Tá cainteoirí laethúla Gaeilge ina mionlach i mbeagnach 90% de thoghroinn na Gaeltachta.
De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí daonáirimh nua, níl cainteoirí laethúla Gaeilge ina dtromlach ach in 20 den bhreis is 150 toghroinn Ghaeltachta sa stát.
De réir na hanailíse, níl oiread is toghroinn amháin sa Ghaeltacht ina labhraíonn níos mó ná dhá thrian den phobal an Ghaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais.
Is é atá i gceist le cainteoirí laethúla Gaeilge san anailís seo ná daoine atá trí bliana d’aois nó os a chionn a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga i measc an phobail.
Deir réir an daonáirimh, labhraíonn 20% de phobal na Gaeltachta, nó 20,261 duine, an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
Thug beagnach 6,500 duine eile sa Ghaeltacht le fios go raibh labhairt na Gaeilge ‘an-mhaith’ acu ach nach labhraíonn siad í gach lá.
Tá 152 toghroinn sa Ghaeltacht, nó tá cuid díobh sa Ghaeltacht.
Idir Daonáirimh 2016-2022, tháinig laghdú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge in 82 de na toghranna sin, beagán os cionn a leath.
Tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla idir 2016-2022 i 31 toghroinn Ghaeltachta agus mar a chéile a bhí an céatadán cainteoirí laethúla sa 39 toghroinn eile.
De réir Dhaonáireamh 2016, bhí trí thoghroinn in iardheisceart Chonamara – Garmna (Tír an Fhia agus Leitir Mealláin), Leitir Móir, agus Loch na Scainmhe (Carna agus Cill Chiaráin) – ina raibh breis is dhá thrian den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Ba iad na trí cheantar ba láidre sa stát ó thaobh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge ach fágann an laghdú ar líon na gcainteoirí sna trí cheantar ó shin nach bhfuil aon toghroinn sa tír ina bhfuil beirt as gach triúr inti ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.
Líon na gCainteoirí Laethúla sa Ghaeltacht – Na toghranna is láidre
Contae | Toghroinn | Daonra 3+ | Cainteoirí Laethúla | Céadtadán |
---|---|---|---|---|
Gaillimh | Leitir Móir | 862 | 549 | 64% |
Gaillimh | Camas | 318 | 202 | 64% |
Ciarraí | Dún Chaoin | 204 | 130 | 64% |
Gaillimh | Garmna (Tír an Fhia agus Leitir Mealláin) | 1,290 | 814 | 63% |
Ciarraí | Cill Chuáin (Paróiste Múrach) | 405 | 257 | 63% |
Gaillimh | Loch na Scainmhe (Carna/Cill Chiaráin) | 588 | 364 | 62% |
Gaillimh | An Turlach (Ros Muc) | 537 | 326 | 61% |
Gaillimh | An Crompán (An Cheathrú Rua) | 2,573 | 1,542 | 60% |
Gaillimh | Sailearna (Cois Fharraige Thiar) | 1,457 | 867 | 60% |
Gaillimh | Árainn | 1,311 | 768 | 59% |
Gaillimh | Cill Chuimín (Ros an Mhíl) | 1,353 | 779 | 58% |
Ciarraí | Dún Urlann (Paróiste an Fheirtéaraigh) | 471 | 266 | 56% |
Dún na nGall | Mín an Chladaigh | 1,358 | 747 | 55% |
Gaillimh | Cill Aithnín (Cois Fharraige Thoir) | 1,072 | 587 | 55% |
Ciarraí | Márthain | 250 | 137 | 55% |
Dún na nGall | Machaire Chlochair | 2,761 | 1,461 | 53% |
Gaillimh | An Cnoc Buí | 850 | 439 | 52% |
Dún na nGall | Gort an Choirce | 1,643 | 860 | 52% |
Gaillimh | Abhainn Ghabhla/Doire Iorrais | 295 | 149 | 51% |
Dún na nGall | Dún Lúiche | 671 | 337 | 50% |
*Is ionann cainteoirí laethúla Gaeilge sa taighde seo agus cainteoirí a labhraíonn an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais gach lá
I nGarmna, thit céatadán na gcainteoirí laethúla ó 72% in 2016 go dtí 63% in 2022, titim ó 71% go dtí 64% a bhí i gceist i Leitir Móir agus laghdaigh an céatadán ó 67% go dtí 62% i Loch na Scainmhe idir 2016-2022.
Tá toghroinn Leitir Móir ar cheann de thrí cheantar ina labhraíonn 64% den phobal an Ghaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais, an céatadán cainteoirí laethúla is airde sa stát.
An céatadán céanna atá i gCamas i gConamara agus i dtoghroinn Dhún Chaoin i gCorca Dhuibhne.
Bhí Dún Chaoin ar cheann de na toghranna inar tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge idir 2016- 2022. Bhí 60% de phobal an cheantair ina gcainteoirí laethúla de réir Dhaonáireamh 2016 ach d’ardaigh an figiúr sin go dtí 64% faoi 2022.
Den 14 toghroinn Ghaeltachta i gCorca Dhuibhne, tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i sé cinn acu. Bhí toghroinn Chill Chuáin, nó Paróiste Múrach, i measc na gceantar sin agus í ar an gcúigiú toghroinn is láidre sa tír ó thaobh cainteoirí laethúla. 63% den phobal ansin a thug le fios go labhraíonn siad an Ghaeilge chuile lá taobh amuigh den chóras oideachais, ardú ó 56% in 2016.
Den 20 toghroinn ina bhfuil breis is 50% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, tá 12 acu i nGaillimh, tá ceithre cinn i gCorca Dhuibhne agus tá na ceithre cinn eile i nDún na nGall.
I measc an 20 ceantar sin, ba iad Dún Chaoin, Cill Chuáin agus Márthain (inar ardaigh an céatadán cainteoirí laethúla ó 50% go dtí 55%) i gCorca Dhuibhne agus Oileáin Árann (57% – 59%) na ceithre toghroinn inar tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla idir 2016-2022.
Ní raibh aon athrú i gceist ar An Turlach (61%), i Sailearna (60%) ná i nDún Urlann (56%) le linn na tréimhse céanna.
Dá gcuirfí cur chuige na gcatagóirí a moladh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007, cur chuige nár glacadh léi, i bhfeidhm ar na figiúirí nua thart ar 17 toghroinn Ghaeltachta a bheadh áirithe ina gceantair ‘Catagóir A’.
Bhí 24 toghroinn áirithe ina gceantair ‘Catagóir A’ nuair a foilsíodh an staidéar ar dtús agus 21 a bhí ann nuair a rinneadh nuashonrú ar an staidéar in 2015.
Sa nuashonrú sin, bhí daoine a labhair an Ghaeilge go laethúil sa chóras oideachais amháin áirithe i measc na gcainteoirí laethúla.
Dá ndéanfaí toghranna na Gaeltachta a rangú de réir líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais, ní bheadh aon cheantar ‘Catagóir A’ fágtha.
Léiríonn na figiúirí is déanaí atá foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh nach bhfuil ach cúig Limistéar Pleanála Gaeltachta ann ina labhraíonn breis is leath den phobal an Ghaeilge chuile lá – Toraigh (69%) Ceantar na nOileán (63%), An Cheathrú Rua (60%), Oileáin Árann (59%) agus Conamara Láir (51%).
De réir na bhfigiúirí a d’fhoilsigh an CSO roimhe seo, tháinig laghdú 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht – ó 20,586 in 2016 go dtí 20,261 in 2022.
Ba é Daonáireamh 2022 an dara daonáireamh as a chéile inar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.
Laghdú 11% a bhí i gceist idir 2011-2016.