Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
bua-mor-ag-na-gaeil-ag-galas-2023

Bua mór ag na Gaeil ag GALAS 2023

| sean o dubhchon | ,

Bród na Gaeltachta agus Aerach Aiteach Gaelach an dá bhuaiteoir Ghaelacha a thóg leo duaiseanna ag na GALAS (Gradaim LADTIA+ na hÉireann) a bhí ar siúl i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, ag an deireadh seachtaine.

Ghnóthaigh Bród na Gaeltachta (thuas) an gradam ‘Imeacht na Bliana’, agus iad sa chatagóir chéanna le Queer Visibility in Football (feachtas feiceálachta de chuid an chlub sacair Bohemians), Sick Pride Picnic – Chronic Collective (picnic le Bród a cheiliúradh dóibh siúd atá tinn nó faoi mhíchumas) agus Dyke Night (oíche don phobal leispiach i gcathair Luimnigh).

Bhí Bród na Gaeltachta (an chéad fhéile dá cineál i gceantar Gaeltachta) ar siúl don dara huair i mbliana, le réimse leathan imeachtaí thar thréimhse seachtaine i gCloich Chionnaola, Gaoth Dobhair agus Dún Fionnachaidh in iarthuaisceart Thír Chonaill. Bhí éileamh iontach ar na himeachtaí agus d’fhreastail na céadta ar an mórshiúl a chuir críoch leis an bhféile, d’ainneoin na drochaimsire.

I measc na n-imeachtaí éagsúla a reáchtáladh mar chuid den fhéile, bhí an tsiúlóid staire le Brian Lacey; oíche scannánaíochta leis an stiúrthóir Daniel Butler; sraith ceardlann faoin aiteachas sa timpeallacht le Lucy O’Hagan; oíche filíochta agus cheoil; agus eochairchaint leis an ngníomhaí agus feachtasóir ceannródaíoch Tonie Walsh.

“Tá an gradam seo fíorspeisialta dúinn mar eagraíocht,” a mhínigh Pól Penrose, cathaoirleach agus bunaitheoir Bród na Gaeltachta, a thug óráid thar a bheith spreagúil trí Ghaeilge agus é ag glacadh leis an ngradam Dé Sathairn.

“Tá sé an-speisialta domsa mar go gcruthaíonn sé go raibh an rud ceart á dhéanamh againn agus muid ag cur Bród na Gaeltachta ar siúl. Tá sé fíorspeisialta mar go bhfuilimid ábalta dul abhaile agus a rá leis na daoine go léir a bhí chomh tacúil agus go maith dúinn, a thaispeáin grá agus bród dúinn, a tháinig amach agus a rinne ceiliúradh linn ag na himeachtaí go léir agus ag an mórshiúl, gur leosan an gradam chomh maith.

“Rinne muid seo don phobal go léir, le háit níos fearr a bhaint amach don phobal sa bhaile. Is iontach an rud é a bheith ábalta an ceantar a chur ar ardán os comhair gach duine sa tír, agus ag an am céanna a bheith ceannródaíoch, ag cur rud éigin nua ar fáil do dhaoine sa bhaile, rud atá ag tarraingt an phobail go léir le chéile. Tá an bua seo chomh tábhachtach céanna dár dteaghlaigh, cairde agus comhghuaillithe sa bhaile is atá dúinne mar choiste. Is mór an onóir é an gradam a bhaint.”

Dom féin go pearsanta, a d’fhreastail ar na GALAS mar bhall de choiste Bród na Gaeltachta, sheas sé amach dom gur ghabh gach duine ‘comhghairdeas’ linn i nGaeilge agus gur léirigh siad meas iontach ar an obair a bhí ar siúl ag na Gaeil ar fad a bhí ainmnithe.

Bhí an iomaíocht ghéar sa rannóg ‘Na hEalaíona agus an tSiamsaíocht’, ach bhí an bua ag Aerach Aiteach Gaelach (thuas) ar an oíche. B’iad an fuirseoir agus banríon drag Dame Stuffy, an t-ealaíontóir Leonardo Guerrero (aitheanta do Lollipop Apparel) agus an grúpa filíochta Pride Poets a bhí in iomaíocht sa rannóg sin.

Thagair Eoin McEvoy, duine de bhunaitheoirí Aerach Aiteach Gaelach, don éacht a bhí déanta ag na Gaeil ag na GALAS i mbliana.

“Is annamh a thagann dhá eagraíocht Ghaeilge sa chéad áit in dhá chatagóir ag féile náisiúnta agus muid san iomaíocht le gach saghas grúpa, agus gach saghas teanga sa tír.”

Ní stopann an obair d’Aerach Aiteach Gaelach agus iad ag breathnú amach rompu cheana.

“Táimid tar éis a bheith ag obair go dian ó bhí 2020 ann chun ealaíontóirí a bhailiú le chéile. Tá os cionn 90 duine leis an ngrúpa anois, agus tá súil agam go mbeidh rudaí iontacha romhainn chomh maith. Beidh an cruinniú cinn bliana ar siúl ag an Oireachtas, Dé Satharn 4 Samhain ag 16:00. Más mian linn le daoine a bheith linn, beidh siad in ann clárú ansin, agus más baill iad cheana, is féidir leo vóta a chaitheamh, nó síniú suas linn don bhliain seo chugainn. Ní bheidh seó againn ag an Oireachtas i mbliana, ach beidh Grindr, Saghdar + Cher i mBéal Feirste an 13-14 Samhain. Ansin, beidh An Chos Eile ar siúl in Axis Bhaile Munna ag deireadh mhí na Samhna. Táimid san iomaíocht freisin do Ghradam na gCúiseanna Maithe, agus beidh an ócáid sin ar siúl i gceann coicíse.

“Tá an oiread rudaí iontacha ag tarlú agus is onóir é an gradam seo a fháil. Is rud suntasach é chomh maith nach catagóir Ghaeilge amháin a bhí i gceist, ach go raibh muid measctha le gach duine eile.”

Tá Aerach Aiteach Gaelach ag barr a réime faoi láthair agus camchuairt rathúil déanta acu leis an seó stáitse Grindr, Saghdar + Cher, scríofa ag Eoin McEvoy, Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh. Cuireadh go leor imeachtaí eile ar siúl le bliain anuas, ceardlanna drámaíochta agus puipéadóireachta, agus an Ceabairé Neamhleithscéalach Aiteach Gaelach ina measc.

Rinne an fhoireann Na Gaeil Aeracha ionadaíocht iontach do na Gaeil ag na GALAS chomh maith, agus iad ainmnithe sa rannóg ‘Eagraíocht Phobalbhunaithe ag a bhfuil Foireann Dheonach’. Tugadh bualadh bos chroíúil dóibh nuair a léadh amach a n-ainm sular bronnadh an gradam ar Kingdom Pride in Kerry.

Tá Na Gaeil Aeracha ar an bhfód i mBaile Átha Cliath le trí bliana anuas, agus bunaíodh iad mar an chéad fhoireann LADTIA+ i gCumann Lúthchleas Gael. I measc na n-imeachtaí Gaeilge a reáchtáladh sa chlub i mbliana, bhí Lá Mór na Gaeilge, lá imeachtaí Gaeilge le ceardlann ióga, céilí trí Ghaeilge agus lón Gaelach, chomh maith le tráth na gceist agus oíche chóisireachta sa teach tábhairne All My Friends níos déanaí san oíche.

Tá na GALAS á mbronnadh ó bhí 2009 ann ach, mar gheall ar an bpaindéim, ní raibh siad ar siúl ó bhí Feabhra 2020 ann. Is iad NXF (National LGBT Federation) agus an nuachtán GCN (Gay Community News) a dhéanann na GALAS a eagrú, agus thug Anna Nolan, Cathaoirleach an NXF, óráid inspioráideach uaithi faoin tábhacht a bhaineann leis an obair a dhéanann gníomhairí agus eagraíochtaí ar son an phobail LADTIA+ in Éirinn.

B’iad Panti Bliss agus Lisa Connell a bhí ina láithreoirí ar an oíche agus 13 ghradam ar fad á dtabhairt amach acu. Bhí siamsaíocht den scoth ann chomh maith, le hamhránaíocht ón gcór Glória, fuirseoireacht ó Shane Daniel Byrne agus seit le DJ Glamo.

Cé na grúpaí Gaeilge a bheidh san iomaíocht in 2024?!

The post Bua mór ag na Gaeil ag GALAS 2023 appeared first on NÓS.

Níos mó