Tá céatadán na ndaltaí scoile sa stát a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, tite gach bliain le trí bliana.
Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc ar líon na ndaltaí bunscoile agus iarbhunscoile sa stát ag dul siar nach mór deich mbliana gur ag dul i laghad atá an céatadán díobh a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge.
Bhí fás leanúnach ag teacht ar líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar bhunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal lán-Ghaeilge le roinnt mhaith blianta, ach is ag titim atá na figiúirí ó 2020 i leith.
In 2019-20, bhí 58,941 den 930,815 dalta scoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge. B’ionann sin agus 6.33% de dhaltaí bunscoile agus iarbhunscoile an stáit.
Léiríonn na figiúirí is déanaí ón Roinn Oideachais gur thit an céatadán sin go dtí 6.11% in 2022-23, an céatadán ab ísle a bhí ann don scolaíocht lán-Ghaeilge ó 2015-16.
B’ionann an 6.11% anuraidh agus 57,777 den 645,467 dalta a bhí ag freastal ar bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna na tíre.
Bunscoil & Iarbhunscoil
2014-15 | 2015-16 | 2016-17 | 2017-18 | 2018-19 | 2019-20 | 2020-21 | 2021-22 | 2022-23 | |
Líon iomlán na ndaltaí | 910,296 | 924,470 | 902,457 | 912,659 | 922,447 | 930,815 | 932,187 | 937,804 | 945,467 |
Líon daltaí ar scoil lán-Ghaeilge | 54,432 | 55,289 | 56,584 | 57,404 | 58,329 | 58,941 | 58,717 | 58,402 | 57,777 |
% daltaí ar scoil lán-Ghaeilge | 5.98% | 5.98% | 6.27% | 6.29% | 6.32% | 6.33% | 6.30% | 6.23% | 6.11% |
Is minic a luaitear an borradh atá faoi earnáil na gaelscolaíochta agus an oideachais lán-Ghaeilge, ach is léir nach bhfuil fás i gceist le roinnt blianta.
Léirigh anailís ar an suíomh seo gur ar éigean go bhfuil méadú tagtha ar earnáil na bunscolaíochta lán-Ghaeilge le roinnt blianta anuas. Thart ar 8% a de dhaltaí bunscoile a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge an stáit i láthair na huaire, an céatadán céanna a bhí ann deich mbliana ó shin.
Tá an rud céanna fíor ag leibhéal na hiarbhunscoile. Léiríonn na figiúirí gur mhéadaigh céatadán na ndaltaí iarbhunscoile a d’fhreastail ar scoil lán-Ghaeilge ó 3.1% in 2014-2015 go dtí 3.66% in 2020-21, ach tá céatadán tite le dhá bhliain anuas go dtí 3.46%.
Bhí 14,073 dalta ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, idir ghaelcholáistí agus iarbhunscoileanna Gaeltachta lán-Ghaeilge anuraidh.
Iarbhunscoileanna amháin
2014-15 | 2015-16 | 2016-17 | 2017-18 | 2018-19 | 2019-20 | 2020-21 | 2021-22 | 2022-23 | |
Líon iomlán na ndaltaí iarbhunscoile | 373,549 | 379,160 | 352,257 | 357,408 | 362,899 | 371,450 | 379,184 | 391,698 | 406,392 |
Líon daltaí ar scoil lán-Ghaeilgee | 11,585 | 11,966 | 12,459 | 12,781 | 13,051 | 13,509 | 13,871 | 14,100 | 14,073 |
% daltaí ar scoil lán-Ghaeilge | 3.10% | 3.16% | 3.54% | 3.58% | 3.60% | 3.64% | 3.66% | 3.60% | 3.46% |
D’fhreastail 15,154 dalta eile ar Aonaid Ghaeilge in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus 8,729 acu siúd ag déanamh a gcuid ábhar uile trí Ghaeilge.
Cé go bhfuil lucht an oideachais lán-Ghaeilge go mór in amhras faoi chur chuige na nAonad, tá líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar a leithéid méadaithe gach bliain le seacht mbliana anuas.
Deir Caolán Mac Grianna, Feidhmeannach Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, gur chóir don rialtas plean “uaillmhianach” a chur le chéile chun borradh a chur faoi líon na ndaltaí a roghnaíonn an t-oideachas lán-Ghaeilge.
“Sa Bhreatain Bheag, tá sprioc ag an rialtas ansin go mbeidh 40% de na daltaí ag freastal ar oideachas trí mheán na Breatnaise faoi 2050. Tá an cheannródaíocht chéanna de dhíobháil anseo in Éirinn,” ar sé.
Deir Mac Grianna go gcreideann Conradh na Gaeilge go cheart go méadófaí céatadán na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge go dtí 20% sna 20 bliain amach romhainn.
“Bheadh tionchar dearfach aige sin ar líon na gcainteoirí Gaeilge a bheadh ag teacht amach as an chóras oideachais, rud a bheadh ina chuidiú chomh maith le baint amach na spriocanna atá sa Straitéis 20 Bliain agus an sprioc earcaíochta in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 go mbeidh 20% ar a laghad d’earcaigh nua san earnáil phoiblí inniúil ar an nGaeilge faoi dheireadh 2030,” arsa Mac Grianna.
Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le roinnt blianta ar an Roinn Oideachais polasaí “cuimsitheach” don Ghaeilge ón luath-oideachas go dtí an tríú leibhéal a chur i bhfeidhm.
Bunscoileanna amháin
2014-15 | 2015-16 | 2016-17 | 2017-18 | 2018-19 | 2019-20 | 2020-21 | 2021-22 | 2022-23 | |
Líon iomlán na ndaltaí bunscoile | 536,747 | 545,310 | 550,200 | 555,251 | 559,548 | 559,365 | 553,003 | 546,106 | 539,075 |
Líon daltaí ar scoil lán-Ghaeilgee | 42,847 | 43,323 | 44,125 | 44,623 | 45,278 | 45,432 | 44,846 | 44,302 | 43,704 |
% daltaí ar scoil lán-Ghaeilgee | 7.98% | 7.94% | 8.02% | 8.04% | 8.09% | 8.12% | 8.11% | 8.11% | 8.11% |
Deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na heagraíochta Gaeloideachas, go bhfuil éileamh ann i measc an phobail ar an oideachas lán-Ghaeilge ach gur gá níos mó deiseanna a chur ar fáil do ghasúir le freastal air.
“Léiríonn na staitisticí le blianta anuas go bhfuil míréir idir líon na leanaí atá ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus an líon a théann ar aghaidh go hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Is ceist rochtana agus soláthair í seo,” ar sí.
“Cé go bhfuil an-éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge timpeall na tíre, níl fáil ag gach páiste sa tír ar oideachas leanúnach trí Ghaeilge faoi láthair. Níl naíonra ann do gach bunscoil lán-Ghaeilge, mar shampla.
“Níl ach timpeall ar 8% de dhaltaí bunscoile na tíre ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge agus níl aon mhéadú suntasach tagtha ar an bhfigiúir seo le deich mbliana anuas, ach de réir taighde an ESRI, tá éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge ag 23% i measc thuismitheoirí na tíre.
“Is scoileanna lán-Ghaeilge iad 8.1% de bhunscoileanna na tíre, agus 3.6% d’iarbhunscoileanna na tíre, agus tá feachtais ghníomhacha ann leis an líon seo a mhéadú, feachtais nach bhfuil an Stát ag tabhairt aird mar is ceart dóibh.”
Thug an Roinn Oideachais le fios i dtuarascáil anuraidh gur dócha nach mbeadh ach “deiseanna teoranta” ann gaelscoileanna nua a bhunú sna blianta amach romhainn.
Deir Ní Ghréacháin gurb í an fhís atá ag Gaeloideachas ná “córas eiseamláireach tumoideachais” ón naíonra go dtí an iarbhunscoil a bheith ar fáil do gach páiste sa stát.
“Lenár bhfís a bhaint amach, agus chun deis an oideachais lán-Ghaeilge a thabhairt do pháistí uile na tíre, tá gá le hathruithe agus polasaithe nua a thacódh le naíonraí, scoileanna lán-Ghaeilge, agus scoileanna Gaeltachta. Is gá dul i ngleic leis na fadhbanna atá roimh an earnáil faoi láthair, ina measc, an ghéarchéim earcaíochta, easpa maoinithe do na naíonraí, agus easpa rochtana agus leanúnachais.”