Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
an-dli-a-chur-ar-theaghlach-sa-fhrainc-as-ainm-traidisiunta-briotainise-a-thabhairt-ar-a-mac

An dlí á chur ar theaghlach sa Fhrainc as ainm traidisiúnta Briotáinise a thabhairt ar a mac

| Tuairisc.ie | ,

Tá an dlí á chur ar bheirt tuismitheoirí sa Fhrainc as ainm traidisiúnta Briotáinise a thabhairt ar a mac.

Fañch a thug an bheirt ar a mac a saolaíodh an samhradh seo caite agus, ní den chéad uair, tharraing an tilde (˜) atá os cionn na litreach ‘n’ san ainm sin aird na n-údarás.

Tá an teaghlach as Maine-et-Loire le tabhairt os comhair breitheamh gnóthaí teaghlaigh in Angers an mhí seo chugainn agus tá a gcás ar an gcor is déanaí in aighneas fada faoin ainm Briotánach, aighneas ar a dtugtar ‘L’affaire Fañch’.

Mar a chéile Fañch sa Bhriotáinis agus François sa bhFraincis nó Proinsias sa Ghaeilge, ach tá cosc ar úsáid an tilde (~) i gcáipéisí sibhialta.

Fearacht síneadh fada na Gaeilge, tá an tilde riachtanach do chruinnfhuaimniú na Briotáinise – cuireann an tilde (˜) an tsrónaíl san ainm Fañch in iúl.

Cé gur gealladh go minic go dtarraingeofaí siar an ciorclán aire ó 2014 ina liostaítear na diaicriticí atá ceadaithe in ainmneacha baiste sa Fhrainc, níor leasaíodh riamh é.

Bíodh sin mar atá, ceadaíonn údaráis réigiúnacha go minic ainmneacha amhail Fañch agus an tilde atá ina dhlúthchuid de.

Nuair a rugadh Fañch an samhradh seo caite tugadh rabhadh dá thuismitheoirí agus iad fós sa bharda máithreachais go bhféadfadh go mbeadh deacracht lena ainm, ach mhóidigh siad go gcuirfidís troid suas chun ainm a mic a chosaint dá mba ghá.

Tá an troid sin ina tús anois agus éileamh déanta ag ionchúisitheoir poiblí Angers ar an mbreitheamh ainm Fañch a bhaint dá theastas breithe, agus Fanch nó ainm eile a thabhairt air, le toil nó gan toil na dtuismitheoirí.

Dúirt máthair Fañch leis an nuachtán Courrier de l’Ouest, nach raibh aon ghlacadh acu le tuairim an ionchúisitheora.

“Tá siad ag insint dúinn nach bhfuil aon aird againn ar leas ár bpáiste. Tá sé sin an-tromchúiseach. An rud atá á thabhairt le fios ná gur drochthuismitheoirí sinn, agus sin uile mar gheall ar tilde. Ainm baiste atá ann a thaithníonn go mór linn agus atá fréamhaithe i mo dhúchas Briotánach.”

Dúirt Uachtarán Chomhairle Réigiúnach na Briotáine, Loïg Chesnais-Girard, gur “dochar sóisialta nach bhféadfaí glacadh leis” a bhí sa chinneadh agus dúirt sé gur gá aitheantas agus cosaint a thabhairt do “shaibhreas shainiúlachtaí na réigiún”.

“Tá oifig ionchúisitheoir poiblí Angers ag iarraidh ar an mbreitheamh gnóthaí teaghlaigh ordú a thabhairt go scriosfaí ar an teastas breithe an t-ainm baiste Fañch agus ‘go dtabharfaí ainm baiste eile ar an bpáiste le toil na dtuismitheoirí nó gan an toil sin murab ann di’. A leithéid de dhochar!”

De réir an dlí sa Fhrainc, níl cead do rogha ainm a thabhairt ar pháiste agus bíonn srianta áirithe i gceist. Is féidir le lucht cláraithe cás a dhéanamh ainm a athrú má shíleann siad gur ar aimhleas an pháiste a bheadh sé an t-ainm sin a bheith orthu.

Déantar sin, mar shampla, má shíltear go bhféadfadh go ndéanfadh an t-ainm ceap magaidh den pháiste.

Caidreamh casta mhionteangacha na Fraince leis an stát

Tugadh chun cúirte cúpla bliain ó shin beirt a bhí ag iarraidh Griezmann-Mbappe, sloinnte beirt de laochra sacair na Fraince, a thabhairt ar a bpáiste.

Ar na hainmneacha eile ar cuireadh stop le tuismitheoirí iad a úsáid, tá Nutella, Fraise (sú talún), Mini-Cooper, MJ (tagairt do Michael Jackson) agus Fish et Chips.

Ainm ársa Briotánach é Fañch, áfach, agus ceadaíodh a úsáid i gcásanna eile roimhe seo.

Sa bhliain 2019 fuarthas cead ar deireadh sa chúirt Fañch a thabhairt ar pháiste a rugadh dhá bhliain roimhe sin.

Nuair a rugadh Fañch Bernard in Quimper in 2017, dhiúltaigh oifigeach rialtais an tilde a úsáid ar a theastas breithe agus Fanch a thug sé air.

Chuir oifigeach níos sinsearaí an cinneadh sin ar ceal ach má rinne chuaigh ionchúisitheoirí i muinín na cúirte lena chinntiú go léireofaí an “meas” cuí ar stádas na Fraincise .

Cé go mbíodh an tilde á úsáid sa Fhraincis ar feadh i bhfad, rialaigh an chúirt nach raibh aon “aitheantas” aige sa teanga sin. Dúradh dá gceadófaí úsáid an tilde agus an t-ainm Fañch gur “sárú” a bheadh ann ar an gceart sa dlí “aontacht na tíre” a chosaint.

Cuireadh an cinneadh sin ar ceal i gcúirt achomhairc in Roazhon [Rennes] a rialaigh nár bhaol an tilde ná ‘Fañch’ do chóras an stáit.

Níorbh é sin deireadh an scéil, áfach.

Rinne ard-aighne Roazhon achomharc go dtí an chúirt shibhialta is airde sa tír agus imní air go bhféadfadh go mbainfeadh “impleachtaí ar bhonn náisiúnta” le ceadú Fañch mar ainm.

Dhiúltaigh an chúirt i bPáras don achomharc.

In 2021 glacadh le dlí i bparlaimint na Fraince chun teangacha réigiúnacha a chur chun cinn, dlí a dhaingnigh ceart tuismitheoirí ainmneacha leis an tilde agus diaicriticí eile a roghnú dá bpáistí.

Ba é sin an chéad uair ar tugadh isteach dlí nua ar mhaithe leis na teangacha réigiúnda ó bunaíodh Cúigiú Poblacht na Fraince i 1958.

Measadh gur lá stairiúil a bhí ann nuair a tugadh isteach an dlí nua ach buaileadh buille mór ar theangacha réigiúnacha na Fraince nuair a rialaíodh an mhí dár gcionn go raibh an dlí míbhunreachtúil.

Mhaígh an Chomhairle Bunreachta go raibh dhá alt den bhille in aghaidh Alt 2 de Bhunreacht na Fraince a deir gurb í an Fhraincis “teanga na Poblachta”.

Scríobhadh leabhar faoi ‘L’Affaire Fañch’ dar teideal Fañch – le prénom breton qui a fait trembler la République nó ‘Fañch, an céadainm Briotáinise a bhain creathadh as an bPoblacht’.

Níos mó