as seolta an Chláir agus teipthe orthu brú a chur ar Chill Chainnigh nuair a bhí an deis acu.

Tom Phelan, Cill Chainnigh chun tosaigh Pictiúr Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Chríochnaigh TJ Reid le 0-12 agus é anois ar an duine a bhfuil an líon is mó scóranna aimsithe aige i stair na craoibhe, agus d’fhág dhá bhuille saor uaidh agus pointe eile ó Eoin Cody, a d’aimsigh 1-5, go raibh Cill Chainnigh trí phointe chun cinn agus am cúitimh ag teannadh linn. Léiríodh díograis na gCat arís sna nóiméid dheireanacha nuair a rinne Paddy Deegan agus Huw Lawlor blocanna ar iarrachtaí ó David Reidy agus Peter Duggan agus bheadh an Clár tagtha ar ar ais comhscór murach sábháil dochreidte a rinne Eoin Murphy ó Duggan sa 73ú nóiméad. Scinn an sliotar de chamán Murphy agus ansin bhuail sé an trasnán sular éirigh le Diarmuid Ryan é a chur thairis do chúilín. D’aimsigh Pádraig Walsh, a tháinig isteach mar ionadaí, an pointe deireanach chun bearna trí phointe a fhágáil ann ar deireadh.

B’fhéidir go mbeadh scéal eile ann dá mbeadh an Clár chomh maith sa chéad leath is a d’imir siad ag tús an dara leath sin. Bearna 0-15 in aghaidh 0-10 i bhfabhar Chill Chainnigh a bhí ann ag an mbriseadh agus d’fhéadfadh sé a bheith níos mó. Mar a rinne anuraidh, bhí Mikey Butler ag marcáil Tony Kelly agus arís choinnigh an Buitléarach laoch an Chláir ciúin go maith, gan ach aon phointe amháin faighte ag Kelly.

Buillí saora ó TJ Reid, ocht gcinn acu sa chéad leath, a chruthaigh an bhearna do Chill Chainnigh sa chéad leath ach bhí Eoin Cody an-mhaith chomh maith agus trí phointe aige sa chéad 35 nóiméad. Bhí cosaint Chill Chainnigh thar barr freisin. Rinne Conor Fogarty blocáil iontach ó Mark Rodgers sa 23ú nóiméad chun cúl a stopadh ach rinne Richie Reid, faoi dhó, agus Adrian Mullen blocanna den scoth freisin chun an Clár a choinneáil amach.

Pé rud a dúirt Brian Lohan lena imreoirí ag leath ama, áfach, d’oibrigh sé. Ní raibh ach 20 soicind imeartha sa dara leath nuair a fuair Rodgers a chéad scór ón imirt agus bhí an bhearna laghdaithe go dtí dhá phointe cúpla nóiméad ina dhiaidh sin a bhuíochas de scóranna ó David Fitzgerald agus Rodgers arís.

Bhí Rodgers, Fitzgerald, Ian Galvin agus Shane O’Donnell ag brú an Chláir chun cinn sa chéad tréimhse sin den dara leath agus d’fhág cúig phointe as a chéile, ceithre cinn ó Rodgers agus ceann ag David Reidy, go raibh an Clár chun tosaigh den chéad uair sa chluiche. Ní raibh ar feadh i bhfad, áfach. Údar mór díomá an chaoi gur chlis orthu in aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche leathcheannais na bliana seo caite ach seans go ngoillfidh an ceann seo orthu níos faide agus deis caillte acu cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den chéad uair le deich mbliana anuas.

Kyle Hayes, Luimneach, ar an ionsaí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhain Luimnigh áit amach sa chluiche ceannais den chúigiú huair le sé bliana anuas nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ghaillimh le naoi bpointe i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna inné. Bhí an chuma ar an scéal théis 25 nóiméad den chluiche seo go raibh an-seans ag na Gaillimhigh seaimpíní na hÉireann le trí bliana anuas a chuir de dhroim seoil ach, mar atá déanta ag Luimneach i gcaitheamh an tséasúir seo, léirigh siad a gcumas nuair ba ghá. Bhí Gaillimh sé phointe chun tosaigh agus deich nóiméad fágtha sa chéad leath, 1-12 in aghaidh 1-6, ach, idir sin agus deireadh an chluiche, scóráil Luimneach 1-18 agus gan ach sé phointe ó Ghaillimh. Greadadh ceart.

Diarmuid Byrnes agus Darragh O’Donovan a thug ar ais sa choimhlint iad ag deireadh an chéad leath sin agus ní raibh ach pointe idir na foirne ag an mbriseadh, Gaillimh 1-13 in aghaidh 1-12 chun tosaigh. Scóráil Aaron Gillane a dara cúl do Luimneach théis 46 nóiméad chun iad a chur 2-16 in aghaidh 1-15 chun cinn agus cé go raibh beagnach 30 nóiméad fágtha sa choimhlint, bhí rás na Gaillimhe rite.

Bhí Brian Concannon agus Cathal Mannion, a fuair an-chúl sa chéad leath, go láidir san imirt nuair a bhí Gaillimh ag dul go maith ach is ar éigin go raibh radharc ar bith orthu sa dara leath agus gach duine i ngeansaí marúin plúchta ag sárfhoireann Luimnigh.  Bhí Gillane, a chríochnaigh le 2-5, Gearóid Hegarty, Peter Casey, Tom Morrissey, Cathal O’Neill agus Graeme Mulcahy i measc siúd a d’aimsigh scóranna sa 20 nóiméad deireanach agus súil chun cinn á caitheamh ag lucht leanúna Luimnigh iar an gcluiche ceannais i bhfad roimh dheireadh na himeartha.

Níos mó