Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ta-muid-ag-troid-romhall-chun-an-cath-seo-a-bhuachan’-–-obair-mhor-le-deanamh-le-dul-i-ngleic-le-speicis-ionracha

‘Tá muid ag troid rómhall chun an cath seo a bhuachan’ – obair mhór le déanamh le dul i ngleic le speicis ionracha

Ainmhithe a tugadh isteach mar pheataí, don tsealgaireacht agus mar bhronntanais phósta iad cuid de na speicis is mó ayá ag déanamh dochair don bhithéagsúlacht in Éirinn.

Tá turtair, racúin agus iora talúin i measc na speiceas a tugadh isteach go dtí an tír seo ó thíortha le roinnt blianta anuas atá anois ag cur isteach go mór ar ainmhithe agus ar phlandaí dúchasacha na hÉireann.

Dar le tuarascáil de chuid na Náisiún Aontaithe a foilsíodh an tseachtain seo, tá speicis ionracha ina mbagairt mhór d’éagsúlacht na beatha ar fud an domhain.

Deir Daire Ó hUallacháin, taighdeoir sinsearach le Teagasc, go bhfuil thart ar 1,300 speiceas neamhdhúchasach anseo in Éirinn agus gur speicis ionracha, nó speicis a dhéanann dochar, iad thart ar 10% acusan.

“Nuair a bhíonn muid ag labhairt ar speiceas ionrach, bíonn muid ag labhairt ar speiceas a thug daoine isteach go dtí an tír seo,” arsa Ó hUallacháin.

“Tá sé nádúrtha go dtiocfadh speicis dhifriúla isteach sa tír. Tá speicis áirithe go maith ag taisteal, éanacha mar shampla. Níl siad ionrach – tá sé nádúrtha go mbeadh siad ag teacht anseo – ach is iad na speicis a thug daoine isteach, d’aon turas nó trí thimpiste, sin iad na speicis a mbeadh muid níos buartha fúthu.”

Deir sé go bhfuil speicis neamhdhúchasacha á dtabhairt go hÉirinn ar feadh na gcéadta bliain agus tionchar mór acu ar an mbithéagsúlacht sa tír.

“An ceann a rinne an dochar is mó ná an coinín. Tugadh an coinín isteach nach mór míle bliain ó shin agus amharc anois cé mhéad coinín atá againn sa tír. An tionchar a bhíonn acusan ar ghnáthóga, téann siad san iomaíocht le speicis eile agus bíonn tionchar mór acu ar eacnamaíocht na talmhaíochta.

“Bheadh an sprús Sitceach ar cheann eile acu. Bhí polasaí ag an rialtas an sprús Sitceach a chur agus bhí tionchar mór millteach acu ar phortaigh, mar shampla.

“An t-iora glas, tugadh é sin isteach mar bhronntanas pósta, b’fhéidir 100 bliain ó shin. Osclaíodh an bosca agus d’imigh na hioraí leo agus tá cúpla céad míle acu againn anois. Scaipeann sé galar nach gcuireann as don iora glas ach a mharaíonn an t-iora rua, speiceas dúchasach.”

Deir Ó hUallacháin go bhfuil an cath chun bainistiú a dhéanamh ar speicis amhail an sprús Sitceach agus an t-iora glas “go hiomlán caillte” toisc go bhfuil siad anseo chomh fada sin agus b’fhearr, dar leis, díriú ar speicis nach bhfuil tagtha isteach ach le 30 bliain nó mar sin.

Fágann an fás atá tagtha ar an taisteal agus trádáil idirnáisiúnta le leathchéad bliain anuas go bhfuil sé níos éasca ná riamh speiceas ionrach a thabhairt isteach go dtí an tír seo, trí thimpiste nó d’aon turas.

“Seans gur tháinig an diúilicín riabhach, mar shampla, isteach ar bhád a bhí san Eoraip agus gur tugadh an bád go dtí Loch Coirib ansin,” arsa Ó hUallacháin.

“Bealach eile a dtarlaíonn sé ná go gceannaíonn daoine síolta. Ábhar buartha é seo, go gceannaíonn daoine síolta do ‘bhláthanna fiáine’ san ollmhargadh ach ní bhíonn a fhios againn go díreach céard iad na síolta atá sna paicéid sin. Tá baol ann go bhfuil speicis neamhghnách agus cinnte neamhdhúchasach i measc na síolta sin. Síleann daoine go bhfuil siad ag déanamh rud maith ag scaipeadh na síolta sin ach tá baol ann go bhfuil siad ag scaipeadh na speiceas ionrach seo.”

Deir Ó hUallacháin go bhfuil obair á déanamh chun dul i ngleic le speicis ionracha sa tír seo ach nach bhfuil an oiread agus a theastaíonn ar siúl.

“Tá siad ag díriú ar róslabhras i gCill Airne, mar shampla, ach go minic fágtar rómhall é. Tá siad ag troid rómhall agus ní bheidh deis againn an cath seo a bhuachan.”

Níl anseo ach cuid den obair a chaithfear a dhéanamh chun dul i ngleic leis an meath tromchúiseach atá tagtha ar an mbitheolaíocht sa tír seo agus ar fud an domhain, arsa Ó hUallacháin.

“Tá cúig phríomhchúis leis an meath seo ar fud an domhain luaite sa tuarascáil [de chuid na Náisiún Aontaithe] agus is iad na speicis ionracha ceann acu.

“Tá laghdú mór tagtha ar an mbithéagsúlacht sa tír seo le fada agus níl sna speicis ionracha seo ach cuid den scéal. Más maith linn an laghdú seo a stopadh, nó a athrú, caithfidh muid díriú ar na cúiseanna ar fad – an t-athrú aeráide, truailliú agus úsáid na talún, mar shampla.”

Níos mó