Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cuir-fut-i-saol-eile-le-neil-o-lochlainn-in-emain-ablach

Cuir fút i saol eile le Neil Ó Lochlainn in Emain Ablach

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Trí chrainn atá casta thart timpeall ar a chéile nó trí pholl uaimhe nach bhfuil le feiceáil ann ach ciandorchadas na slí, thig teacht ar an saol eile. An saol ina mbíonn an t-aos sí ag maireachtáil agus ag pleidhcíocht, ag coinneáil siar ó bhuarthaí an domhain.

Moltar na slite isteach seo a sheachaint ar eagla an bhaoil ach i gcás Neil Uí Lochlainn, tá sé ag iarraidh go rachadh muid ar fad leis ar aistear ceoil agus scéalaíochta ina sheó úr, ‘Emain Ablach’.

Ó bunaíodh Fíbín Teo. 20 bliain ó shin i gConamara, níor chuir an comhlacht drámaíochta am ar bith amú ag soláthar dramaíocht Ghaeilge fud fad na tíre. Idir léirithe beo de ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda, cúrsaí drámaíochta do Ghaeilgeoirí óga agus roinnt mhaith eile, ní beag an rian atá fágtha acu ar thaibhealaíona na Gaeilge. Tá Fíbín anois lonnaithe in An Taibhdhearc ó bhí 2021 ann, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge a bunaíodh i gcathair na Gaillimhe in 1928. Is san amharclann seo a sheolfar an seó úr le Neil Ó Lochlainn, Emain Ablach.

Tá Neil Ó Lochlainn ina cheoltóir agus ina chumadóir aitheanta as Contae an Chláir. Is comhbhunaitheoir agus stiúrthóir ceoil é de chuid Cuar agus Ensemble Éiriu, a bhuaigh Gradam Ceoil de chuid TG4 2015. Tugann ceol traidisiúnta na hÉireann inspioráid dó agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar “theanga nua” sa cheol chomhaimseartha.

“Tá meascán de cheoltóirí tradisiúnta, snagcheoil agus comhaimseartha curtha le chéile ag Neil don togra seo agus tá ríméad orainn go bhfuil an seó ag teacht chuig stáitse na Taibhdheirce,” a dúirt foireann na hamharclainne le NÓS.

Tá Neil ag tarraingt ar luathscríbhneoireacht na Gaeilge, na miotais, agus na síscéalta mar ábhar spreagtha dá sheó ceolmhar. Is domhan eile é Emain Ablach sa mhiotaseolaíocht, áit a gcuireann an slua sí iad féin i bhfolach. Leagtar scéal laoch an tseó amach i dtrí pháirt: an t-imeacht, an t-aistear, agus an filleadh i dtreo an tslánaithe.

Beidh lucht na Gaeilge cleachtaithe leis an stíl seo de thairbhe na scéalaíochta. Tugann Neil le fios go mbeidh casadh comhaimseartha ar an léiriú seo, áfach, agus saothar an fhile iomráitigh, Aifric Mac Aodha, fite fuaite leis. Billy Mag Fhloinn a bheidh ag déanamh aithris ar an fhilíocht.

Beidh idir cheol traidisiúnta, snagcheoil, agus cheol comhaimseartha le cluinstin ag an léiriú beo, atá á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta le tacaíocht ón Chomhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltacht agus Foras na Gaeilge.

Tapaigh an deis agus féach an léiriú ceannródaíoch seo anocht an 17 Samhain – tuilleadh eolais le fáil anseo.

The post Cuir fút i saol eile le Neil Ó Lochlainn in Emain Ablach appeared first on NÓS.

Níos mó