Tá líon níos mó daltaí sa rang ná an meán in dhá thrian de ghaelscoileanna an stáit.
A mhalairt de scéal atá fíor i gcás scoileanna lán-Ghaeilge na Gaeltachta agus líon níos lú daltaí sa rang ná an meán náisiúnta in 80% díobh.
De réir figiúirí a foilsíodh ar an Irish Independent an tseachtain seo, 22.8 an líon daltaí ar an meán a bhí ranganna bunscoile an stáit anuraidh.
De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc, 21.9 an líon daltaí ar an meán a bhí i ranganna an 249 bunscoil lán-Ghaeilge.
24.0 an líon daltaí ar an meán a bhí i ranganna an 151 gaelscoil sa tír agus 19.6 a bhí i gceist i gcás an 98 bunscoil Ghaeltachta atá ag teagasc go hiomlán trí Ghaeilge.
Gaelscoil, Scoil Mobhí i nGlas Naíon i mBaile Átha Cliath, an scoil is airde sa stát go léir ó thaobh líon na ndaltaí ar an meán sa rang. 30.9 dalta ar an meán a bhí i ranganna Scoil Mobhí anuraidh, scoil ina raibh 248 dalta cláraithe anuraidh.
Gaelscoil Uí Ríordáin i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh an ghaelscoil is mó sa stát agus 748 dalta cláraithe léi anuraidh. 31 rang a bhí sa scoil i gCorcaigh agus 24.3 an líon daltaí ar an meán a bhí sna ranganna.
Ba í Scoil Náisiúnta na bhForbacha i gConamara an scoil Ghaeltachta is airde ó thaobh líon na ndaltaí ar an meán sa rang. 25.9 dalta ar an meán a bhí i ranganna scoil na bhForbacha anuraidh.
Gaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach ar imeall thiar chathair na Gaillimhe an scoil Ghaeltachta is mó sa stát. 665 dalta a d’fhreastail ar 26 rang na gaelscoile i nGaillimh anuraidh, agus 25.6 ar an meán a bhí sna ranganna.
Cliceáil anseo do na figiúirí do 249 bunscoil lán-Ghaeilge an stáit
43,704 dalta a d’fhreastail ar an 249 bunscoil lán-Ghaeilge anuraidh, 8.1% den 539,075 dalta bunscoile a bhí sa stát.
Den 43,704 dalta a d’fhreastail ar bhunscoileanna atá ag teagasc go hiomlán trí mheán na Gaeilge, i ngaelscoileanna a bhí 36,710 acu agus sna scoileanna Gealtacha a bhí an 6,994 dalta eile.
Bunscoileanna lán-Ghaeilge an stáit (Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta) | ||||
---|---|---|---|---|
Scoileanna | Daltaí | Seomraí Ranga | Daltaí sa Seomra Ranga (ar an meán) | |
Scoileanna lán-Ghaeilge | 249 | 43,704 | 1,884 | 21.9 |
Scoileanna Gaeltachta | 98 | 6,994 | 357 | 19.6 |
Gaelscoileanna | 151 | 36,710 | 1,527 | 24.0 |
Náisiúnta | 3,095 | 539,075 | 23,596 | 22.8 |
*bunaithe ar fhigiúirí na Roinne Oideachais don scoilbhliain 2022-23