Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ni-thuigim-e’-–-dioma-leirithe-faoi-‘easpa-poibliochta’-do-chraoladh-gaeilge-ar-chluiche-ceannais-na-heireann

‘Ní thuigim é’ – díomá léirithe faoi ‘easpa poiblíochta’ do chraoladh Gaeilge ar chluiche ceannais na hÉireann

Thuill an clár, a chuir Evanne Ní Chuilinn i láthair, moladh ón lucht féachana ach deir John Allen, a bhí i mbun anailíse ar ‘Sunday Game Beo’, gur údar díomá dó a laghad poiblíochta a rinne RTÉ ar an chraoladh stairiúil

‘Ní thuigim é’ – díomá léirithe faoi ‘easpa poiblíochta’ do chraoladh Gaeilge ar chluiche ceannais na hÉireann

Tá cáineadh déanta ar RTÉ ag duine de na daoine a bhí páirteach sa chéad chraoladh iomlán i nGaeilge ar chluiche ceannais sinsir na hÉireann mar gheall ar a laghad poiblíochta a deineadh ar an mbeochraoladh stairiúil.

Ar Sunday Game Beo, a craoladh ar RTÉ News Dé Domhnaigh seo caite, rinneadh anailís agus tráchtaireacht i nGaeilge ar chluiche ceannais iomána na hÉireann idir Luimneach agus Cill Chainnigh, an chéad uair gur chuir RTÉ a leithéid ar fáil.

Thuill an clár, a chuir Evanne Ní Chuilinn i láthair, moladh ón lucht féachana ach deir an t-iarimreoir agus iarbhainisteoir John Allen, a bhí i mbun anailíse ar Sunday Game Beo, gur údar díomá dó a laghad poiblíochta a rinne RTÉ ar an chraoladh stairiúil.

Ina cholún do Tuairisc, a fhoilseofar amárach, deir Allen go raibh sé “thar am” ag RTÉ craoladh iomlán i nGaeilge a dhéanamh ach nach dtuigeann sé cén fáth nach ndearnadh iarracht níos mó chun an scéal a scaipeadh.

“Chualas gur bhain roinnt daoine a léann Tuairisc taitneamh as an gclár ach, taobh amuigh den scéal a foilsíodh ar an suíomh seo agus giolcacha a chuir an láithreoir Evanne Ní Chuilinn amach ar a cuntas Twitter féin, ní fhaca mé go ndearnadh aon fhógraíocht in aon chor ar chéad chraoladh an chláir seo,” arsa Allen ina cholún.

“D’fhéach mé fhéin ar na cluichí ceannais camógaíochta a craoladh ar RTÉ tráthnóna Dé Sathairn seo caite agus cé gur luadh go mbeadh cluiche ceannais na bhfear ann an lá dár gcionn agus go mbeadh sé le feiceáil ar The Sunday Game Live, níor chualathas tada faoin gcraoladh Gaeilge. Ní thuigim in aon chor cén fáth gur bheartaigh RTÉ an clár nua seo a chur amach agus ansin gan aon fhógraíocht a dhéanamh air.”

Dúirt urlabhraí de chuid RTÉ gur “ábhar bróid” a bhí ann don chraoltóir an craoladh stairiúil a dhéanamh ar chluiche ceannais na hÉireann agus go ndearnadh an clár a fhógairt ar ardáin RTÉ.

Cuireadh scéal i nGaeilge faoin gcraoladh ar shuíomh RTÉ maidin Dé hAoine agus cuireadh preasráiteas chuig na meáin an tráthnóna sin.

Tugadh le fios i rith na seachtaine go raibh meánlucht féachana 830,000 ag The Sunday Game Live ar RTÉ2 don chluiche ceannais.

Deir RTÉ nach bhfuil figiúirí féachana ar fáil do Sunday Game Beo toisc nach ndéantar na figiúirí a thomhas do RTÉ News mar nach cainéal tráchtála atá ann.

Cé go dtagraítear sa phreasráiteas a d’fhoilsigh RTÉ faoi na figiúirí féachana don chlúdach a bheidh ag The Sunday Game Live ar chluiche ceannais peile na hÉireann Dé Domhnaigh beag seo, ní dhearnadh aon tagairt don chraoladh Gaeilge a bheidh ann.

Craolfar clár eile den Sunday Game Beo óna 2:55in tráthnóna Dé Domhnaigh don chluiche idir Áth Cliath agus Ciarraí.

Is é iarimreoir na Gaeltachta agus Chiarraí, Marc Ó Sé, agus iarimreoir an Chláir Gary Brennan, a bheidh i mbun na hanailíse ar an gcluiche. Evanne Ní Chuilinn a bheidh ag cur an chláir seo i láthair freisin agus beidh Garry Mac Donncha agus Dara Ó Cinnéide i mbun na tráchtaireachta.

Beidh rogha na tráchtaireachta Gaeilge ar fáil freisin ar Sky, Virgin agus Saorview.

Níos mó