Tá Gabriel Attal ceaptha ag Emmanuel Macron ina phríomh-aire ar an bhFrainc.
34 bliain d’aois atá Attal, a bhí ina aire oideachais, rud a fhágann gurb é an príomh-aire is óige riamh ar an bhFrainc.
Chomh maith leis sin, tá Attal ar an gcéad duine ar dhuine aerach go hoscailte é le bheith ina phríomh-aire ar an bhFrainc.
Tiocfaidh Attal i gcomharbacht ar Élisabeth Borne. Agus atheagar ar an rialtas beartaithe ag Macron, d’éirigh Borne as inné tar éis 20 mí in oifig.
“Tá an tUasal Gabriel Attal The President of the Republic ceaptha ina phríomh-aire ag Uachtarán na Fraince agus an cúram leagtha air rialtas a bhunú,” a dúradh i ráiteas.
Tá iarracht ar siúl ag Uachtarán na Fraince anam a chur ina dara téarma agus é sracadh leis gan aon mhóramh sa pharlaimint aige le tamall.
Bhí fadhbanna go leor aige anuraidh chomh maith nuair a bhí agóidí forleathan ann faoin a bplean leasú a dhéanamh ar chúrsaí pinsin. Bhí scoilt mhór ina pháirtí féin chomh maith faoi bhille imirce.
De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, tá Attal ar dhuine de na polaiteoirí is mó a bhfuil meas ag muintir na Fraince faoi láthair. Tá cáil ar Attal as a scileanna cumarsáide agus a dheisbhéalaí i mbun díospóireachta, cáil a thuill an leasainm ‘Naoscaire na bhfocal’ dó.
Tugtar an “jeune loup de la Macronie”, nó “mac tíre beag Macron” chomh maith air.
Tá dul chun cinn an-tapa déanta ag Attal i saol na polaitíochta. Ar thaithí oibre sa roinn sláinte a bhí sé deich mbliana ó shin. Rinneadh urlabhraí de chuid pháirtí Macron é in 2018 ach faoi dheireadh na bliana sin bhí sé ina aire sóisir oideachais i rialtas Édouard Philippe. Agus gan é ach 29 bliain d’aois bhí sé ar an aire is óige riamh i gCúigiú Poblacht na Fraince.
Dream airgid a bhí i muintir Attal, arb as Páras dó, agus chuaigh sé go dtí an École Alsacienne, an scoil phríobháideach cáiliúil i bPáras a sholáthraíonn go leor de cheannairí na tíre.