Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ta-suil-agam-go-leanfar-leis’-–-craoladh-iomlan-i-ngaeilge-le-deanamh-ar-chluiche-ceannais-na-heireann

‘Tá súil agam go leanfar leis’ – craoladh iomlán i nGaeilge le déanamh ar chluiche ceannais na hÉireann

Cé go bhfuil RTÉ ag cur tráchtaireacht i nGaeilge ar chluiche ceannais na hÉireann ó 2015, bainfear céim eile amach an deireadh seachtaine seo agus craoladh iomlán beo i nGaeilge le déanamh ar an gcluiche mór iomána idir Cill Chainnigh agus Luimneach.

Chomh maith le tráchtaireacht ar an gcluiche ceannais ó Garry Mac Donncha agus Pat Fleury, beidh plé agus anailís trí Ghaeilge ar an gcoimhlint roimh ré, ag leath ama agus ina dhiaidh, an chéad uair riamh go mbeidh a leithéid á chur ar fáil ag RTÉ.

Is í an láithreoir spóirt aitheanta, Evanne Ní Chuilinn, a bheidh ag cur Sunday Game Beo i láthair ag an deireadh seachtaine agus deir sí gur mór an onóir di an chéad chraoladh dá leithéid a chur i láthair.

“Is mór an onóir domsa é ach is mór an ócáid í freisin mar níl sé déanta cheana. Beidh an craoladh Béarla ann ag an am céanna agus seo rogha atá á tabhairt ag RTÉ don phobal Gaelach agus don phobal a bhfuil suim acu sa teanga agus i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael,” arsa Ní Chuilinn le Tuairisc.

“Go pearsanta, bhí sé i gcónaí an-tábhachtach domsa go mbeadh mé in ann deiseanna a fháil mo chuid Gaeilge a úsáid agus craoladh trí Ghaeilge nuair gur féidir. Tá roinnt mhaith oibre déanta agam leis na blianta le TG4 ach ní raibh an deis agam riamh clár beo iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge le RTÉ.”

John Allen, a bhuaigh Craobh na hÉireann mar imreoir agus mar bhainisteoir le Corcaigh agus atá ina cholúnaí le Tuairisc, agus imreoir an Chláir, Paul Flanagan a bheidh i mbun na hanailíse le Ní Chuilinn ar an gclár atá le craoladh gan fógraí ar an gcainéal RTÉ News agus ar an RTÉ Player.

Deir Ní Chuilinn go bhfuil súil aici nach bhfuil anseo ach tús agus go gcoinneoidh RTÉ ag craoladh na gcluichí ceannais i nGaeilge.

“Tá mé ag súil go mór leis agus tá súil agam go leanfar leis sna blianta atá amach romhainn. Is rud iontach don teanga é. Ar leibhéal amháin, tá sé deacair creidiúint gur thóg sé an oiread sin ama é seo a dhéanamh den chéad uair mar tá na háiseanna ann, tá an tsuim ann, tá na daoine ann agus tá an díograis ann freisin.”

Bhíodh gean ag an bpobal ar an tráchtaireacht i nGaeilge a dhéanadh Micheál Ó Sé agus Micheál Ó Muircheartaigh roimhe seo ar chluichí ceannais mionúir na hÉireann ar RTÉ ach tá na cluichí ceannais sin bogtha amach ó Pháirc an Chrócaigh agus deir Ní Chuilinn nach mbíonn an Ghaeilge chomh feiceálach laethanta chluichí ceannais na sinsear.

“Tá nasc ollmhór idir an cultúr agus an teanga, agus idir an teanga agus Cumann Lúthchleas Gael. Sin rud a bhíonn mé i gcónaí ag iarraidh a chur in iúl do dhaoine. Tá leabhar á scríobh agam faoi láthair agus tá cur síos déanta agam ar an nasc sin idir an teanga agus na cluichí.”

Lá mór a bheidh ann do Ní Chuilinn ar an Domhnach, ní hamháin go mbeidh sí ag cur an chéad chraoladh iomlán i nGaeilge i láthair ach beidh a contae dúchais, Cill Chainnigh, ag dul chun páirce sa chluiche ceannais agus na Cait ag iarraidh Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo den chéad uair ó 2015.

Glacann sí leis go mbeidh sé deacair an ceann is fearr a fháil ar shárfhoireann Luimnigh ach ní gan dóchas atá lucht tacaíochta Chill Chainnigh agus iad ag fáil réidh le haghaidh a thabhairt ar Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh.

“Is iad Luimneach rogha na coitiantachta ach tá a fhios agam ó bheith ag labhairt le daoine sa bhaile go bhfuil muinín ann, muinín nach raibh ann le cúig bliana nó mar sin,” arsa Ní Chuilinn.

“Bheadh sé iontach dá mbeadh muid in ann stop a chur leis na ceithre chraobh as a chéile agus nach mbeadh Luimneach in ann cúig chraobh as a chéile a bhuachan an bhliain seo chugainn agus dul céim eile níos faide ná sinne!

“Is dóigh liom gur cluiche iontach a bheidh ann. Beidh sé iomaíoch. Ní bheidh sé thart ag leath ama agus ní dóigh liom go mbeidh sé thart mar choimhlint go dtí go séidfear an fheadóg dheireanach.”

Craolfar Sunday Game Beo óna 2:55in tráthnóna Dé Domhnaigh. Beidh rogha na tráchtaireachta Gaeilge ar fáil freisin ar Sky, Virgin agus Saorview.

Níos mó