Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
na-gaeil-i-saol-an-spoirt-–-ju-jiotsu-brasaileach-ina-dhushlan-nua

Na Gaeil i Saol an Spóirt – Jú-Jiotsú Brasaíleach ina dhúshlán nua

| feardhia mac corsain | ,

Tá an t-ádh dearg orainn in Éirinn go bhfuil an Cumann Lúthchleas Gael againn agus tá a lán buntáistí a bhaineann leis. Is cuma cén spórt a bhfuil tú ag caint faoi, peil Ghaelach, peil na mban, iománaíocht nó camógaíocht, is dóigheanna iontacha iad chun tú féin a choinneáil aclaí agus le do chairde a fheiceáil cúpla uair sa tseachtain.

Sin ráite, tagann an séasúr chun deiridh go tobann do chuid mhór imreoirí. De ghnáth, bíonn an tsraith ar siúl ón earrach go deireadh an tsamhraidh, agus an chraobh ar siúl i ndiaidh na sraithe. Má éiríonn le d’fhoireann an chraobh a bhaint amach, bíonn séasúr níos faide agat ach bíonn an séasúr thart don tromlach fud fad na tíre ag tús an fhómhair.

Tá rogha agat ansin, sos a ghlacadh go tús mhí Eanáir nó tús mhí Feabhra nó tú féin a neartú san ionad aclaíochta. Tá moladh agam. Cad é faoi spórt nua a thriail? An Jú-Jiotsú Brasaíleach nó JJB (BJJ) mar a thugtar air go coitianta.

Is ealaín chomhraic é a dhíríonn ar an chomhrac urláir. Bítear ag iomrascáil ar an urlár agus foghlaimítear an dóigh le daoine a neodrú le géilleadh nó an lámh in uachtar a fháil ó thaobh staid na troda de. Baintear úsáid as an chorp agus as an intinn ag an am chéanna agus is minic a dhéantar comparáid idir é seo agus an fhicheall. Tugtar ficheall fhisiceach air mar leasainm.

Tá JJB i mbéal an phobail anois mar gheall ar an UFC (Ultimate Fighting Championship), eagraíocht mór le rá a chuireann ealaíona comhraic measctha (MMA) chun cinn. Úsáidtear na healaíona comhraic uilig sna troideanna seo agus is minic a fheictear JJB in úsáid.

Meastar go forleathan gurb é John Kavanagh, traenálaí Conor McGregor, an chéad duine chun crios dubh a ghnóthú in Éirinn. Tuigeann daoine cad é atá i gceist le crios dubh, fiú mura bhfuil tú ar an eolas faoi na healaíona comhraic. Ciallaíonn crios dubh gur máistir ar an ealaín chomhraic thú agus nach fiú dul in adharca leat. Tá córas creasa sa Jú-Jiotsú Bhrasaíleach a mbaintear úsáid as bán, gorm, corcra, donn, agus dubh ann.

Meastar go nglacann sé níos mó ná deich mbliana le crios dubh a bhaint amach agus go bhfuil turas i gceist ag dul ó chrios go crios. Tá comórtais JJB ann fosta dóibh siúd atá ag iarraidh dul in iomaíocht lena gcuid scileanna a chleachtadh ach ní gá iad a dhéanamh le tairbhe nó sult a bhaint as an spórt.

Is iomaí buntáiste a bhaineann leis an spórt fhisiciúil seo. Foghlaimítear a lán scileanna a bhaineann le féinchosaint agus ardaítear muinín dá thairbhe. Coinnítear aclaí thú agus tú ag dul i mbun an spóirt úir seo a thugann dúshlán an choirp agus na hintinne. Ní hamháin sin, ach coinnítear na cromáin scaoilte fosta!

“Bhí mé ar lorg rud éagsúil ón pheil Ghaelach nuair a chuir mé tús leis an ollscoil agus tháinig mé ar an jú-jiotsú Bhrasaíleach. Ba mhór an maitheas a thug sé dom i dtaca le mo mheabhairshláinte go háirithe. Éalaím ó gach aon rud eile sa tsaol agus mé i mbun troda mar ní féidir liom smaoineamh ach ar éalú ón duine seo atá do mo sháinniú,” arsa Séamus Mac Giolla Iontóg, Gael as Baile an Chaistil a bhaineann tairbhe as an spórt.

“Agus bíonn sprioc i gcónaí ann. Tá na traenálaithe s’agam níos fearr ná mé ach tá daoine ann atá níos fearr ná na traenálaithe. Bíonn spás le feabhsú ann i rith ama agus tá mé anois ag teagasc an spóirt i nGaelcholáiste Dhoire chomh maith.”

Is cosúil go bhfuil scoth na dtrodóirí i measc na nGael cá bith!

Níor mhaith liom an dallamullóg a chur ar dhuine ar bith ach an oiread óir tá míbhuntáistí a bhaineann le JJB fosta. Gan trácht a dhéanamh ar an chostas a bhaineann leis an bhallraíocht, caithfear íoc as an éide, an gi, agus an níochán a thagann leis. Gortaítear daoine in amanna mar is amhlaidh le gach spórt. An rud is measa faoin spórt throdach seo? Is furasta a éirí gafa leis agus nuair a thosaíonn tú, ní minic a bhíonn tú ag iarraidh stopadh.

‘Ní mar a shíltear a bhítear’

Is maith is cuimhin liom mo chéad seisiún JJB. Tháinig cúpla rud aniar aduaidh orm. Cé gur spórt aonair é, agus bíonn tú in iomaíocht le do chuid cairde an chuid is mó den am, tá foireann ann. Bíonn tú ag obair le chéile le dul i ngleic le teicnicí casta a fhoghlaim. Níl tú in iomaíocht le duine ar bith ach amháin tú féin. Is deis ar leith é JJB le tú féin a fhorbairt leis an spórt seo a bhfuil tréithe machnamhacha ag baint leis.

Anuas air seo, nuair a smaoinítear ar an JJB, smaoinítear ar an trodaíocht cháis in amanna ach ní mar seo atá sé ar chor ar bith. Ní bhuailtear duine ar bith in JJB agus is spórt i bhfad níos séimhe é ná mar a shíltear.

Tá JJB ag fás in Éirinn agus tá neart cumann fud fad na tíre. Tá mé ag déanamh go bhfuil ceann in aice leat. Éist leis an mholadh seo, tapaigh an deis agus bain triail as!

The post Na Gaeil i Saol an Spóirt – Jú-Jiotsú Brasaíleach ina dhúshlán nua appeared first on NÓS.

Níos mó