Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
spiorad-laidir-leirithe-ag-na-mna-i-bperth

Spiorad láidir léirithe ag na mná i bPerth

| arlene ni chonbhui | ,

Tá Arlene Ní Chonbhuí san Astráil agus í ag leanúint fhoireann sacair na hÉireann ag Corn Domhanda Shacar na mBan an mhí seo. Beidh tuairiscí rialta á scríobh aici do NÓS faoi eachtraí agus éachtaí mhná na hÉireann.

Thaisteal foireann na hÉireann go Perth Dé Domhnaigh seo caite don chluiche mór in aghaidh Cheanada an lá inné. Bhí an dóchas le mothú anseo sna laethanta roimh an gcoimhlint ach ní raibh an bua i ndán do na mná ar deireadh.

Bhí an t-atmaisféar dochreidte i Staid an Rectangular nuair a fuair Katie McCabe cúl draíochtúil tar éis ceithre nóiméad den chéad leath. Thug an cúl ardú meanman don fhoireann ar fad, agus dúinne mar lucht leanúna chomh maith.

Roimh dheireadh na chéad leithe, áfach, d’éirigh le Ceanada na foirne a chur ar comhscór, agus thiontaigh an aimsir lena chois. Bhí sé go hannis. Le linn an tsamhraidh in Perth is féidir leis an teocht ardú thar 40 céim ach 11 chéim a bhí ann aréir i Staid an Rectangular, agus muid go léir fliuch go craiceann.

Sa dara leath, tháinig cúl an bhua ó na Ceanadaigh ach níor éirigh cailíní na hÉireann as an iarracht. Bhí an-imirt acu in amanna mar aon le cúpla deis iontach ag McCabe – ní haon ionadh é gur bronnadh imreoir an chluiche uirthi ag deireadh na hoíche. “Dá mbeinn féin ag imirt ina héadan, bheadh eagla orm,” a dúirt láithreoir ó Optus Sport na hAstráile faoin laoch.

Tá an cluiche thart – agus tá deireadh anois le seansanna na tíre dul ar aghaidh chuig an gcéad bhabhta eile – ach tá neart Éireannach i bPerth i gcónaí. Braithimid ar fad sa bhaile anseo faoi láthair toisc go bhfuil aimsir na hÉireann ann – an ghrian ag taitneamh nóiméad amháin agus an bháisteach ina dhiaidh.

Tá go leor le déanamh ann in ainneoin na doininne. Is cathair iargúlta í atá suite ar chósta iarthar na hAstráile, agus tá an dúlra mórthimpeall air. I measc na mbuaiceanna áitiúla tá Oileán Rottnest – oileán álainn ar a bhfuil tránna lán le gaineamh bán agus é faoi chosaint mar gheall ar an bhflóra agus ar an bhfána a chónaíonn ann. Is é an t-oileán seo an t-aon áit ar domhan a chónaíonn an quokka – marsúipiach beag a thagann chugat de ruathar ar nós faoileáin na hÉireann má thosaíonn tú ag ithe bia gar dóibh!

Ach is ar Brisbane atá ár n-aghaidh anois don chluiche deireanach i gcoinne na Nigéire Dé Luain, áit a mbeimid faoin ngrian mhór arís.

Leanaigí ar aghaidh a chailíní, beimid libh an bealach ar fad!

Níos mó