Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘is-aoibhinn-harrison-ford-a-fheiceail-ag-baint-taitnimh-as-a-chuid-oibre-aris’

‘Is aoibhinn Harrison Ford a fheiceáil ag baint taitnimh as a chuid oibre arís’

| Eoin O Dubhghaill | ,

Is cuimhin liom nuair a tháinig an ceathrú scannán sa tsraith Indiana Jones amach, Kingdom Of The Crystal Skull. Bhí mé ag freastal ar an meánscoil ag an am, agus ba duine dílis mé de lucht leanúna na scannán a tháinig amach sna hochtóidí, mar go mbíodh siad ar an teilifís chuile Nollaig. Tá cuimhní láidre agam ag breathnú ar na scannáin sin le mo chuid deartháireacha  Chuaigh mé ag breathnú ar Crystal Skull in 2008 agus an t-aon chuimhne láidir atá agam ón lá sin ná cé chomh sean is a bhreathnaigh Harrison Ford. Bhuel anois, tá muid ar fad cúig bliana déag níos sinne, Harrison Ford san áireamh, agus ag breathnú ar an Crystal Skull, sula ndeachaigh mé ag breathnú ar an ceann is déanaí, The Dial Of Destiny an tseachtain seo caite, sílim go raibh mé beagán ródhian ar Ford in 2008.

Ní hé sin le rá gur scannán maith é Kingdom Of The Crystal Skull ach is léir go raibh Harrison Ford é féin fós sách aclaí agus láidir go maith agus é ag léim agus ag troid,  Ach sa scannán is déanaí, agus go deimhin déarfainn an scannán deiridh sa tsraith, tá pointe mór déanta faoi aois Indiana Jones agus cé chomh craite is atá sé.

Leanann an scéal an Dochtúir Jones ag deireadh na seascaidí agus gan suim ag a chuid scoláirí sa stair níos mó, agus iad ag breathnú amach rompu agus an Spásrás. Is léir go bhfuil a shaol tite óna chéile agus é róshean le haon spaisteoireacht a dhéanamh níos mó, go dtí go gcasann sé le cara ón am atá caite Helena (Phoebe Waller-Bridges) agus socraíonn sé dul léi ar eachtra amháin eile.

Tá an chomparáid déanta agam cheana féin leis an gceathrú scannán, ach ó thaobh caighdeáin de ní féidir an chomparáid a dhéanamh. Is éasca a rá go bhfuil The Dial Of Destiny níos fearr ná scannán a dhéanann iarracht a chur in iúil dúinn go bhféadfadh gaol a bheith ag Shia LeBeouf le Harrison Ford. Ach mar sin féin, níl an scannán seo thar cionn ach an oiread. Ar an gcéad dul síos tá sé i bhfad rófhada, agus ó thaobh an scéil de, bhí sé róscaipthe le m’aird a choimeád ar feadh i bhfad. Agus cé go mbaineann an stiúrthóir James Mangold úsáid as fíorseiteanna den chuid is mó, aon áit ina bhfuil éifeachtaí speisialta tá siad sách lochtach.

Go deimhin, tá go leor déanta faoi na héifeachtaí speisialta sa scannán seo, agus iad théis Harrison Ford a dhéanamh níos óige le teicneolaíocht nua as an bpíosa, agus cé gur bhreathnaigh Ford sách réalaíoch, bhí rud éigin faoin íomhá dó agus é ina chuid daichidí nár luí ceart i mo cheann. Ach mar sin féin, bhí sé go deas domsa mar dhuine de lucht leanúna Indiana Jones, an carachtar a fheiceáil i mbarr a mhaitheasa (mar ó Dhia).

Ach an uair is mó a bhain mise taitneamh as an scannán seo ná nuair a d’fheicfeá Indiana Jones ag streachailt lena aois agus an pháirt atá aige sa domhan seo. Is aoibhinn liom na sean cannáin, Raiders Of The Lost Ark agus The Last Crusade ach go háirithe, agus is a bhuíochas le mealltacht agus cumas Harrison Ford é sin. Caithfear a rá go bhfuil sé iontach sa scannán seo chomh maith. Is aoibhinn liom Ford a fheiceáil ag baint taitnimh as a chuid oibre arís, anseo agus i dtograí eile ar nós Shrinking agus Blade Runner 2049. Tá sé barúil go nádúrtha, agus tá cúpla radharc anseo agus é ag labhairt faoina daoine atá caillte aige, agus bhris siad mo chroí.

Rud mór a chuir na seanscannáin i gcuimhne dom freisin ná an ceol. Déarfainn gurb é seo an scannán deiridh a dhéanfaidh John Williams agus é nócha bliain d’aois, agus tá an ceol thar barr anseo, déanann sé difríocht mhór. Chomh maith leis na seantéamaí, tá píosaí ceoil anseo a bhog mo chroí cé nach raibh suim agam sa scéal ag an am.

Mar sin cá seasann The Dial Of Destiny i measc na scannán eile i sraith Indiana Jones? Bhuel cinnte tá sé níos fearr ná Kingdom Of The Crystal Skull ach fós féin, níl sé leath chomh maith le haon chuid de na seanscannáin, agus dóibh siúd ag iarraidh críoch cheart a fheiceáil le scéal Indy.

Níos mó