Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
an-oiche-a-d’ol-shane-macgowan-‘carry-out’-breag

An oíche a d’ól Shane MacGowan ‘carry-out’ Bréag

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Ó bhásaigh an laoch ceoil Shane MacGowan Déardaoin seo caite, an 30 Samhain, tá muintir na hÉireann agus an domhain ag smaoineamh siar ar chuid de na scéalta agus na cuimhní cinn a thug fear na Pogues dóibh i rith a shaoil.

Duine de na daoine sin is ea Caoimhín Mac Giolla Catháin, amhránaí Bréag, an banna reigé Gaeilge as Béal Feirste.

“1995 a bhí ann ag Féile an Phobail i gCnoc na Foinse, Béal Feirste. Bhí Shane MacGowan agus The Popes, an grúpa a bhí leis ag an am, ag seinm agus cuireadh ceist orainn tacaíocht a thabhairt dóibh ag tús an tseó,” arsa Caoimhín.

“Nuair a bhí muid ag dul don tástáil fuaime, thug achan duine faoi deara nach raibh siad ábalta teacht ar Shane. Bhí sé ar iarraidh ar feadh tamaill ach, sa deireadh, tháinig siad air i dteach tábhairne áit éigin agus é ólta. Bhí sé iontach nádúrtha mar dhuine agus ní raibh aon éirí in airde ann. Rinne sé comhrá linn agus ba chosúil go raibh go leor suime aige sna rudaí a bhí á rá againn. Tháinig sé ar ais chuig an tseomra scíthe a bhí ann do na ceoltóirí agus bhí craic mhaith againn idir an dá bhanna sula ndeachaigh muid ar an ardán.

“Is cuimhin liom go raibh an áit dubh le daoine, bratacha na Poblachta, geansaithe Celtic. Ach bhí siad uilig ag súil le Shane, ba chuma cé chomh maith agus a bhí muid, agus mhothaigh muid go raibh siad á gcailleadh againn. An bhfuil a fhios agat faoin uair sin a dúirt U2, ‘This is not a rebel song, this is Sunday Bloody Sunday’? Bhuel, agus muid ar an ardán scairt muid, ‘F*ck U2, this is a rebel song.’ Chuaigh siad ar fad ar mire. Fuair muid ar ais iad.

“I ndiaidh na tógála croí sin, chuaigh muid ar ais chuig an tseomra scíthe agus chonaic muid gur ól Shane an deoch ar fad a bhí againn. Mar sin, nuair a chuaigh The Popes ar an ardán, ghoid muid an deoch a thug siad leo.

“Cibé ar bith, nuair a bhí Shane ar thaobh an ardáin, caitheadh geansaí Celtic chuige agus bhí sé ar mhuin na muice leis. Go hiomlán ar bís leis an gheansaí seo. Agus é ag seinm go fóill, ghoid an fear giotáir s’againn an geansaí agus chuir sé i bhfolach é. Bhí Shane trí chéile ar lorg an gheansaí seo ag rá ‘Where’s the f*ckin’ Celtic top? Give me it back.’ Ach d’éalaigh an fear giotáir leis an gheansaí agus tá sé aige go fóill.

“Sórt díoltais a bhí ann óir ghoid siad an deoch a bhí linn ach, den chuid is mó, is cuimhne mhaith í go bhfuil geansaí Celtic Shane MacGowan ag duine againn fosta. Ardfhear a bhí ann amach is amach.”

Ardfhear gan amhras nach ndéanfar dearmad air ná ar an iliomad amhrán a d’eisigh sé, cuir i gcás ‘Sally MacLennane’, ‘A Rainy Night in Soho’, agus an t-amhrán dána Nollag, ‘Fairytale of New York’ le Kirsty MacColl.

Pogue Mahone a tugadh ar The Pogues nuair a céadbhunaíodh an banna i Londain ag tús na 1980í agus ba mhór an tairbhe a rinne siad do cheol na hÉireann agus don phobal Éireannach i Sasana sa tréimhse sin.

Briseadh MacGowan as an bhanna sa tSeapáin in 1991 ach chuaigh sé i mbun oibre arís an bhliain dár gcionn le banna úr, Shane MacGowan and The Popes. Lena linn seo, thug MacGowan ceolmhaireacht a ghutha don tsingil carthanachta ‘Perfect Day’ le Lou Reed ar son Children In Need, rud a thiomsaigh £2,125,000 don charthanacht.

Is cinnte go mbeidh tuilleadh cuimhní ar Shane MacGowan ag teacht chun cinn i rith na seachtainí agus na míonna amach romhainn. Beidh sochraid an amhránaí ann Dé hAoine, an 8 Nollaig, agus táthar ag súil le haíonna móra – ó réaltaí ceoil go dtí an tUachtarán Mícheal D. Ó Huiginn – a bheith ann i measc chlann agus chairde Shane.

The post An oíche a d’ól Shane MacGowan ‘carry-out’ Bréag appeared first on NÓS.

Níos mó