Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
albaim-na-miosa-le-ben-o-faolain-–-feabhra-2024

Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Feabhra 2024

| Ben O Faolain | ,

Liam Bailey – Zero Grace (Big Crown)

Sasanach de bhunadh Iamáice é Liam Bailey a bhfuil rud nó dhó le rá aige anseo faoin drochthionchar ar aigne an duine atá ag oidhreacht choilíneach impireacht na Breataine (‘Mercy Tree’), an t-alcólachas (‘Sour Wine’), saol clainne anordúil (‘Disorder Starts At Home’) agus an grá féin fiú (‘Winter Is Within Thee’).

É sin ráite, is albam dearfach sultmhar é Zero Grace. Ceiliúradh ar chumhacht tharchéimnitheach an ghrá iad na hamhráin ‘Dance With Me’ agus ‘Canary In The Coal Mine’.

Léirithe le snas ag Leon Michels (El Michels Affair), tá fuaim an albaim fréamhaithe sa cheol sól-reigé beoga a bhíodh á thaifeadadh in Iamáice ag deireadh na 60idí, chomh maith le func-cheol New Orleans na linne céanna.

Cuirtear stíl chur i láthair amhránaíocht Peter Tosh agus Elvis Costello i gcuimhne dom – a ghrá is a ghráin ar bharra a ghéag aige.

Fear cróga ar bhealach funcaí a shlánaithe.

Medicine – One The Bed (Laner Archival Service)

On The Bed by Medicine

Seanfhondúirí an cheoil noise-rock, Medicine, ag tabhairt faoi cheol The Beatles atá le clos anseo.

N’fheadar fútsa, a léitheoir, ach nuair a éistimse le leagan clúdaigh d’amhrán, is fearr go mór liom nuair a ghlactar seilbh cheart ar an rud ná nuair a chuirtear leagan ró-ómósach den bhunamhrán faoinár mbráid.

I gcás On The Bed, cabhraíonn sé nach raibh ach dhá cheann de na hamhráin seo cloiste cheana agam (‘She Said She Said’, ‘Tell Me Why’), ach casann Medicine gach nóta anseo ar nós gur leo féin é ar aon chor.

Ach amháin sa chás gur fan mór de chuid an cheathrair iontaigh thú, is beag seans go mbeidh formhór na bpíosaí seo cloiste agatsa ach oiread. Tá idir amhráin bainte ó chúl cheirnín 7” (‘Blue Jay Wire’), amhráin ó sheisiúin bheo nó raidió, agus poirt aonair de chuid Ringo Starr (‘Photograph’) agus George Harrison (‘On The Bed’) i gceist Leo.

Tá raic shaibhir shícidéileach scaoilte tógtha anseo ag Medicine – éist gan réamhchlaonadh.

Newdad – Madra (Atlantic)

Thóg sé tamall orthu, ach tá albam debut Newdad na Gaillimhe chugainn ar deireadh thiar thall.

Ta an madra áirithe seo go maith ábalta léimt trí fhonsaí marcáilte ‘shoegaze’ agus ‘indie-cheol na staideanna móra’ ach más ag súil le cleas nua ar bith ón ainmhí séimh atá tú, beidh díomá ort.

Nuair a aimsíonn siad an sprioc tá amhráin Newdad go breá. Ba bhreá liom ‘Angel’ a chlos beo, agus tá obair léiriúcháin Alan Moulder ar Madra gan locht.

Ní mór a admháil, áfach, go measaim struchtúr ard-ciúin-ard-ciúin ‘Let Go’ agus ‘Madra’ féin a bheith seanchaite, agus tá an t-amhrán ‘Sickly Sweet’ go díreach sin, rómhilis.

Sandwell District – Where Next? (Point Of Departure)

Bímis ionraic faoi – tá bogearraí ceoil chomh so-úsáidte sin sa lá atá inniu ann go bhféadfadh garsún nó gearrchaile bunscoile port teicneo cuibheasach maith a léiríu gan mórán dua.

Ceird seachas ealaín atá i gceist le ceol a chumadh go dtí go sroichtear an pointe nuair is mó éifeacht an cheoil ar an éisteoir ná mar a bheifeá ag súil leis ó mhéid a chodanna.

Cás den chineál seo a bhí riamh i gceist leis an gceol a eisítí ar an lipéad Sandwell District. Teicneo domhain dorcha neamhghéilliúil le casadh i seomraí dorcha ar challairí ollmhóra. An modh díreach. Cloigne cromtha. Réabháil.

Tá roinnt de na rianta is fearr a d’eisigh an lipéad idir na blianta 2002-2011 le clos anseo, ó leithéidí Regis, Function, Silent Servant agus Sandwell District féin.

An bhfuil athmheascán griothalach Kalon de ‘Violencia’ ar an bport dub-teicneo is gleoite dá bhfuil ann? B’fhéidir é, a chara, b’fhéidir é.

The Beat – I Just Can’t Stop It (Rhino)

Bhí cáil níos mó ar The Specials ná The Beat riamh ach, domsa, tá I Just Can’t Stop It ar an albam is fearr ó ré an Ska 2 Tone mar shaothar éisteachta ann féin.

Ní hamháin go bhfuil I Just Can’t Stop It lán le singlí iontacha (‘Mirror In The Bathroom’, ‘Best Friend/Stand Down Magaret’, ‘Hands Off She’s Mine’), tá luas agus fuinneamh tógálach ag baint leis ó thús deireadh.

Tá scata mór athleaganacha agus leaganacha beo de na bunamhráin le haimsiú ar an dlúthdhiosca nua, más spéis leat a leithéid. Beadsa sa tóir ar an gcló vinile dúbailte os rud é go raibh mo bhunchóip ón mbliain 1980 i gcónaí róchiúin le casadh i seit dioscmharcaíochta sna clubanna.

The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Feabhra 2024 appeared first on NÓS.

Níos mó