Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
eagraiochtai-gaeilge-agus-gaeltachta-ag-suil-le-‘cothromaiocht’-don-teanga-i-mbuisead-2024

Eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ag súil le ‘cothromaíocht’ don teanga i mBuiséad 2024

| Padraic O Ciardha | ,

Beidh eagraíochtaí teanga agus Gaeltachta ag súil go mbeidh go maith os cionn €100 milliún don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2024, a fhógrófar tráthnóna.

€94 milliún a bhí i mbuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2023, méadú €8.5 milliún ón mbliain roimhe sin, agus táthar ag súil le hardú eile an bhliain seo chugainn i ndiaidh na mblianta de chiorruithe roimhe sin.

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go bhfuiltear ag éileamh ar an Rialtas gan an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a fhágáil ar an ngannchuid agus go bhfuil sé in am ag an Rialtas “cothromaíocht” a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i dtaobh maoinithe, rud nach bhfuil bainte amach go fóill, dar leis.

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh €40 milliún breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht mar chuid den phlean infheistíochta atá leagtha amach ag an eagraíocht.

Luaigh de Spáinn ciste caipitil Údarás na Gaeltachta mar shampla den easpa tacaíochta atá faighte ag eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta.

“Thug an Rialtas reatha seo €4.5 milliún sa bhreis don chiste caipitil sa chéad bhliain acu sa rialtas ach níor thug siad aon airgead breise ó shin agus tá an boilsciú tar éis sin a ghlanadh amach ar fad. Tá sé in am ardú suntasach a thabhairt do chiste caipitil an Údaráis,” arsa de Spáinn.

€1 milliún breise a fógraíodh d’Údarás na Gaeltachta i mBuiséad 2023 ach níor tháinig ardú ar an €14 milliún a chuireann ar Rialtas ar fáil in airgead caipitil don eagraíocht.

Tá éileamh á dhéanamh le fada ar ardú ar an maoiniú a chuirtear ar fáil d’Fhoras na Gaeilge ach fágann an tsáinn pholaitiúil sa Tuaisceart gur beag seans go bhfógrófar aon mhéadú suntasach ar bhuiséad na heagraíochta inniu.

Ní féidir airgead breise a bhronnadh ar an bhForas Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – go dtí go mbeidh buiséad iomlán na n-eagraíochtaí aontaithe leis an Roinn Pobal ó thuaidh agus ní féidir sin a dhéanamh go dtí go mbeidh Stormont ag feidhmiú arís.

Fógraíodh €300,000 breise d’Fhoras na Gaeilge i mBuiséad 2023 ach chuaigh an maoiniú sin i dtreo Chlár na Leabhar Gaeilge, a mhaoiníonn an Rialtas ó dheas amháin.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc le gairid gur mhaith leis an Rialtas tuilleadh maoinithe a chur ar fáil don Fhoras, ach go raibh sin ag brath i gcónaí ar chúrsaí polaitíochta sa Tuaisceart.

Fuair TG4 €7.3 milliún breise anuraidh, rud a d’fhág go raibh buiséad os cionn €50 milliún ag TG4 in 2023. Mar sin féin, tá ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ag éileamh le roinnt blianta anuas go mbeadh an stáisiún ar comhchéim ó thaobh maoinithe le S4C sa Bhreatain Bheag, a fhaigheann thart ar €100 milliún ón táille cheadúnais gach bliain.

Tuigtear go mbeidh airgead breise á fhógairt ag an Rialtas don Taibhdhearc i nGaillimh chun plean straitéiseach na hamharclainne a chur i bhfeidhm agus beidh cluas le héisteacht ar dhaoine chomh maith maidir le haon scéal faoi mhaoiniú do scéimeanna nua chun labhairt na Gaeilge a spreagadh.

Dúirt an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Patrick O’Donovan le Tuairisc an mhí seo caite go raibh scéimeanna nua a bheadh dírithe ar úsáid laethúil na Gaeilge a mhéadú laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht i measc na dtosaíochtaí acu don bhliain.

Cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge in 2011 agus tá Roinn na Gaeltachta i mbun oibre ar scéim nua a thabhairt isteach chun labhairt na teanga a spreagadh.

Bhí sé ina imní gur go dtí pacáiste tarrthála do RTÉ a rachaidh cuid mhaith d’aon airgead breise a bheidh ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán. D’fhéadfadh gurb é maoiniú na Gaeilge a bheadh thíos le deacrachtaí RTÉ sa chás sin.

Tá tugtha le fios ag ardstiúrthóir nua RTÉ Kevin Bakhurst go dteastaíonn breis is €50 milliún de mhaoiniú eatramhach ón stáisiún, ach thug an tAire Catherine Martin le fios an tseachtain seo caite nach bhfaigheadh an stáisiún níos mó ná an €16 milliún de mhaoiniú breise a mhol Coimisiún na Meán do RTÉ. Theastódh straitéis chuimsitheach ón gcraoltóir sula mbronnfaí aon phingin eile air, a dúirt an tAire.

Níos mó