Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
rabhadh-bui-fuachta-agus-oighir-eisithe-ag-met-eireann

Rabhadh buí fuachta agus oighir eisithe ag Met Éireann

| Tuairisc.ie | ,

Tá chuile chosúlacht air nach dtiocfaidh aon mhaolú ar an bhfuacht roimh an Aoine

Rabhadh buí fuachta agus oighir eisithe ag Met Éireann

Tá rabhadh buí fuachta agus oighir eisithe ag Met Éireann don tír ar fad agus an baol ann go mbeidh an teocht cúig chéim faoin reophointe anocht i roinnt contaetha.

Beidh an rabhadh fuachta seo i bhfeidhm óna 9.00pm anocht go dtí a 10.00am maidin amárach.

Tá chuile chosúlacht air nach dtiocfaidh aon mhaolú ar an bhfuacht roimh an Aoine agus go mbeidh an teocht trí chéim faoi bhun an reophointe chuile oíche an tseachtain seo.

A bhuíochas don ardbhrú atá ina mháistir sa tír an tseachtain seo, beidh an aimsir tirim fuar agus roinnt gréine againn. Le titim na hoíche siocfaidh sé agus beidh oighear ar dhromchlaí agus paistí ceo agus ceo seaca ann.

Tá fainic curtha ag Met Éireann ar aon duine a bheidh ag tabhairt faoi aon taisteal go bhféadfadh contúirt a bheith ar bhóithre de bharr an tseaca chrua a fhágfaidh paistí ceo trom in áiteanna agus stráicí bóthair ina reothalach.

Measann Met Éireann gur in iarthar na tíre is measa a bheidh an sioc agus an t-oighear.

Triomach atá á ghealladh dúinn ar fad seachas Cill Mhantáin, Loch Garman, sléibhte Bhaile Átha Cliath agus áiteanna i bPort Láirge mar a bhféadfaí corrcháitheadh sneachta a fheiceáil.

Níor mhór do dhaoine i lár tíre agus sa tuaisceart a bheith ar a n-airdeall amárach mar go bhféadfadh ceo seaca a bheith ina mullach.

Fuar feanntach a bheidh sé anocht, sioc crua forleathan agus paistí leac oighir ar bhóithre is cosáin. Beidh sé tirim ach d’fhéadfadh brat éadrom sneachta titim ar thalamh ard san oirdheisceart agus san oirthear.

Beidh an teocht idir 5 chéim faoin reophointe agus céim amháin os a chionn, leoithne ghaoithe chugainn anoir agus paistí ceo agus ceo seaca in áiteanna.

Sioc is leac oighir a bheidh roimh ár bhformór le gealadh an lae amárach agus brat éadrom sneachta in áiteanna. Lá tirim eile i ndán dúinn seachas corrmhúr fánach leis an gcósta thoir. Beidh an teocht idir dhá chéim agus sé chéim Celsius agus leoithne éadrom nó measartha anoir ann. Le dul faoi na gréine cuirfidh sé sioc arís agus beidh leac oighir fairsing.

Beidh sé an-fhuar anocht agus san oíche amárach ach táthar ag tuar go mbeidh teoide bheag chugainn faoin gCéadaoin nó an Ðéardaoin.

Is amhlaidh an scéal ó oifig na haimsire ar an taobh eile den teorainn agus oíche fhuar fheannaideach á tuar ansin anocht, an teocht ceithre chéim faoin reophointe agus sioc forleathan ar fud an chuid sin d’Ulaidh.

Tá achainí déanta ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann ar thiománaithe a bheith fíorchúramach go deo ar bhóithre, go háirithe na bóithre sin nach bhfuil aon ghrean scartha orthu ag na comhairlí áitiúla mar go bhfuil siadsan ina reothalach ag sioc crua.

Níos mó