Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
easaontas-idir-rte-agus-ryan-tubridy-faoi-shonrai-chonspoid-na-n-iocaiochtai

Easaontas idir RTÉ agus Ryan Tubridy faoi shonraí chonspóid na n-íocaíochtaí

| Tuairisc.ie | , ,

Chuir ionadaithe ó RTÉ go láidir i gcoinne gnéithe den fhianaise a thug Ryan Tubridy agus a ghníomhaire, Noel Kelly, faoi chonspóid na n-íocaíochtaí in RTÉ.

Ag cruinniú den Choiste um Chuntais Phoiblí ar maidin, dúirt ardstiúrthóir nua RTÉ Kevin Bakhurst nár ghlac sé leis gur insíodh seacht mbréag faoi Tubridy, mar a mhaígh an láithreoir ag an gcoiste céanna an tseachtain seo.

Dúirt Kevin Bakhurst nach raibh sé ag iarraidh cinneadh ró-phras a dhéanamh faoina a bhfuil i ndán do Ryan Tubridy mar chraoltóir in RTÉ.

Dúirt sé go raibh bunús le cuid den cháineadh a rinne Tubridy agus Noel Kelly ar RTÉ, ach bhí na difríochtaí idir cuntas Tubridy agus léamh RTÉ ar chúrsaí go mór sa treis ag cruinniú an lae inniu.

Dúirt RTÉ ag an gcruinniú go ndeachaigh Noel Kelly, gníomhaire Ryan Tubridy, sa tóir ar na híocaíochtaí conspóideacha €75,000 in ainneoin go raibh a fhios aige go raibh an socrú le Renault imithe in éag.

Dúirt Ryan Tubridy agus Noel Kelly Dé Máirt nach raibh aon tuairim acu gur RTÉ seachas Renault a bhí ag déanamh na n-íocaíochtaí.

Shéan leas-ardstiúrthóir gníomhach RTÉ, Adrian Lynch, gurb ionann ríomhphost a seoladh ó RTÉ chuig Kelly i mí Feabhra 2020 agus gealltanas conartha go ndéanfadh RTÉ na híocaíochtaí ó Renault a fhrithghealladh.

Dúirt Lynch nach raibh socrú críochnúil ann faoi fhrithghealladh na n-íocaíochtaí go dtí mí na Bealtaine nuair a thug an t-iar-ardstiúrthóir, Dee Forbes, gealltanas ó bhéal do Kelly ar chruinniú Zoom.

Dúradh i ríomhphost Breda O’Keefe i mí Feabhra 2020 go raibh “dul chun cinn maith” déanta “faoin gcuma a bheadh ar an socrú tráchtála” agus go bhféadfaí “litir thánaisteach a chur ar fáil duit chun an táille a fhrithghealladh do thréimhse an chonartha”.

Dúirt Breda O’Keefe agus ionadaithe eile ó RTÉ roimhe seo gur cuireadh go láidir i gcoinne an phlean na táillí a fhrithghealladh.

Mhaígh Ryan Tubridy agus a ghníomhaire go raibh an gealltanas faoi fhrithghealladh na n-íocaíochtaí ar eolas ag gach duine ar bhord feidhmiúcháin RTÉ, rud a shéan Adrian Lynch.

“Bhí eolas in RTÉ faoin iarratas, ach ní raibh a fhios ag gach duine faoin ngealltanas,” a dúirt leas-ardstiúrthóir RTÉ.

Dúirt sé chomh maith nach socrú neamhspleách a bhí sa mhargadh le Renault ach cuid lárnach den idirbheartaíocht faoi chonradh Ryan Tubridy.

“Bhí an moladh go ndéanfaí na híocaíochtaí a fhrithghealladh lárnach sna cainteanna conartha idir RTÉ agus an tUasal Tubridy. Creidimid gach mbeadh an conradh substainteach sínithe gan an socrú breise, ná an frithghealladh.”

Dúirt Adrian Lynch agus Stiúrthóir Gnóthaí Dlí RTÉ Paula Mullolly go bhfaca siad ríomhphost Breda O’Keefe in 2020.

Dúirt Lynch nár tharraing sé aird ar an gcaint faoi na táillí a fhrithghealladh mar gur chuid de phróiseas leanúnach idirbheartaíochta a bhí ann seachas socrú críochnúil.

Kevin Bakhurst

Dúirt ardstiúrthóir nua RTÉ Kevin Bakhurst go raibh conspóid na n-íocaíochtaí ar cheann de na heachtraí “ba náirí agus ba dhíobhálaí i stair na heagraíochta”.

Dúirt sé nár cheart do RTÉ a bheith ag socrú margaí tráchtála do chonraitheoirí agus go raibh na táillí á íoctar le conraitheoirí áirithe ró-ard.

“Cuireadh an dallamullóg ar an bpobal, mar a cuireadh oraibhse, ionadaithe poiblí. Níl sé sin inghlactha ar chor ar bith. Ba mhaith liom geallúint a thabhairt daoibh go bhfuil ceachtanna foghlamtha agus go bhfuil gníomh á dhéanamh.”

B’údar mór frustrachais i gcónaí na conspóidí éagsúla don phobal, do Bhord agus d’fhoireann RTÉ agus d’ionadaithe poiblí, a dúirt sé.

Dúirt Bakhurst gur cheart do RTÉ a bheith níos trédhearcaí ná mar a bhí agus gur chóir go mbeadh “caighdeán níos airde ó thaobh macántachta” ag baint leis na ráitis atá déanta go poiblí ag RTÉ. “.

“Tá rún daingean agam an t-athrú agus na leasuithe a chur i bhfeidhm a cabhróidh linn an tréimhse náireach seo a chur laistiar dínn agus muinín an phobail sa tseirbhís craoltóireachta phoiblí a fháil ar ais,” ar sé.

Dúirt Cathaoirleach RTÉ Siún Ní Raghallaigh go raibh Bakhurst ag tabhairt aghaidh ar na ceisteanna a bhí le freagairt ón am atá caite agus ar na teipeanna uafásacha a bhí tagtha chun solais.

Níos mó