Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
scannan-mor-kneecap-le-seoladh-ag-feile-sundance-2024

Scannán mór Kneecap le seoladh ag Féile Sundance 2024

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Béal Feirste, Páras, Brooklyn, Hollywood. Tá ag éirí thar cionn le Kneecap le sé bliana anuas in Éirinn agus i gcéin idir cheol agus chamchuairteanna san Eoraip agus Meiriceá Thuaidh. Is go Sundance 2024 atá siad anois, áit a mbeidh a scannán úr Kneecap, atá bunaithe ar a saol, ar an chéad scannán Gaeilge ar chlár na féile riamh.

D’eisigh an grúpa ceoil a chéad singil darb ainm ‘C.E.A.R.T.A’ in 2017 agus bhí sé ina chuid den chnuastéip rapcheoil 3CAG a lean é in 2018. Ó shin tá an triúr gríosaitheach, Móglaí Bap, Mo Chara, agus DJ Próvaí ag tarraingt aird orthu féin i Meiriceá agus ar an Mhór-Roinn. Mí i ndiaidh dóibh a bheith ina bpríomhaíonna ag Féile an Phobail i mí Lúnasa, d’fhógair na rapálaithe gur shínigh siad leis an lipéad ceoil Heavenly Recordings atá lonnaithe i Londain.

Chuir siad a gcéad singil ar an lipéad amach, ‘Better Way To Live’ ar an 15 Samhain. Tugann príomhamhránaí de chuid Fontaines D.C., Grian Chatten, tacaíocht ar an churfá le Móglaí Bap agus Mo Chara ag glacadh sealanna ar na véarsaí. Eisíodh físeán ceoil leis an singil, ar taifeadadh é i dTigh Mhadáin i lár Bhéal Feirste.

Anois tá siad ag seoladh a scannáin úir dar teideal Kneecap ag an fhéile scannán Sundance. Tá Sundance ar na féiltí scannán is mó le rá a léiríonn scannáin neamhspleácha agus a mheallann léirítheoirí agus dáileoirí scannán ó Hollywood agus níos faide i gcéin. Cuirtear an fhéile ar siúl gach mí Eanáir in Utah, SAM. Is ón fhéile seo a tháinig leithéidí Heathers (1989), Resevoir Dogs (1992), agus American Psycho (2000).

Tá an scannán bunaithe go fánach ar shaol an triúir, a chaith an chuid is mó de i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Níl siad cleachtaithe le tormán na dTrioblóidí ach tá taithí leathan acu ar na hiarmhairtí meabhairshláinte i ndiaidh coimhlinte, nó sin mar a dhealraíonn sé agus iad ag labhairt faoin tráma idirghlúine chun oideas dochtúra a fháil sa chéad spléachadh ar an scannán.

Thig amharc ar an chéad spléachadh anseo.

Glacann Móglaí Bap, Mo Chara, agus DJ Próvaí róil dhrámata bunaithe orthu féin sa scannán grinn fhrithbhunaíochta. Beidh Michael Fassbender agus Simone Kirby ar an scáileán leo chomh maith. Is é an chéad scannán Gaeilge a léireofar riamh ag an fhéile agus araon leis sin, is é an chéad scannán nach scannán as SAM é a roghnaíodh don rannóg NEXT ann. Is rannóg í seo a raibh sé mar riail aici scannáin as SAM amháin a léiriú go dtí bhris Kneecap an ceann sin fosta. Díríonn an rannóg NEXT ar ‘scéalaíocht nuálach cheannródaíoch’.

Seolfar an scannán ag Sundance an 18 Eanáir 2024. Beidh Kneecap ag casadh amhrán i mBaile Átha Cliath ar an 12 agus an 15 Nollaig sula dtéann go Meiriceá don fhéile agus do chamchuairt eile a thosóidh i Márta 2024.

Coimhéad do ghlúine mar níl aon chuma ar an scéal go bhfuil na leaids réidh le stopadh.

The post Scannán mór Kneecap le seoladh ag Féile Sundance 2024 appeared first on NÓS.

Níos mó