Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ainmniuchan-do-na-galas-faighte-ag-tri-ghrupa-gaeilge

Ainmniúchán do na GALAS faighte ag trí ghrúpa Gaeilge

| sean o dubhchon | ,

Dea-nuacht ann a bhí ann do na Gaeil nuair a fógraíodh na hainmniúcháin do na GALAS (Gradaim LADTIA+ na hÉireann) cúpla lá ó shin.

Tá trí ainmniúchán faighte ag grúpaí Gaeilge mar sin de is féidir a bheith ag súil le hionadaíocht mhaith ó phobal na teanga ag bronnadh na ngradam an 7 Deireadh Fómhair i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath.

Bród na Gaeltachta, Aerach Aiteach Gaelach agus Na Gaeil Aeracha na grúpaí atá ainmnithe sna rannóga seo faoi seach: ‘Imeacht na Bliana’, ‘Na hEalaíona agus an tSiamsaíocht’ agus ‘Eagraíocht Phobalbhunaithe ag a bhfuil Foireann Dheonach’.

Bród na Gaeltachta

Cuireadh tús le Bród na Gaeltachta i nDún na nGall anuraidh agus é ar an chéad fhéile Bród i gceantar Gaeltachta agus ar cheann de na céad chinn i gceantar tuaithe. Is féile ar leith é a mhaireann sé breis agus seachtain agus a thugann an-chuid deiseanna d’ealaíontóirí, scannánóirí, ceoltóirí, scríbhneoirí agus eile sa cheantar a saothar a léiriú os comhar an phobail.

Fáiltíodh roimh na céadta go dtí an Fál Carrach arís i mbliana le ceiliúradh a dhéanamh thar sheachtain iomlán d’imeachtaí, a chríochnaigh le mórshiúl agus ceolchoirm Dé Sathairn 22 Iúil. I measc na n-imeachtaí éagsúla a reáchtáladh mar chuid den fhéile, bhí an tsiúlóid staire ‘Cosán Casement’ leis an seandálaí aitheanta Brian Lacey; oíche scannánaíochta leis an stiúrthóir Daniel Butler; sraith ceardlann faoin aiteachas sa timpeallacht le Lucy O’Hagan; oíche filíochta agus cheoil le hAnnemarie Ní Churreáin, Karl Parkinson, Abby Oliveria agus Branwen; agus caint inspioráideach leis an cheannródaí agus feachtasóir Tonie Walsh.

Bhí ríméad ar Phól Penrose, cathaoirleach agus bunaitheoir Bród na Gaeltachta, nuair a fuair sé an scéala go raibh an fhéile ainmnithe ag na GALAS.

“Níl a fhios agam go díreach cén dóigh a mothaím faoi seo go fóill mar bhí an oiread rudaí ar siúl le linn na féile féin, go raibh mé go fóill dírithe air sin,” arsa Pól.

“Táim ag obair go dian faoi láthair ar fhéile na bliana seo chugainn, agus tá sé iontach deas go bhfuil muid aitheanta i gcuideachta na ndaoine eile sa chatagóir linn. Tá sé dochreidte go bhfuilimid istigh ar na gradaim seo.

“Níor shíl mé riamh go mbeimis ag fáil aitheantas mar seo, go háirithe agus muid chomh hóg mar fhéile. Ach tá lúcháir an domhain orm go bhfuil an t-aitheantas seo tugtha dúinn agus is mór an onóir é.

“Táim ag smaoineamh ar an phobal, go raibh muid ábalta é a dhéanamh, agus anois go mbeidh deis againn ceiliúradh a dhéanamh agus an scéal faoi Bhród na Gaeltachta a scaipeadh. Is rud ar dóigh é don phobal anseo sa bhaile agus is rud iontach stairiúil é don cheantar chomh maith.”

Aerach Aiteach Gaelach

Comharghrúpa d’ealaíontóirí aiteacha atá ag barr a réime faoi láthair é Aerach Aiteach Gaelach.

Tá obair mhór curtha isteach acu le tamall de bhlianta anuas chun ábhar ealaíon agus siamsaíochta a chruthú agus a chur os comhair an phobail, agus tugadh ardmholadh don dá dhráma atá scríofa acu go dtí seo, ‘Idir Mise agus Craiceann Do Chluaise’ agus ‘Grindr, Saghdar + Cher’.

Dráma idirghníomhach é ‘Idir Mise agus Craiceann Do Chluaise’, bunaithe ar scéal Alan Walpole, a cuireadh ar siúl i gClub an Chonartha i mBaile Átha Cliath mar chuid d’Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath in 2021. Cuireadh ‘Grindr, Saghdar + Cher’ i láthair den chéad uair ag Oireachtas na Samhna anuraidh, sula ndeachaigh an dráma ar camchuairt go Club na Múinteoirí ar Chearnóg Pharnell agus go Bród na Gaeltachta i dTír Chonaill, mar aon le sraith oícheanta i Seanscoil Sailearna in Indreabhán agus sa Taibhdhearc i gcathair na Gaillimhe.

Lena chois sin chuir siad ar siúl ceardlann drámaíochta san ardchathair leis an aisteoir Seán Ó Baoill, ceardlann phuipéadóireachta ag Féile na Gealaí agus Ceabairé Neamhleithscéalach Aiteach Gaelach.

Mhínigh Eoin McEvoy, duine de bhunaitheoirí Aerach Aiteach Gaelach, cé chomh tábhachtach is atá an t-ainmniúchán seo don ghrúpa.

“Tá sceitimíní orainn ar fad gur roghnaíodh muid don ngradam,” arsa Eoin.

“Bímid ag obair an t-am ar fad gan phá ar na rudaí atá ar bun againn agus is aitheantas iontach é seo dá bhfuil bainte amach ag Aerach Aiteach Gaelach, don phobal agus mar phobal. Is gradaim iontacha iad na GALAS agus is maith ann iad le haitheantas a thabhairt don obair atá ar bun ag daoine.

“Tá sé go hálainn a fheiceáil go bhfuil grúpaí Gaeilge eile ainmnithe freisin. Is breá linn a bheith ag obair le Bród na Gaeltachta agus le dreamanna pobail eile atá ag cur cúrsaí aiteacha chun cinn trí mheán na Gaeilge. Táimid ar bís don imeacht é féin, go mbeimid in ann bualadh le daoine ó na heagraíochtaí eile, agus aithne a chur ar dhaoine eile atá ag obair sa ghort.

“Ceithre eagraíocht atá inár gcatagóir féin agus tá ‘Pride Poets’ ar cheann acu. Tá cuid againn in Aerach Aiteach Gaelach tar éis a bheith páirteach san imeacht sin. Pé duine a bhuafaidh an duais, beimid ar bís dóibh, mar go bhfuil gach duine ag déanamh obair na gcapall le cúrsaí a dhéanamh níos fearr do dhaoine aiteacha.”

Na Gaeil Aeracha

Bunaíodh Na Gaeil Aeracha i mBaile Átha Cliath trí bliana ó shin, an chéad fhoireann LADTIA+ i gCumann Lúthchleas Gael.

Tá peil na mban á himirt acu ó bhí 2021 ann, cuireadh tús le peil na bhfear anuraidh, tá an iomáint tosaithe acu i mbliana, agus tá pleananna acu camógaíocht a thosú go luath chomh maith. Cuireann Na Gaeil Aeracha an-bhéim ar an uileghabhálacht, bród agus comrádaíocht, agus cuirtear fáilte roimh bhaill de gach leibhéal. Tá an-obair déanta ag an fhoireann le spás sábháilte a chruthú do na baill.

Tá béim mhór ar an Ghaeilge fosta ar ndóigh, rud a bhí an-soiléir i mbliana nuair a d’eagraigh Robbie Irwin agus Aoife Ní Mhórdha ón chlub Lá Mór na Gaeilge, lá imeachtaí Gaeilge a bhí ar siúl an 17 Meitheamh. I rith an lae, cuireadh ar siúl seisiún ióga trí Ghaeilge le hÓga Yoga, céilí trí Ghaeilge agus Lón Gaelach. Um thráthnóna, bhí tráth na gceist agus oíche chóisireachta sa teach tábhairne All My Friends. Fáiltíonn Na Gaeil Aeracha roimh bhaill nua i gcónaí, agus bíonn siad ag traenáil i bPáirc an Fhionnuisce, i bPáirceanna Imeartha Uí Eachach i nDroimneach agus in Institiúid Oideachais Marino ar Ascaill Uí Ghríofa.

Cuireadh tús leis na GALAS in 2009, agus tá 116 ghradam bronnta acu go dtí seo. Tugann siad aitheantas do dhaoine, comhlachtaí agus eagraíochtaí ar fud an oileáin as na hiarrachtaí atá déanta acu le comhionannas agus feiceálacht don phobal LADTIA+ a chur chun cinn.

Is iad Panti Bliss agus Lisa Connell a dhéanfaidh an t-imeacht a chur i láthair i mbliana. Ní raibh na GALAS ar siúl ó thús na paindéime mar sin is cinnte go mbeidh oíche go maidin ann, agus na Gaeil i lár an aonaigh.

Is féidir ticéid a cheannach anseo.

Níos mó