Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
sraith-nua-ar-netflix-agus-ainmneacha-ar-na-geansaithe-–-an-rugbai-ag-dul-chun-cinn

Sraith nua ar Netflix agus ainmneacha ar na geansaithe – an rugbaí ag dul chun cinn

| jeff neville | ,

Bhí an t-ádh dearg orm gur tugadh chuig cluiche de chuid na Mumhan mé ag aois óg. Is cuimhin liom go raibh Mumha ag imirt in aghaidh Chúige Uladh agus, tar éis an chluiche, fuair mé síniú David Humphreys.

Sin ceann de na cuimhní is luaithe atá agam maidir leis an rugbaí ach tá cúis ann go raibh a fhios agam cérbh é David Humphreys: bhí mé tar éis a bheith ag breathnú air i gCraobh na Sé Náisiún. Tá mé cinnte gur chuir líon mór de lucht leanúna rugbaí suim sa spórt ar dtús tríd an gcomórtas sin. Tá sé ar fáil le féachaint ar an teilifís saor in aisce agus is uirlis ollmhór é maidir le fás an chluiche.

I mbliana beidh ainmneacha na n-imreoirí ar chúl a ngeansaí agus is céim mhór é seo i dtreo an cluiche a fhás. Déarfaidh daoine áirithe nár cheart go dtarlódh sé ach ní aontaím in aon chor leo. Don bhreathnóir ócáideach atá díreach ag féachaint ar chluiche nó dhó, ciallaíonn sé go bhfuil siad in ann labhairt faoin gcluiche ar bhealach níos compordaí agus foghlaim cé hiad na himreoirí agus cén ról atá acu ar an bpáirc.

Is féidir linn breathnú ar an gceist ó thaobh airgid de freisin. Cé mhéad geansaí sacair a fheiceann tú in aghaidh na seachtaine le hainmneacha imreoirí agus a n-uimhreacha ar chúl? Cé mhéad airgid a ghineann ainmneacha imreoirí ar gheansaithe sacair dá bhfoirne? Nuair a shínigh Ronaldo agus Messi do chlubanna éagsúla clúdaíodh costas a dtáillí aistrithe le díolacháin na ngeansaithe amháin.

Is gnó é an spórt gairmiúil. Tá an bua tábhachtach ach is é an t-airgead an rud is tábhachtaí. Sin í an fhírinne bhrónach. Más féidir le hainmneacha imreoirí ar gheansaithe cabhrú le níos mó airgid a bhailiú agus cabhrú le lucht leanúna nua a thabhairt isteach sa spórt freisin, ní dhrochrud é.

An mhí seo, eiseofar clár faisnéise ar Netflix bunaithe ar Shé Náisiún na bliana seo caite. Beidh agallaimh ann le himreoirí agus buaicphointí ó na cluichí. Tá súil agam gur clár faisnéise a bheidh ann a ardóidh próifíl an rugbaí ar an mbealach céanna a rinne Drive to Survive do F1.

Is deis ollmhór é don spórt a léiriú cé chomh maith agus atá sé. Tá seans ann lucht féachana nua a mhealladh, lucht féachana nach mbeadh ag féachaint ar rugbaí murach sin. Cé mhéad duine a bheidh ag breathnú ar an gclár faisnéise seo agus ansin a fheicfidh go bhfuil Craobh na Sé Náisiún ag tosú cúpla seachtain ina dhiaidh sin agus a spreagfar an comórtas a leanúint mar thoradh?

Gineann na rudaí seo go léir airgead. Is é sin an rud is tábhachtaí i sochaí na linne seo. Sampla eile is ea Páirc Musgrave a athrú go Virgin Media Park trí chomhaontú nua a bhaint amach idir Cúige Mumhan agus Virgin Media. Dá mhéad airgead atá ag foireann, is amhlaidh is mó is féidir leo a bhaint amach, rud a fhágann go ndéanann an spórt trí chéile dul chun cinn.

The post Sraith nua ar Netflix agus ainmneacha ar na geansaithe – an rugbaí ag dul chun cinn appeared first on NÓS.

Níos mó