Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
an-gael-me-go-fiu-mura-raibh-me-ag-an-oireachtas-riamh?

An Gael mé go fiú mura raibh mé ag an Oireachtas riamh?

| aodhan o baoill | ,

Éist, tá rún agam. Níl mé sásta leis. Níl mé compórdach leis. Ach mothaím go bhfuil sé in am dom an rún a scaoileadh.

An bhfuil tú réidh? Ceart go leor… níor fhreastail mé riamh ar Oireachtas na Samhna.

Tá a fhios agam. Tá a fhios agam. Thig liom na cneadanna a chluinstin.

An Gael mé fiú mura raibh mé riamh i láthair ag an fhéile Gael is mó ar domhan? Ag cruinniú leis na Gaeil, a bheith ar ragairne leis na Gaeil, agus ag tabhairt isteach gach focal saibhir Gaeilge atá le cluinstin ó na Doirí Beaga go dtí an Daingean. Cén uair eile a gheobhaidh mé deis ‘feiscint’ nó ‘anso’ a úsáid?

An rud atá ann, nuair a bhí mé ar an ollscoil ag forbairt suim sa Ghaeilge agus ag teacht isteach chuig an phobal iontach seo, bhí ag éirí go maith linn sa pheil agus san iománaíocht leis an chlub. Mar sin de, aon uair a bhí bus an Chumainn Ghaelaigh ag dul chuig an Oireachtas don deireadh seachtaine, bheadh cluiche peile nó iománaíochta agam, agus cha dtiocfadh liom dul dá bharr sin.

Cibé ar bith, deirim liom féin achan bhliain go “rachaidh mé ar an bhliain seo chugainn.” Agus geallaim daoibh an uair seo, rachaidh mé ar an bhliain seo chugainn. Ar ndóigh, is i gCeanada atá muid ar feadh bliana, go dtí mí Lúnasa 2024. Agus cé nach raibh mé riamh ann, tá cumhaidh i ndiaidh an Oireachtais orm. Ach is rud dearfach é sin – ar bhealach.

Tabharfaidh mé sampla daoibh.

Mhúscail mé ar maidin ag 7.30, agus chuir mé Raidió Fáilte ag dul. Glór Neil Uí Bhriain a chuir fáilte romham, agus é ag craoladh beo ó Óstán Ghleann an Iolair. D’éist mé le Neil agus a chomhchraoladh le Raidió na Life agus mé ag déanamh mo bhricfeasta. Chuir glór binn Chonchúir Uí Ghallachóir go mór le mo chuid Weetabix!

Ina dhiaidh sin, agus mé ag siúl chuig an bhus, d’éist mé le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bladhaire, agus na haíonna iontacha a bhí i láthair aici. Nárbh ormsa a bhí an fuinneamh ag éisteacht le ceol Megan Mhic Fhionnghaile agus Chathail Uí Churráin!

D’amharc mé ar na Gradaim Chumarsáide ar TG4 ar líne, agus d’aithin mé go leor leor den lucht féachana agus na buaiteoirí. Comhghairdeas leo go léir, dála an scéil, agus comhghairdeas ar leith do Macha Media as clár teilifíse na bliana a bhaint le Séamus Mór Mac Murchaidh: Díolta faoina Luach (níl mé claonta, geallaim daoibh!).

Chomh maith leis seo, lean mé scéalta Instagram de chuid Molscéal, Bloc TG4, NÓS agus go leor eile. Léirigh siad fuinneamh na hoíche, an chraic agus an spiorad a bhí le mothú i gContae Chiarraí.

An rud atá mé ag iarraidh a rá, cé nach raibh mé riamh ag an Oireachtas, gur mhothaigh mé i mbliana, agus mé níos faide ón bhaile ná mar a bhí mé riamh, go raibh mé ann. Is mar gheall ar chaighdeán na meán Gaeilge é seo. Cuireann lucht an raidió, lucht na teilifíse, agus an lucht ar líne an oiread sin leis an fhéile agus ceanglaíonn siad le diaspóra na nGael ar fud an domhain í.

Tréaslaím le mo chomrádaithe uilig in earnáil na meán Gaeilge. Is iontach na rudaí a dhéanann siad dár bpobal agus dár dteanga, agus don tír ar fad. Is iontach an rud dom go pearsanta go bhfuil an deis agamsa féin a bheith ag obair san earnáil dhraíochtúil seo.

Lucht an Oireachtais – tchífídh mé sibh ar an bhliain seo chugainn!

The post An Gael mé go fiú mura raibh mé ag an Oireachtas riamh? appeared first on NÓS.

Níos mó