Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cad-a-dheanann-an-difear-ag-an-leibheal-is-airde?

Cad a dhéanann an difear ag an leibhéal is airde?

| jeff neville | ,

Má bhreathnaíonn tú ar na foirne rugbaí a bhfuil corn ar bith buaite acu, feicfidh tú foireann a bhfuil imreoirí an-fhisiciúil acu, a bhfuil ionsaí an-mhaith acu, a bhfuil cosaint níos fearr fós acu, agus a bhfuil síneadh amach agus clibirt den scoth acu.

Ag an leibhéal is airde ní féidir leat buachan mura bhfuil na rudaí sin ar fad agat. Ach má fhéachann tú ar na foirne a chríochnaíonn sa dara háit, tá na rudaí seo ar fad acu freisin. Tá leibhéal an nirt idir na himreoirí fíorbheag freisin. Tá cumas agus scil na n-imreoirí beagnach mar an gcéanna. Uaireanta tiocfaidh imreoir ar nós Dan Carter nó Jonah Lomu a dhéanann an difear i bhfabhar foireann áirithe, ach is gnách go mbíonn na foirne ar an leibhéal is airde an-chothrom.

Cad a dhéanann an difríocht mar sin?

I gcluiche ceannais an Choirn Dhomhanda dheireanaigh, bhuaigh an Afraic Theas ar Shasana, ach ba é clibirt na hAfraice Theas a rinne formhór an damáiste sa chluiche sin. Thug sé ardán don Afraic Theas agus thug an t-ardán sin deis dóibh a gcluiche féin a imirt. Ní fhéadfadh clibirt Shasana déileáil leis an dúshlán.

I gcluiche ceannais Chorn na Seaimpíní deiridh, bhí La Rochelle i gceannas ar na nóiméid dheireanacha, ag diúltú an tseilbh a ghéilleadh do Chúige Laighean agus chríochnaigh siad an cluiche i mbealach an-suntasach. Bhí deis ag na Laighnigh an cluiche a bhuachan ach theip orthu é a thapú; go deimhin, fiú dá dtógfaidís an deis sin, is dócha go mbeadh an cluiche glaoite ar ais mar gheall ar an gcion cárta dheirg a thug an tseilbh do La Rochelle go déanach sa chluiche. Ní raibh Laighin in ann bealach a aimsiú chun an chosaint a shárú. Bhí cosaint La Rochelle níos fearr.

Ní hiad na rudaí móra a tharlaíonn a d’fhéadfadh cluiche a bhuachan d’fhoireann ach tráthanna beaga laistigh den chluiche é féin. In 2011, bhuaigh an Nua-Shéalainn i gcoinne na Fraince sa chluiche ceannais. Níor scóráil an Nua-Shéalainn ach dhá uair sa chluiche sin: scóráil siad úd sa 15ú nóiméad agus cic éirice go luath sa dara leath. Níor scóráil an Nua-Shéalainn ón 46ú nóiméad ar aghaidh. Níor scóráil siad ach ocht bpointe sa chluiche ar an iomlán. Ach fós féin bhuaigh siad an cluiche mar gur bhuaigh siad na tráthanna beaga. Má bhreathnaíonn tú ar an úd a scóráil siad, ní ó shárimirt na gcúlaithe a tháinig sé ach ó shíneadh amach cliste nár úsáid an Nua-Shéalainn le fada go dtí sin. Thug na tosaithe faoi deara conas a chosain na Francaigh sa síneadh amach agus bhí a fhios acu go bhféadfaidís é sin a ionsaí. Rinne siad a n-obair bhaile ar an bhfreasúra agus, ag an nóiméad cinniúnach sin, d’oibrigh sé.

In 2006 bhuaigh Cúige Mumhan an Corn Heineken den chéad uair. Beidh cuimhne ag lucht leanúna na Mumhan ar an gcluiche sin go deo mar ba é an chéad uair a chuaigh Cúige Mumhan an bealach ar fad sa chomórtas sin tar éis blianta de bhriseadh croí. Bhuaigh siad an cluiche le ceithre phointe. Níor scóráil siad ach sé phointe sa dara leath ar fad. Ach tá cuimhne ag daoine ar úd amháin go háirithe. Taispeánadh iarracht Peter Stringer ar feadh seachtainí ina dhiaidh sin. Ach cruthaíodh an t-úd sin mar gur scrúdaigh Stringer go leor físeáin de Biarritz agus an chosaint a bhí acu ag am clibirte. Bhí sé beartaithe aige an méid a rinne sé a dhéanamh. Níor inis sé a phlean d’aon duine ar eagla go mbainfí uaidh é; ní raibh a fhios ag a chomhimreoirí féin fiú cad a bhí ar intinn aige. Ach b’úd an-tábhachtach é a cruthaíodh ó dheis bheag amháin.

Chun na cluichí móra a bhuachan, teastaíonn níos mó ná imreoirí fisiciúla agus ionsaí an-mhaith. Teastaíonn ádh freisin, agus cruthaíonn na himreoirí is fearr, agus na foirne is fearr, a n-ádh féin.

The post Cad a dhéanann an difear ag an leibhéal is airde? appeared first on NÓS.

Níos mó