Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
irisleabhair-a-bhfuil-sceal-pobal-gaeltachta-le-30-bliain-iontu-le-fail-ar-line

Irisleabhair a bhfuil scéal pobal Gaeltachta le 30 bliain iontu le fáil ar líne

Coinníonn sí na gasúir socair. Múinteoir scoile a dúirt liom é. Bhí sé sa tóir ar shlám do sheanchóipeanna de leabhar Iorras Aithneach. Is cosúil go dtugtaí na leabhra bliantúla do na déagóirí ach a mbeadh lag trá oibre ann nó cruóg eile ar mhúinteoirí. Choinnídís na daltaí socair.

Bheadh daoine ann a d’abródh go raibh cuspóir níos iomláine ná sin ag baint le foilseachán Iorras Aithneach. Ach, ní dóigh go bhfaighfeá teistiméireacht níos fearr a chuirfeadh gliondar croí orm féin agus ar choiste leabhar Iorras Aithneach. Is beag rud a chuireann fuireadh san bhfuinnimh, agus san éirí in airde i gcroí déagóirí. Is cosúil go raibh leabhar Iorras Aithneach in ann é sin a dhéanamh – ar feadh tamaill, ar chuma ar bith.

Trí bliana déag agus fiche go ham seo a foilsíodh leabhar bliantúil Iorras Aithneach i dtosach, Iorras Aithneach 1990 a baisteadh air. Choinnigh sí an teideal sin ó shin ach gur athraigh na blianta. D’athraigh dhá cheann déag agus fiche acu.

Baineann an leabhar le ceantar Charna agus Chill Chiaráin in iarthar Ghaeltacht Chonamara. Ach, níl teorainn léi ag imeallacha an phobail sin; cuireann daoine i bpobail go leor i gConamara suim inti. Baineann imirceoirí as an gceantar solamar as an leabhar chomh fada ó bhaile leis an tSéalainn Nua. Tagann na scéalta ar ais.

Agus coinníonn sí na gasúir ciúin!

Ní móide go bhfuil scéal ar bith a thugann sásamh do choiste an leabhair ná é sin. Go gcoinneodh an foilseachán daoine óga ina dtost; go mbeidís leáite inti. Mar bhí sé d’aidhm i gcónaí ag an gcoiste go dtabharfaí aitheantas agus aird ar na daoine óga. Go mbeadh an leabhar ina hábhar cainte ag cabhantair sna tithe ósta i measc na ndaoine fásta, agus go mbeadh sí ina hábhar dea-chainte agus diabhlaíochta ar bhus an dioscó.

Go mbeadh sí ina leabhar pobail.

Tá an scéal cráite ar bun aríst go bhfuil an Ghaeilge ag dul chun deiridh sa nGaeltacht. Fágfaidh muid an scéal sin ag lucht a phléite. Ach b’fhacthas do choiste leabhar Iorras Aithneach i gcónaí go mbeadh sé ina bhuntáiste don Ghaeilge agus don chultúr dúchasach dá bhféadfaí an “leabhar” a chur isteach i lámha agus in intinn na ndaoine óga. Go brách na breithe ní bheidh cinnteacht ná foirfeacht sa saol ach ón tomhais atá againn ar an scéal go háitiúil, d’éirigh maith go leor leis an aidhm sin, go dtí seo.

Anois tá ré nua ann. Tá glúin blianta caite ó cuireadh amach leabhar Iorras Aithneach an chéad lá ariamh. Tá na heagráin bhliantúla curtha anois ar an ngréasán domhanda digiteach. Seolfar an tionscnamh sin an tseachtain seo.

An scéal atá le hinseacht an tseachtain seo, tá an t-olc agus an mhaith ag baint leis. An chuid is measa de ná go bhfuil tuairim 60% de laghdú ar an líon gasúr sna scoileanna in Iorras Aithneach; an scéal is brónaí ná gur leagadh síos go brách i reiligeacha an cheantair 700 duine i dtréimhse saoil an leabhair, ach tá scéalta maithe le tabhairt faoi deara freisin . Ní raibh Teach Altranais sa gceantar nuair a foilsíodh Iorras Aithneach i 1990. Ní raibh Ionad na Leanaí agus an crèche ann, ní raibh tithe sóisialta Comhairle Contae ann, ní raibh cógaslann ann, ní raibh Áras Shorcha Ní Ghuairim ann, Áras na hOllscoile, agus ní raibh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Dhiaspóra na Gaeltachta ann. Ní raibh an scéim soláthair uisce poiblí leath chomh hiomlán agus atá sé anois.

Dul chun cinn an-mhór.

San am céanna, tá scéal na fostaíochta go dona i gcónaí, beag beann ar chuile iarracht atá déanta le cúrsaí a fheabhsú. Tá práinn ag baint leis sin agus níl dabht ach go bhfuil an ghéarchéim sin ag luí ar an laghdú ar líon na ngasúr sna scoileanna.

Tá na hábhair seo uilig pléite agus cíortha i leabhar Iorras Aithneach ar feadh na mbliana; tá cuntas bliantúil inti ar an lagan ar na scoileanna.

Faoin tráth seo, tá údar imní acu i gceithre cinn as cúig cinn de na bunscoileanna sa bpobal; níl stopadh leis an meath cé go bhfuil splanc dóchais tugtha ag gasúir as an Úcráin i gcúpla áit.

Is maith an scéalaí í an aimsir.

Leantar ar aghaidh ag foilsiú leabhar bliantúil Iorras Aithneach agus tá obair tosaithe cheana féin ar eagrán na bliana 2023. Tá fáil ar na seanchinn anois faoin teideal Foras Feasa ar Iorras Aithneach 1990-2022.

Is é Seosamh Ó Cuaig atá ag seoladh na hiarrachta seo in Ionad na nImirceach agus Dhiaspóra na Gaeltachta an tseachtain seo. Cén chaoi a mbeidh an saol, an aimsir, an pobal agus céard a bheidh i leabhar Iorras Aithneach faoi cheann glúine eile?

Má choinníonn sí na gasúir socair, is maith a chruthóidh sí.

Níos mó