Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
gan-ach-ceann-as-gach-cuig-acht-oireachtais-foilsithe-i-ngaeilge

Gan ach ceann as gach cúig acht Oireachtais foilsithe i nGaeilge

Tá níos lú aistritheoirí i dTithe an Oireachtais ná mar a bhí cúig bliana ó shin nuair a dúirt an Ard-Chúirt go gcaithfí leaganacha Gaeilge a chur ar fáil de bhreis is 500 acht

Gan ach ceann as gach cúig acht Oireachtais foilsithe i nGaeilge

Níl foilsithe i nGaeilge go dtí seo ach 21% den 511 acht a ndúirt an Ard-Chúirt in 2019 go gcaithfí leaganacha Gaeilge díobh a chur ar fáil.

I mí Iúil 2019 a cuireadh tús le plean cúig bliana chun na hachtanna a foilsíodh i mBéarla amháin idir 1992 agus 2018 a chur ar fáil i nGaeilge.

An sprioc atá ann ná go mbeadh leaganacha Gaeilge de na hachtanna go léir foilsithe faoin 31 Iúil 2024, sprioc a dhealraíonn sé nach bhfuil aon seans go rachfar fiú gar di.

Dúradh san Ard-Chúirt in 2019 gur ghá breis is 500 acht a aistriú go Gaeilge agus cé go bhfuil sin déanta anois níl foilsithe ach ceann as gach cúig cinn acu.

Bhí sprioc eile ann go ndéanfaí líon na n-aistritheoirí atá ag obair i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a dhúbailt, ach is amhlaidh go bhfuil níos lú daoine ag obair sa rannóg anois ná mar a bhí in 2018.

39 aistritheoir a measadh a bhí ag teastáil chun an obair a dhéanamh ach 19.6 aistritheoir a bhí sa rannóg ag deireadh na bliana seo caite i gcomparáid le 21.7 duine in 2018.

Seo in ainneoin gur reáchtáladh 15 feachtas earcaíochta d’aistritheoirí ó 2018 i leith.

Deirtear i dtuarascáil bhliantúil Thithe an Oireachtais go bhfuil dúshlán mór ag baint le hearcú foirne toisc go bhfuil an Rannóg Aistriúcháin “in iomaíocht dhíreach” le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh d’aistritheoirí Gaeilge.

Deirtear sa Tuarascáil go bhfuil an fhadhb níos measa ó 2020 nuair a chinn an tAE go mbeadh rogha ag aistritheoirí Gaeilge an Aontais Eorpaigh a gcuid oibre a dhéanamh in Éirinn, sa Ghráinseach i gContae na Mí.

Chruthaigh an phaindéim Covid-19 dúshlán eile ó thaobh cúrsaí earcaíochta, a deirtear.

Ó tharla go bhfuarthas a laghad sin iarratais ar na folúntais d’aistritheoirí a reáchtáladh le tamall tá sé i gceist ag Tithe an Oireachtais na chéad chomórtais eile a eagrú iad féin seachas iad a fhágáil faoi tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí.

De réir figiúirí nua ó Thithe an Oireachtais, tá 42% de na hachtanna atá aistrithe anois ag céim na heagarthóireachta agus tá 37% díobh ag céim na profléitheoireachta.

Deir Tithe an Oireachtais gur tugadh tús áite le roinnt blianta anuas d’aistriú na n-achtanna a foilsíodh i mBéarla amháin idir 2014-2018. Tá leaganacha Gaeilge foilsithe de 44% de na hachtanna sin,

79% de na hachtanna a foilsíodh idir 2019-2022 atá aistrithe go Gaeilge agus tá leaganacha Gaeilge foilsithe i gcás 48% díobh.

Deirtear i dtuarascáil Thithe an Oireachtais go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh acu maidir lena bplean go mbeadh parlaimint dhátheangach ann.

Earcaíodh 12 duine atá dátheangach in 2022 agus bunaíodh grád nua, Aistritheoir Grád III.

Ullmhaíodh dréachtstraitéis d’earcú daoine dátheangacha agus tugadh faoi thaighde ar pharlaimintí dátheangacha eile. Bunaíodh dhá ghrúpa stiúrtha chun scagadh a dhéanamh ar conas cur le líon na Gaeilge a labhraítear san Oireachtas, grúpa don Seanad agus grúpa don Dáil.

Cuireadh bailchríoch chomh maith ar pholasaí nua ó thaobh an dátheangachas a chur chun cinn i réimse na teicneolaíochta i dTithe an Oireachtais agus mar shampla, beidh an Ghaeilge le feiceáil ar an gcomharthaíocht dhigiteach nua atá le feistiú i dTeach Laighean.

Níos mó