Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
draiocht-go-daingean-ag-an-fheile-cheoil-other-voices

Draíocht go Daingean ag an fhéile cheoil Other Voices

| sinead scully | ,

Le cúpla bliain anuas bhí sé de bhrionglóid agam freastal ar an bhféile cheoil is fearr sa tír (dar liom!) Other Voices. Is díograiseoir ceoil amach is amach mé agus ba mhór an FOMO a bhíodh orm bliain i ndiadh bliana ag féachaint ar lucht na féile ag spaisteoireacht is ag damhsa thart timpeall an Daingin. Scairfeanna áille á gcaitheamh acu agus gearrthóga galánta á roinnt acu de cheoltóirí iontacha ar na meáin shóisialta. Is sraith teilifíse go príomha í Other Voices atá lonnaithe i nDaingean Uí Chúis. Thar deireadh seachtaine amháin gach bliain, iompaíonn beagnach gach foirgneamh sa bhaile, idir thithe tábhairne agus drioglann fiú, ina n-ionaid ceoil le fáilte a chur roimh cheoltóirí is cruthaitheoirí as Éirinn agus thar lear. Ó bunaíodh an fhéile sa bhliain 2001, d’éirigh léi ceoltóirí mór le rá a mhealladh ó dheas idir Amy Winehouse, Mumford & Sons agus Florence and the Machine.

Faoi dheireadh thiar thall, thapaigh mé an deis freastal ar an bhféile i mbliana le mo chairde agus san alt seo, roinnfidh mé libh triúr ceoltóirí a sheas amach dom le linn na féile!

SOAK

Gné a chuireann go mór le hatmaisféar an deireadh seachtaine ná na seiteanna rúnda a eagraítear gach bliain. Ní fhógraítear cé go díreach a bheidh ag canadh go dtí 20 nóiméad sula dtosaíonn an seit. Bhí mé ag tnúth go mór leis an seit rúnda Dé hAoine agus nuair a fógraíodh gur SOAK a bhí ann, caithfidh mé a admháil nárbh eol dom cé hiad. Ach tá sé sin mar dhlúthchuid den draíocht a bhaineann leis an deireadh seachtaine seo – gur féidir teacht ar cheol nach raibh cloiste agat cheana agus aithne a chur ar cheoltóir nach raibh aithne agat orthu roimhe.

Is ceoltóir as Doire iad Soak atá ag canadh ó bhí siad an-óg. Casann siad ceol indie a phléann le mórthéamaí na hóige; féiniúlacht, grá, briseadh croí, eiseachas, cairdeas agus teaghlach.  

Faoi dheireadh na hoíche, bhí mé go hiomlán faoi gheasa ag ceol SOAK. Chuir siad leithéidí Boygenius agus Searows i gcuimhne dom. Labhair siad go mion minic leis an slua le tuilleadh léargais agus comhthéacs a thabhairt dúinn maidir le gach amhrán. Mar gheall air sin agus an ceol thar a bheith pearsanta agus leochaileach a chan siad, mhothaigh mé go raibh cara nua déanta agam faoi dheireadh an tseit. 

Is amhrán cumhachtach é ‘B a Nobody’. Fad is a bhí SOAK á chasadh i seomra beag bídeach plódaithe le daoine, chloisfeá biorán ag titim. D’éirigh le glór leithleach SOAK agus téadanna macallacha an ghiotáir aird gach duine a tharraingt faoi thitim na hoíche. 

Sweetlemondae

As an Afraic Theas ó dhúchas agus ag cur fúithi i nGaillimh anois, is rapálaí í Sweetlemondae atá ag cur le tírdhearch cheol na hÉireann lena rapanna iontacha agus fuaim R&B. Thosaigh sí ag roinnt a cuid rapanna ar Soundcloud sa bhliain 2015. Tháinig sí go mór chun cinn le linn an tsamhraidh nuair a roghnaíodh a hamhrán ‘Turn the World’ mar phríomhamhrán RTÉ ar Chorn Domhanda na mBan. Bhí sceitimíní an domhain orm (maith dom an t-imeartas focal!) í a fheiceáil mar déanaim cur síos uirthi go minic mar ‘Doja Cat na hÉireann’ le cairde liom! Agus is mar mholadh a deirim sin! Tá an-dúil agam i rapcheol agus ceol R&B. Aon uair a thagaim ar cheoltóirí Éireannacha a phléann leis an seánra seo ar ardchaighdeán, cuireann sé gliondar ar mo chroí. 

Chonaiceamar Sweetlemondae ag an stáitse 2FM oíche Shathairn. Ba i bpuball mór millteach ar chúl theach tábhairne Geaney’s a bhí sé. Rinne Sweetlemondae seit den scoth, ag cur gach aon duine a bhí ann ag canadh, ag gáire agus ag damhsa go fiáin lena ceol suáilceach. Bhí neart spáis againn san ionad áirithe sin le dul as ár gciall ar an dea-uair! Ag pointe amháin, ba léir gur theastaigh uaithi buíochas a ghabháil lena lucht leanúna nuair a chaith sí 10 nóiméad ag tógáil fón ón slua chun féiníní a thógáil leo. Spéirbhean amach is amach í agus mholfainn daoibh go léir súil a choinneáil amach di as seo amach! 

Tá an t-amhrán seo, ‘Gimme a Reason’, ina éistphéist cheart. Bhí mé féin agus mo chuid cairde á chanadh don deireadh seachtaine ar fad théis é a chloisteáil beo! 

Nealo

Toisc go bhfuil an scéalaíocht san fhuil againn sa tír seo, ní haon ionadh é go mbíonn scoth na rapálaithe againn mar thoradh. Is as Baile Átha Cliath é Nealo agus chaith sé roinnt blianta mar phríomhamhránaí i mbanna punc, Frustration, ach theastaigh uaidh a bhealach féin a chruthú nuair a chuir sé tuilleadh spéise sa cheol hip-hop. D’eisigh sé a dhara halbam ag deireadh mhí na Samhna darb ainm November Medicine. Pléann an t-albam seo le téamaí uilíocha is Éireannacha; imirce, cairdeas, teaghlach, polaitíocht, caidrimh agus níos mó. 

Chan Nealo go leor amhrán ón albam seo i ndrioglann an Daingin. Suíomh álainn le haghaidh gig bheag, creid nó ná creid! Ba dheas an rud é amhráin nuachumtha a chloisteáil a chaitheann solas ar shochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann. Rud amháin a thug mé faoi deara ag an seit seo ná an méid ceoltóirí Éireannacha a bhí sa slua; Mango, Chameleon, Rebel Phoenix agus níos mó. Ba léir go raibh an-mheas acu siúd ar cheol Nealo. Léirigh sé an cairdeas agus easpa comórtais atá idir cruthaitheoirí na tíre seo; radharc a d’árdaigh mo chroí. 

Is amhrán deas dóchasach é ‘Cereal’. Cloistear Morgana, Uly agus Rach ar an amhrán seo, a léiríonn arís an fonn mór comhoibrithe idir cheoltóirí comhaimseartha na hÉireann. Toisc go raibh mé ag éisteacht leis na hamhráin den chéad uair ag Other Voices, d’éist mé leis na focail go cáiréiseach. Sheas an curfá amach dom de bharr na híomhá cliste sna liricí, My soul is so full of holes it’s like cereal’ agus an fonn a greamaíodh i m’aigne freisin!

The post Draíocht go Daingean ag an fhéile cheoil Other Voices appeared first on NÓS.

Níos mó