Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
siurmo:-iomha-fhileata-de-shaol-coireachta-marseille

Siúrmó: Íomhá fhileata de shaol coireachta Marseille

| Maitiu O Coimin | ,

Luaigh Hannah Ní Chonghaile ina halt faoi na leabhra ba mhaith léi a léamh an samhradh seo go dtaitníonn sé léi a bheith ag léamh úrscéalta faoi dhúnmharuithe in áiteacha a bhfuil sí ar saoire ann. Is é sin an rud a rinne mé féin an tseachtain seo agus mé ag leá faoi theas mór dheisceart na Fraince agus Siúrmó [Chourmo] le Jean-Claude Izzo (ais. Bernadette Nic an tSaoir) á léamh agam.

Is é Siúrmó an dara leabhar i sraith dar teideal Tríológ Marseille, cé nach bhfuil ach dhá leabhar ar fáil i nGaeilge faoi láthair. Níl Kíor Thuathail léite agam fós, cé go bhfuil sé agam áit éigin sa teach, ach ní gá an chéad leabhar a léamh le taitneamh a bhaint as an dara heachtra seo – cé go mb’fhéidir go gcabhródh sé liom cuid de charachtar Fabio Montale a thuiscint níos fearr.

Is é Montale príomhcharachtar na tríolóige, póilín atá éirithe as faoi thús scéal Siúrmó, agus é ar a sháimhín só ina chathair dhúchais – Marseille. Mar sin féin, ní féidir leis an mbleachtaire éalú ó shaol suarach na cathrach agus ní fada go dtarraingítear isteach sa duibheagán arís é nuair a dhúnmharaítear gaol leis.

Portráid ilghnéitheach de Marseille ag deireadh an chéid seo caite atá sa leabhar seo, an chathair inar fhás an t-údar féin aníos. Castar orainn coirpigh agus daoine gránna den uile chineál agus muid ag leanacht Montale trí chúlsráideanna dorcha na cathrach – idir phóilíní cama, lucht Mafia, antoiscigh chreidimh, phéidearastaigh, chiníochaithe agus eile.

Tá scil ar leith ag Izzo íomhá iomlán uileghabhálach den chathair a chruthú lena chuid focal – cloistear na fuaimeanna agus blaistear na bolaithe atá timpeall ar Montale agus é ar a dhícheall teacht suas le dúnmharfóirí an scéil. Níor leag mé cois i Marseille riamh ach chuir mé an-eolas ar an gcathair stairiúil trí scríbhneoireacht Izzo.

Tráchtaireacht shóisialta ar fhadhbanna Marseille (agus na Fraince trí chéile) is dóigh atá sa leabhar seo i ndáiríre, cé go bhfuil craiceann scéinséara curtha ag an údar uirthi. Cé gur scríobhadh an bunleagan Fraincise in 1995 tá go leor de théamaí an leabhair fós ábhartha beagnach 30 bliain níos deireanaí agus is féidir le léitheoir an lae inniu tuiscint a fháil uaidh ar chuid de na fadhbanna móra sóisialta atá ag réabadh na Fraince i láthair na huaire.

D’fhéadfaí a rá go bhfuil príomhscéal an leabhair féin róchasta agus gur ar éigean is féidir é a chreistint in amanna ach tá an scríbhneoireacht chomh maith sin gur furasta an méid sin a mhaitheamh.

Tá Gaeilge bhreá curtha ag Bernadette Nic an tSaoir ar Fhraincis Izzo agus thaitin sé liom gur i nGaelainn dheisceart na tíre seo a labhair muintir dheisceart na Fraince – meastú an mbeadh tuin Thír Chonaill ar charachtar a thiocfadh aduaidh as an Normainn?

Tá inseacht an scéil féin sách mall i gcomparáid le scéinséirí eile ach ó tharla go bhfuil an cur síos a dhéantar ar áiteacha agus ar dhaoine chomh fileata sin, coinnítear greim ar spéis an léitheora. Leabhar an-mhaith a bhí ann le léamh ar bhruach na linne snámha.

Tá Siúrmó le fáil ar leabharbreac.com agus i siopaí leabhar.

Níos mó