Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
creimeadh-na-draiochta-i-gcorn-heineken-an-rugbai

Creimeadh na draíochta i gCorn Heineken an rugbaí

| jeff neville | ,

Is beag comórtas club i stair an rugbaí a tharraing aird an lucht leanúna air mar a tharraing an t-iar-Chorn Heineken, a dtugtar an Investec Champions Cup air anois. Fadó, bhíodh an comórtas lán le traidisiúin agus paisean ach tá athrú tagtha ar an gcomórtas chomh minic sin le blianta beaga anuas go bhfuil go leor daoine ag caoineadh an tseanchomórtais agus an leagan amach a bhí air. Mar thoradh ar an athrú éilimh, iompaíodh an comórtas ina rud nua agus fágadh an lucht leanúna ag iarraidh níos mó de bharr na gcluichí baile agus as baile a bhí mar bhuille croí an chomórtais.

D’imir Cúige Laighean i gcoinne La Rochelle an deireadh seachtaine seo caite. Ba é an chéad chluiche sa chomórtas don dá fhoireann é ach imríodh é mar a bheadh cluiche ceannais ann. San iar-Chorn Heineken, bhuailfeadh an dá fhoireann seo an dara huair go luath i mí Eanáir agus bheadh cluiche iontach eile le feiscint ag an lucht leanúna.

Bhain draíocht Chorn Heineken lena chumas dhá fhoireann a thabhairt le chéile agus scéal agus stair a chruthú eatarthu. Thug sé deiseanna d’fhoirne agus do lucht leanúna iomaíocht a chruthú nach mbeadh acu murach sin. Agus tá go leor samplaí den iomaíocht seo i mbaol anois.

B’fhéidir gur mise amháin atá ann. B’fhéidir nach bhfeicim an tarraingt chéanna don chomórtas is a chonaic mé tráth. B’fhéidir go bhfuil tionchar ag an gcumha orm ach is cuimhin liom comórtais ina raibh gach cluiche tábhachtach; anois is cosúil gur leor na cluichí baile amháin. Is deas an rud é cluichí a bhuachan as baile ach níl an bua riachtanach a thuilleadh.

Ócáid eile ar an bhféilire rugbaí atá i gCorn na Seaimpíní anois, rud a chaill suim agus cíocras i measc an lucht leanúna.

Is féidir leis na cluichí ceannais lucht leanúna a spreagadh. Smaoineamh siar ar an dá chluiche ceannais deiridh idir Laighean agus La Rochelle. Anuraidh, chuaigh Cúige Laighean chun tosaigh agus bhí an chuma ar an scéal go raibh an cluiche thart tar éis 12 nóiméad. Bhuaigh La Rochelle. An bhliain roimhe sin, thosaigh La Rochelle go mall ach bhuaigh siad fós. Bhí go leor sceitimíní ann i dtaca le cluiche an deireadh seachtaine seo caite agus ní raibh díomá ar dhaoine ina dhiaidh. Ach an mbeidh suim ag an lucht leanúna sna cluichí aon uaire idir dhá fhoireann gan aon stair eatarthu?

Ní thuigim cén fáth nach féidir leis an gcomórtas dul ar ais go dtí a sheanstruchtúr. Sé ghrúpa le ceithre fhoireann i ngach grúpa. Imríonn gach foireann in aghaidh a chéile faoi dhó agus baineann an fhoireann is fearr ó gach grúpa áit amach sna cluichí ceathrú ceannais. Tugtar an dá áit dheireanacha don dá fhoireann is fearr eile sa chraobh ina dhiaidh sin. Ciallaíonn sé go n-imríonn foirne sa bhaile agus as baile. Ciallaíonn sé go bhfuil an comórtas níos deacra mar ní bhaineann ach ocht bhfoireann áit amach in ionad sé cinn déag. Agus ciallaíonn sé go bhfaigheann an lucht leanúna taithí ar dhraíocht na gcluichí baile agus as baile i gcoinne an fhreasúra chéanna.

Ar ndóigh, cé go ndúirt mé nach dtuigim cén fáth nach féidir an struchtúr a athrú, tuigim go maith. Tá sé ar fad bunaithe ar airgead agus ag cinntiú go bhfuil na ceardchumainn mhóra sásta. Fiú más comórtas níos measa é dá bharr sin. Tuigim gur cluiche breise a bheadh i gceist freisin; tá ocht gcluiche ag an struchtúr faoi láthair agus bhí naoi gcluiche ag an seanstruchtúr. Bheadh seachtain bhreise cluichí de dhíth. Is cosúil go bhfuil údarás an rugbaí sásta cluichí a imirt a mbíonn deacrachtaí ag an lucht leanúna spéis a chur iontu. Cén fáth nach n-úsáidfidís an comórtas seo mar dheis chun an lucht leanúna mar atá faoi láthair a shásamh ach chun roinnt leantóirí nua a mhealladh chuig an spórt freisin?

The post Creimeadh na draíochta i gCorn Heineken an rugbaí appeared first on NÓS.

Níos mó