Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘uafas-nios-measa-fos’-i-ndan-do-mhuintir-gaza-–-na-naisiuin-aontaithe

‘Uafás níos measa fós’ i ndán do mhuintir Gaza – na Náisiúin Aontaithe

| tuairisc | ,

Ó chlis an sos cogaidh Dé hAoine seo caite tá arm Iosrael ceann ar aghaidh ag tabhairt faoin leath ó dheas a cheansú

‘Uafás níos measa fós’ i ndán do mhuintir Gaza – na Náisiúin Aontaithe

Tá grúpaí fóirithinte idirnáisiúnta an-bhuartha go deo faoi chúrsaí in Gaza agus deir siad dá dhonacht dá bhfuil cúrsaí sna críocha sin gur in olcas a ghabhfas siad mar go bhfuil sé beagnach dodhéanta acusan aon chúnamh a chuir ar fáil don phobal agus iad á n-aslonnú arís eile.

D’ordaigh Iosrael don phobal bailiú leo as tuaisceart Ghaza nuair a thosaigh an cogadh seo mí Deireadh Fómhair agus ar mhaithe lena sábháilteacht aistriú go dtí an deisceart. Ach tá ordú faighte anois acu bogadh arís go dtí ceantair faoi leith, beag beann ar na seirbhísí a bheas ansin rompu.

An chúis atá tugtha leis an ordú is déanaí seo ag údaráis mhíleata Iosrael go bhfuil rún acusan gníomh “ionsaitheach” a dhéanamh ansin in aghaidh Hamas agus grúpaí armtha eile a deir siad atá in Khan Younis i ndeisceart Gaza.

Is le dhá lá anuas ó chlis an sos cogaidh a rinne arm Iosrael cuid den bhuamáil is measa agus is leanúnaí ó thosaigh an cogadh seo.

“Má tá níos millteanaí ann, tá uafás níos measa fós i ndán dóibh, agus d’fhéadfadh nach mbeidh na hoibríochta daonnúla in ann freastal air,” a dúirt Lynn Hastings, comhordaitheoir fóirithinte na Náisiún Aontaithe sna críocha Palaistíneacha.

Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil na sluaite daoine atá tinn agus leonta ag plódú isteach sa gcúpla ospidéal atá fós ag feidhmiú.

Baol mór eile go bhféadfadh an géarú ar an mbuamáil agus an troid ceangal idirlín na n-ionad leighis a bhriseadh.

“Chonaiceamar céard a tharla i dtuaisceart Gaza. Níl sé ceart go mbeadh an plean céanna i gceist sa deisceart,” a dúirt urlabhraí an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

Tuairiscítear gur tugadh ordú do dhaoine i gceantair ina bhfuil cónaí ar 600,000 duine go gcaithfidís ar fad imeacht.

De réir mar atá arm Iosrael ag déanamh a bhealaigh isteach sa gceantar deireanach a atá faoi smacht Hamas, tá an pobal sibhialtach á ndíbirt go dtí áiteanna agus gan a fhios acu an mbeidh sábháilte ansin.

D’éirigh le hIosrael smacht a fháil cuid mhaith ar thuaisceart Gaza an mhí seo caite. Ó chlis an sos cogaidh Dé hAoine seo caite tá arm Iosrael

ceann ar aghaidh ag tabhairt faoin leath ó dheas a cheansú.

Maraíodh 1,200 duine nuair a thug Hamas ruathar thar teorainn ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair agus fuadaíodh thart ar 240 duine idir óg is aosta mar ghialla.

Deir aireacht sláinte Gaza atá faoi cheannas Hamas go bhfuil breis is 15,800 duine, thart ar 6,000 páiste ina measc, curtha den saol ó shin in ionsaithe díoltais Iosrael.

Níos mó