Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
re-na-raithni-aineasa

Ré na Raithní Áineasa

| conor torboid | , ,

Ó dheasghnátha na mbundúchasach Meireacánach go cógas na Lochlannach ar phian na breithe nó faoiseamh ar an neamhchodladh i dtráth na Rómhánach, is iomaí sochaí seachnóin na staire a bhain tairbhe éigin as an raithneach.

Le blianta beaga anuas tá athrú tagtha ar dhlíthiúlacht na raithní i roinnt mhaith áiteanna ar fud an domhain. Nuair a bhris paindéim COVID amach in 2020, bhí California ar cheann de na stáit i SAM a chuaigh i mbun oibre chun an luibh shícighníomhach a dhéanamh dleathach ar mhaithe le húsáid áineasa. Tá 23 stát anois ann a bhfuil an stádas dlíthiúil céanna acu i dtaobh na raithní de. Rinne Urugua an tsubstaint a dhéanamh dlíthiúil ar bhonn náisiúnta in 2013 agus rinne Ceanada agus an Téalainn amhlaidh in 2018.

Tá an raithneach áineasa mídhleathach in Éirinn faoi láthair – dlí a thiteann faoi scáth an Achta um Mí-Úsáid Drugaí 1977. Is féidir cead úsáide a iarraidh ar an Aire Sláinte ar bhonn míochaine ach is annamh a fhaomhtar an modh seo.

Stiogma atá i gceist leis an mheon dhiúltach i leith na raithní dar le gníomhaithe atá ar son an druga a dhéanamh dleathach. Ba mhaith le leithéidí Danielle Morgan, a d’oscail a siopa earraí féin in 2021 darb ainm High Minds, an stiogma seo a laghdú trí úsáid na raithní a phlé gan naimhdeas agus náire.

“Má tá deis ann meon an mhórphobail ar an phlanda seo a mhúnlú, tá mise ag déanamh mo chuidse,” ar sise. “Má tá bacainn idir tú féin agus an duine a bhfuil tú á phlé leo, cruthaíonn sin coimhlint. Dá oscailte atá tú leo, is amhlaidh is mó an oscailteacht s’acu a bheith ag éisteacht.”

Bíonn dhá insint ar gach scéal ar ndóigh, agus tá daoine ann atá go mór ina choinne seo. Déantar trácht go rialta ar an drochthionchar atá ag an chaitheamh raithní ar an mheabhairshláinte, ar an intleacht, agus ar chóras riospráide an duine. Anuas air seo, an carnadh fianaise go bhfuil airíonna éirí as ag baint lena húsáid rialta. Is dóigh le hagóideoirí go gcuirfear le fadhbanna na handúile má dheantar dleathach í.

Tugann tacadóirí na gluaiseachta an mheabhairshláinte mar fhreagra air seo, áfach. Léiríonn taighde go laghdaítear líon na laethanta ina mbíonn seandaoine ag fulaingt leis an droch-mheabhairshláinte i dtíortha ina bhfuil an raithneach dleathach agus ar fáil mar mhodh leighis.

Ní hamháin sin, ach deir siad go bhfuil buntáistí geilleagair ag baint leis an díol oscailte fiú agus rialachán ar na seirbhísí seo. Meastar go mbeidh teacht isteach bliantúil timpeall $31.8 billiún ó dhíol na raithní faoi dheireadh 2023 i SAM. In 2019, measadh go mbeadh teacht isteach £1.4 billiún ón cháin ar na táirgí sa Ríocht Aontaithe dá ndéanfadh dleathach iad. D’íocfadh an t-airgead breise seo as tuarastal na mban glúine agus na bhfoirne otharchairr sa tír, gan ach beagán de na féidearthachtaí a lua. Cá bhfios na buntáistí a bheadh ann dá ndéanfaí amhlaidh in Éirinn.

Tá an cheist bhunreachtúil go mór i mbéal an phobail – agus ceist na raithní (agus dúidín) i mbéal a lucht caite – ó pléadh é ag an Tionól Saoránach i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh. Cé nach bhfuil an raithneach luaite go sonrach i moltaí an Tionóil, moladh go ndéanfaí úsáid phearsanta drugaí mídhleathach agus níl aon mhaolú ar an phlé ó shin. An ceist ama é go dtí go mbeidh daoine in ann dúidín Gaelach a bheith acu ar an iarnród bhreá nua (a n-íocfar as leis an teacht isteach nua ón díol raithní), nó an mbeidh na hagóideoirí ró-lasta leis an fhearg?

Bígí ag súil le tuilleadh díospóireachta ar an ábhar in 2024.

The post Ré na Raithní Áineasa appeared first on NÓS.

Níos mó