Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
suil-‘go-nduiseofar-onar-neal-sinn’-ag-cop28-in-dubai

Súil ‘go ndúiseofar ónár néal sinn’ ag COP28 in Dubai

Agus deireadh ag teacht leis an mbliain is teo ar domhan a taifeadadh riamh, cuirfear tús in Dubai inniu leis an 28ú comhdháil ag na Náisiúin Aontaithe faoin athrú aeráide.

Agus uair na cinniúna linn maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide, deir na Náisiúin Aontaithe gurb é a dhéanfaidh   COP28 ná “sinn a dhúiseacht ónár néal”.

Ag comhdháil na bliana seo, déanfar Athbhreithniú Domhanda [Global Stocktake] ar conas atá ag éirí le tíortha a spriocanna a bhaint amach i leith na géarchéime athraithe aeráide agus ar cad a theastaíonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint.

Meastar go mbeidh 70,000 duine i láthair ag COP28 as seo go ceann coicíse, 140 ceannaire stáit ó gach cearn den domhan ina measc.

Beirt nach mbeidh i láthair ag an gcomhdháil ná Joe Biden, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Xi Jinping, Uachtarán na Síne, ceannairí an dá thír is measa ar domhan ó thaobh astaíochtaí carbóin.

Déanfaidh na ceannairí plé ag COP28 ar an lorg atá á fhágáil ag an athrú aeráide agus an adhaimsir ar an saol cheana féin, ar na hiarrachtaí atá ar bun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ar cé ba cheart a bheith ag íoc as téamh an domhain.

Déanfaidh an tAthbhreithniú Domhanda scagadh ar dhul chun cinn na dtíortha ó thaobh na sprice a leagadh síos i gComhaontú Pháras in 2015 go ndéanfaí an t-ardú ar theas domhanda a theorannú go dtí 1.5°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch.

Mura ndéantar é sin, deir na heolaithe go léir gur ar éigean go mbeidh daoine ábalta na stoirmeacha, an triomach, an teas agus an t-ardú ar leibhéal na farraige a sheasamh an uair sin.

Tá an domhan éirithe 1.2 céim Celsius níos teo cheana féin agus ní ag laghdú ach a mhalairt atá na hastaíochtaí gás ceaptha teasa.

Pléifear chomh maith ag comhdháil na bliana seo an ciste ‘damáiste agus caillteanais’ ar socraíodh ag COP27 go mbunófaí é.

Ceist mhór don chomhdháil cé a chuirfidh maoiniú isteach sa chiste sin agus cé a bheidh i dteideal a bheith ag tarraingt as.

Go hiondúil tacaíonn an tAontas Eorpach le cás na stát beag ar oileáin iad agus iad an-leochaileach ó thaobh na haeráide, ach tá roinnt easaontais ann le tamall, go háirithe faoi éileamh an AE go mbeadh an tSín ag íoc isteach sa chiste.

Meastar go bhfuil seans ann go dtiocfar ar mhargadh ag COP28 faoin bhfuinneamh glan a úsáid in áit breoslaí iontaise, ach bheadh fiúntas aon mhargadh dá leithéid ag brath ar na coinníollacha a bhainfeadh leis.

Deir lucht na heolaíochta go gcaithfidh tíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise láithreach bonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint.

Clár idirbheartaíochta uaillmhianach go maith a bheidh ag ballstáit an Aontais Eorpaigh ag an gcomhdháil in Aontas na hÉimíríochtaí agus tástáil mhaith a bheidh ann do cad atá i ndán do Mhargadh Glas an AE.

Beidh an tAE ag iarraidh go dtiocfaí ar shocrú go méadófaí faoi thrí an úsáid a bhaintear an foinsí fuinnimh in-athnuaite agus go bhfaighfí réidh de réir a chéile le breoslaí iontaise a scaoileann amach CO2.

Beidh an tAE ag iarraidh chomh maith go ndéanfaí socrú nach dtógfaí feasta aon stáisiún cumhachta nua a bheadh ag brath ar ghual agus go mbeadh gréasáin leictreachais i dtaobh leis an bhfuinneamh in-athnuaite amháin faoi na 2030idí.

Bhí conspóid ann roimh thús na comhdhála inniu nuair ab éigean d’Uachtarán COP28, an Sabhdán Al Jaber, a shéanadh go raibh leas á bhaint aige as na cainteanna faoin athrú aeráide chun margaí ola agus gáis a dhéanamh.

“Líomhaintí bréagacha iad, ní fíor iad, tá siad mícheart agus níl siad cruinn,” a dúirt sé.

Tá COP28 ar siúl tráth a bhfuil achrann agus easaontas mór ann faoi ionradh na Rúise ar an Úcráin agus faoin gcoimhlint is déanaí sa Mheánoirthear.

Agus gan tús curtha fós le comhdháil na bliana seo tá COP29 ag cothú aighnis cheana féin.

Baineann an t-aighneas sin le cá mbeidh comhdháil na bliana seo chugainn ar siúl.

Bhí COP29 le bheith ar siúl in oirthear na hEorpa ach tá an Rúis ag cur bac ar aon tír atá ina ball den AE an chomhdháil a reáchtáil agus tá Asarbaiseáin agus an Airméin ag cur bac ar a chéile an ócáid a óstáil.

Mar sin, tá láthair COP29 ar cheann den iliomad ceisteanna a gcaithfear réiteach a fháil orthu sula gcuirfear clabhsúr ar COP28 ar an 12 Nollaig.

Idir an dá linn, má fhanann cúrsaí mar atá, deir na Náisiúin Aontaithe gur téamh 3 céim Celsius atá i ndán dúinn agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin.

De réir tuarascáil a d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe an mhí seo caite ba ghá go laghdódh astaíochtaí 42% faoi 2030 má táthar chun an t-ardú ar theas domhanda a theorannú go dtí 1.5°C  faoi 2050.

Ciallaíonn COP ‘Comhdháil na bPáirtithe’ agus is ionann na ‘páirtithe’ agus an 197 náisiún a d’aontaigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i 1992.

Seo an 28ú huair gur tháinig na tíortha le chéile don chomhdháil.

Níos mó