Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘is-i-an-riail-fein-an-fhadhb,-ni-an-t-imreoir-a-leanann-i’

‘Is í an riail féin an fhadhb, ní an t-imreoir a leanann í’

| jeff neville | ,

Thosaigh Jean Kleyn sa dara ró don Afraic Theas sa chluiche in aghaidh na hAstráile ag an deireadh seachtaine. Tá Kleyn ag imirt leis an Mumhain ó 2016 (bhuaigh sé an comórtas URC leo i mbliana), nuair a bhog sé go hÉirinn ó Cape Town, áit a mbíodh sé ag imirt leis na Stormers sular bhog sé. Bhí cead aige scaradh leo luath agus chuir siad deireadh lena chonradh le Western Province de chomhthoil.

Dhá bhliain níos déanaí, ainmníodh é d’Imreoir na Bliana don chúige, agus shínigh sé conradh forleathnúcháin leo ar feadh trí bliana eile freisin. Sular tháinig sé go hÉirinn, níor imir sé ach cluiche amháin do na Stormers ina shéasúr deireadh leo. Is léir go raibh sé ag baint taitnimh as a bheith ag imirt leis Mumhain agus buíoch as an seans a fuair sé leo.

Bhí Kleyn macánta i gcónaí maidir le rugbaí a imirt do Chúige Mumhan. Teastaíonn uaidh go n-éireoidh leis an bhfoireann agus déanann sé a dhícheall ar a son gach seachtain. Is féidir é seo a fheiceáil tríd an líon nóiméad a d’imir sé do Chúige Mumhan le roinnt séasúr anuas: d’imir sé 25 cluiche don chúige i mbliana amháin.

Toisc go raibh cónaí ar Kleyn in Éirinn agus gur imir sé rugbaí ar an oileán ar feadh trí bliana, bhí sé in ann imirt d’Éirinn. Thosaigh sé trí chluiche d’Éirinn i gCraobh na Sé Náisiún 2019/2020 agus roghnaíodh é ar fhoireann na hÉireann do Chorn an Domhain Rugbaí an bhliain chéanna freisin. Dúradh sna ceannlínte timpeall an ama gur roghnaíodh é in ionad Toner, seachas chun tosaigh ar Toner, ach ó tharla nár rugadh Kleyn in Éirinn, bheifí as súil leis na ceannlínte sin i gcónaí i bhfoilseacháin áirithe. Nílim ag rá go bhfuil sé ceart gur scríobhadh iad. Níl le rá agam ach go bhfuil iriseoirí áirithe ann a bhí i gcónaí chun a gcuid smaointe seineafóbacha a fhoilsiú. D’imir Kleyn dhá chluiche sa chomórtas domhanda sin agus níor imir sé d’Éirinn ó shin.

Tá na rialacha maidir le rugbaí idirnáisiúnta a imirt athraithe ó shin. Roimhe seo, dá mba rud é gur imir tú rugbaí idirnáisiúnta do thír amháin ní fhéadfá imirt do thír eile choíche. Simplí go maith. Ach anois, mura bhfuil rugbaí idirnáisiúnta imeartha agat le trí bliana, is féidir leat imirt do thír do bhreithe (nó tír do thuismitheora nó seantuismitheora). Ba é an smaoineamh ná foirne níos laige a neartú trí ligean d’imreoirí nár imir dóibh roimhe seo imirt dóibh anois. Ach ciallaíonn iarmhairtí an athraithe rialach seo gur féidir le himreoirí imirt d’fhoirne níos láidre má cheadaíonn an riail dóibh (agus má roghnaítear iad).

Sin an fáth ar imir Kleyn don Afraic Theas i gcoinne na hAstráile an deireadh seachtaine seo caite in ainneoin gur imir sé ar son na hÉireann in 2019. Ach is é an rud is tábhachtaí le cuimhneamh air anseo, áfach, gur cuma cén chaoi a mothaíonn tú faoin dlí, níor scríobh Kleyn é.

Tá dlíthe an rugbaí ag athrú an t-am ar fad. Smaoinigh ar an 50:22. Cabhraíonn sé le foirne a bhfuil ciceálaithe níos fearr acu agus le foirne a bhfuil imreoirí lár páirce acu atá in ann ciceáil lena gcos chlé. Níor scríobh na himreoirí sin an dlí. Smaoinigh nuair a thimpeallaigh an Iodáil ruc Shasana in 2017 don chluiche ar fad. Seans nár thaitin sé leat (bhain mé taitneamh as go pearsanta mar is maith liom nuair a thaispeánann imreoirí a dtuiscint ar na dlíthe agus nuair a n-úsáideann siad na dlíthe dá leas féin) ach níor scríobh siad an dlí sin ach an oiread.

Bainfidh imreoirí úsáid as a gcuid eolais ar na dlíthe chun buntáiste a fháil i gcónaí. Is fíric é. Agus nuair a bhíonn deis ag imreoir rugbaí idirnáisiúnta a imirt, glacfaidh an t-imreoir an deis sin. Is gairm an-ghearr í agus ba cheart d’imreoirí leas a bhaint as an ngairm bheatha ar fad agus is féidir leo. Mar sin, nuair a leanann imreoir na rialacha agus nuair a éiríonn sé/sí incháilithe chun imirt don tír inar rugadh é (nó inar rugadh tuismitheoir nó seanthuismitheoir), in ainneoin gur imir sé do thír eile cheana féin, is í an riail í féin an fhadhb, ní an t-imreoir a leanann í.

Níos mó