Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘feile-bheag-den-scoth-i-feile-an-phrata-a-mhusclaionn-eiri-croi-ar-an-leithinis’

‘Féile bheag den scoth í Féile an Phráta a mhúsclaíonn éirí croí ar an leithinis’

Féile an Phráta. Cé eile a chuimhneodh ar a leithéid ach muintir na hÉireann. Muintir Chorca Dhuibhne ach go háirithe (#claonta). Tá sé ar siúl le breis is deich mbliana agus déarfainn go mbeidh anois as seo amach, de dheasca an mhéid daoine a chuireann isteach air gach bliain.

Bhí sé beag nuair a thosnaigh sé amach ar dtúis, ach a dtug daoine fé ndeara go bhféadfaidís aitheantas a fháil as na prátaí is deise i gCorca Dhuibhne a bheith acu. D’fhás sé ó pharóiste go paróiste agus síneann anois ó pharóiste Dhún Chaoin chomh fada le Lios Póil.

Tá na rialacha simplí. Pioctar dáta do gach aon pharóiste babhta áitiúil a bheith acu. Caitheann na hiomaitheoirí teacht chomh fada leis an mbabhta agus chúig cinn de phrátaí (a fásadh i bparóiste an bhabhta) beirithe nó galaithe acu fhéinig a thabhairt leo, gan aon im nó salann nó faic orthu. Caithfidh gur saghas amháin práta iad an cúig cinn acu ach is féidir aon saghas a roghnú. Pioctar moltóirí áitiúla (nó uaireanta pé duine a bhíonn sa tigh tábhairne ag an am mar a léifidh sibh níos déanaí) a bhlaisfidh na prátaí agus a líonfaidh foirm amach agus pé méid pointe as deich gcinn a thabhairt dos na prátaí i ngach aon chatagóir, bíodh ‘blas’, ‘uigeacht’, ‘cuma’ ó rud éigin eile i gceist. Tá sé ana-dháiríre, a deirim libh.

Chuir an phaindéim isteach ar an bhféile ansan gan dabht, agus caitheadh stop a chuir leis ar feadh dhá bhliain. Ina dhiaidh san, bhí daoine ag tuairimíocht nach mbeadh éileamh air ina dhiaidh, ach, by deaid, a mhalairt de scéal a bhí ann. Le linn na paindéime, ní raibh faic eile ar siúl ag daoine ach níos mó dá gcuid caithimh aimsire a fhorbairt. Gan dabht, in áit ar nós Chorca Dhuibhne agus talamh breá timpeall, dúirt daoine leothu féin go dtosnóidis ag cur prátaí. Mar sin, gan aon súil leis, bhí borradh mór ar uimhreacha na n-iomaitheoirí anuraidh. D’fhreastalaíosa ar chúpla oíche acu nuair a thosnaigh sé arís, i dTigh an tSaorsaigh agus iad ag caitheamh prátaí chugam chomh maith leis na moltóirí mar go ndúrt go raibh ocras orm, agus i dTigh Khruger agus mé ag triailt an rud ar fad a mhíniú do Mheiriceánaigh a raibh na súile ag titim amach as a gceann acu.

Pioctar an chéad áit, an tarna háit agus an tríú háit i ngach aon pharóiste, agus cuirtear an buaiteoir chun cinn le hiomaíocht ansan ag craobhchomórtas na féile a bhíonn ar siúl idir Thigh Bheaglaoich agus Thigh TP i mBaile na nGall. Bíonn ana-oíche ann agus duais bheag ar leith ar fáil do bhuaiteoir na féile, chomh maith leis an mbród agus an t-aitheantas gan dabht, a bheith ar an nduine leis na bprátaí is deise ar an leithinis.

Bhí na huimhreacha níos airde ná mar a bhí riamh i mbliana! Sé dhuine déag a bhí istigh ar an gcomórtas i dTigh an tSaorsaigh, agus mná deichniúr acu! Bhí na tithe tábhairne lán go barra mar go bhfuil scéal na craice scaipthe anois. Ní raibh aon duine istigh ar bhabhta an Daingin faraor, don tarna bliain i ndiaidh a chéile, mar sin bhí seachtar istigh ar an mbabhta ceannais: ó Dhún Chaoin, Bhaile an Fheirtéaraigh, Ceann Trá, ó cheantar Chill Chuáin, Lios Póil agus beirt ó Bhaile na nGall (babhtaí cois cnoic agus cois cósta).

Bhuaigh prátaí Lios Póil Risteard Mac Eoin an chéad áit i mbliana, an chéad uair ag prátaí an pharóiste san é a bhuachaint, prátaí Bhaile na nGall cois cnoic an tarna háit, agus prátaí Cheann Trá a tháinig sa tríú háit. Bhí dealbh beag don dtrí áit déanta ag John Sheehy dos na buaiteoirí agus seic an duine (n’fheadar cé mhéid lol). Bhí cleas ón bhFrainc ann ag taifead chomh maith agus bhí Risteard ana-shásta go mbeadh Féile an Phráta ar an dteilifís thall sa bhFrainc amach anseo!

Rud amháin a thugas fé ndeara i rith na féile, ná go mbuaigh prátaí Sasanacha na Banríona (British Queens) gach uile bhabhta ach ceann amháin. Anois, is maith liom prátaí ach nílim chomh scofa san chucu, má bhíonn siad uaim, téim isteach dtí Lidl agus ceannaím na prátaí nua a bhíonn istigh sa phaca beag. Na Roosters a bhíodh againn aige baile agus mar sin, níl aon chur amach agam ar na prátaí Sasanach. Tréis dóibh sé bhabhta as seacht gcinn a bhuachaint, is dóigh liom go mbeidh orm iad a bhlaiseadh.

Is féile bheag den scoth í Féile an Phráta a mhúsclaíonn éirí croí agus craic ar an leithinis. Bíonn sé ar siúl i rith an tsamhraidh gach aon bhliain, ní gá faic a dhéanamh ach an fhéile a leanúint ar Facebook chun na dátaí cearta a fháil, chomh maith le heolas na mbabhtaí. B’fhéidir go bhféadfadh sibh fanacht go dtí go mbeadh Féile an Phráta ar siúl an bhliain seo chugainn le teacht chomh fada le Corca Dhuibhne, ionas go mbeadh áit ar leith agaibh le himeacht istoíche agus rud le déanamh agaibh ina mbeadh craic agus spórt ann. Bheadh scéalta breátha agaibh ag teacht abhaile ar aon nós!

Níos mó