Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
caidrimh-phearsanta-agus-mor-imeachtai-staire-fite-fuaite-ina-cheile-in-‘beal-na-peiste’

Caidrimh phearsanta agus mór-imeachtaí staire fite fuaite ina chéile in ‘Béal na Péiste’

| Maitiu O Coimin | ,

I mbliana tá seacht leabhar san iomaíocht do Ghradam Uí Shúilleabháin – an gradam foilsitheoireachta do leabhar na bliana – agus déanfar léirmheas orthu ar fad anseo sna seachtainí beaga amach romhainn. Is é ‘Béal na Péiste’, an chéad úrscéal le Fionntán de Brún, an chéad léirmheas sa tsraith.


 

Bhí réimeas na Naitsithe ar cheann de na péisteanna ba nimhní a tháinig amach as pluais an oilc le linn an 20ú hAois, agus ba as ‘Béal na Péiste’ sin a tháinig príomhcharachtar an úrscéil uaillmhianaigh seo nuair a léim sé as eitleán os cionn Chontae an Dúin in 1942.

Sníomhtar dhá scéal dhifriúla, ar bhealach, le chéile sa saothar buach seo le Fionntán de Brún ach ní scéalta staire iad mar a bheifí ag súil leis ach scéalta pearsanta. Is é Réamann Prút a nascann an dá scéal le chéile óir is leis iad – scéal a bheatha mar fhear óg i mBeirlín na Naitsithe agus scéal a bheatha mar fhear aosta i mBéal Feirste na dTrioblóidí.

Tugtar ar thuras tríd an am agus trí intinn Réamainn muid agus é ag castáil le pearsana móra stairiúla – Francis Stuart, a d’oibrigh ar stáisiún raidió na Naitsithe; Phyllis James, Naitsíoch Sasanach a dtugadh Róisín Ní Mheara uirthi féin agus ar ghlac féiniúlacht Éireannach chuici féin; William Joyce, nó Lord Haw-Haw mar ab fhearr aithne air; agus fiú Frank Ryan an IRA. Castar cliar mhór carachtar eile orainn freisin nach bhfuil bunaithe go díreach ar phearsana ón stair ach atá an-láidir mar sin féin.

Is iad na carachtair seo, caidreamh Réamainn leo, agus an tionchar a bhíonn ag na caidrimh sin ar shaol Réamainn croí an scéil. B’éasca, is dóigh, ‘úrscéal stairiúil’ a scríobh bunaithe ar an dá thréimhse atá faoi chaibidil sa leabhar. Ach tá na scéalta sin ar eolas againne léitheoirí cheana féin. Tá cur chuige de Brún i bhfad Éireann níos fearr ó tugtar isteach muid i saol an ghnáthdhuine i mBeirlín an 1940idí – an gnáthshaol mar a bhí sé don tromlach agus uafáis an Reich á n-imirt ar an mionlach.

An rud is fearr faoin gcur chuige seo ná go bhfágann sé nach gá don léitheoir spéis a bheith aige i stair na hEorpa ná eolas a bheith aige ar ar thit amach sa nGearmáin ná in Éirinn sna tréimhsí sin. Thaitin na tagairtí do phearsana agus d’imeachtaí na staire liomsa, mar cuirim féin spéis iontu, ach tá scéal na ndaoine chomh maith sin sa leabhar gur chuma cén áit a lonnófaí é.

Carachtar casta is ea Réamann – agus go leor carachtair eile sa scéal – agus is deacair a rá cé acu an dtaitníonn nó nach dtaitníonn sé leis an léitheoir. Is léir go gceapann sé féin gur iománaí ar an gclaí atá ann, ach is é an tUileloisceadh an cluiche a bhfuil sé ag breathnú air. Ceistíonn carachtar ar leith an dearcadh atá aige agus tá tionchar an cheistiúcháin seo le brath i meon Réamainn sa gcuid eile den scéal – suas chomh fada le himeachtaí Bhéal Feirste in 1988.

Ropann an scéal ar aghaidh go han-sciobtha agus sútar an léitheoir isteach ann, cé go raibh beagán mearbhaill orm ó am go chéile agus muid dár dtabhairt ó Pháras go Beirlín go hArd Ghlais go Baile Átha Cliath taobh istigh de chúpla leathanach.

Scríbhneoir an-chumasach is ea Fionntán de Brún agus tá iontas orm gurb é seo an chéad úrscéal óna láimh. Ghnóthaigh an saothar an duais mhór sa gcomórtas liteartha ag an Oireachtas anuraidh agus ní bheadh iontas orm dá dtabharfadh sé leis an duais mhór sa gcomórtas foilsitheoireachta i mbliana lena chois.

Níos mó