Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘siochain-san-ucrain’-–-amhran-nua-le-gabriel-rosenstock-agus-enda-reilly

‘Síocháin san Úcráin’ – amhrán nua le Gabriel Rosenstock agus Enda Reilly

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá amhrán nua ar son na síochána san Úcráin eisithe ag an scríbhneoir clúiteach Gabriel Rosenstock agus ag an gceoltóir Duibhlinneach Enda Reilly.

‘Síocháin san Úcráin’ is teideal don traic ina n-éilítear ar gach duine suí síos le chéile chun deireadh a chur leis an gcoimhlint seachas leanúint den chogaíocht mharfach.

Is é Gabriel a chum focail an amhráin agus Enda a chuir ceol leo ar an ngiotár.

“Tá dualgas ar scríbhneoirí agus ar chumadóirí amhrán an tsíocháin a chur chun cinn, comhchainteanna a mholadh, triail a bhaint as bealach na taidhleoireachta,” arsa Gabriel.

“Sa ré núicléach, níl aon bhealach eile ann mar d’fhéadfadh cogadh an cine daonna ar fad a chur i mbaol.”

Tá an tsíocháin ina gné lárnach de shaothar Gabriel le blianta fada agus chuaigh síochánaithe ar nós Joan Baez i bhfeidhm air agus é ag teacht in inmhe.

Is iomaí amhrán frithchogaíochta a d’aistrigh sé i gcaitheamh na mblianta agus tá leabhar tarraingteach faoi Mahatma Gandhi scríofa aige lena chois.

Is léir do Gabriel gur sa tóir ar scéalta cogaíochta a bhíonn na mórmheáin, rud a chuireann leis an márú agus leis an scrios.

“Scríobhas ‘Síocháin san Úcráin’ mar mheasas go raibh nuachtáin ar nós The Irish Times ag cur NATO chun cinn,” ar seisean.

“Ní nuacht í an tsíocháin, dar leo.”

Is i Stáit Aontaithe Mheiriceá atá Enda ag cur faoi le tamall agus dúirt sé go raibh sé fágtha sioctha ag drochscéala an chogaidh.

“Mar sin de nuair a sheol Gabriel na liricí chugam bhí saghas drogaill orm dul i ngleic leo ar dtús,” ar seisean.

“Ach, mar a tharlaíonn go minic, sula i bhfad bhí an giotár i mo lámha agam agus mé ag déanamh mo mharana ar na focail, féachaint cé na cordaí agus an fonn a chuirfinn leo.”

Ráiteas láidir ar son na síochána atá sa toradh ar an gcomhoibriú seo idir an bheirt, ráiteas ar cheart do gach duine atá bainteach leis an gcogaíocht, san Úcráin agus ar fud na cruinne, aird ghéar a thabhairt air.

Níos mó