Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
an-glas-iad-na-pairceanna-nfl-i-bhfad-uainn?

An glas iad na páirceanna NFL i bhfad uainn?

| seamas mac eochaidh | ,

Agus séasúr an ‘Superbowl’ nó ‘Swiftiebowl’ curtha dínn againn anois, is mór an trua gur chaill na 49ers. Is mó an trua, áfach, go bhfuil ‘Swiftogeddon’ faoi lán seoil anois agus go mbíonn níos mó plé ar agus am an cheamara ag Swift agus Kelce ná athfhéachaint ar aon phíosa den pheil (Mheiriceánach – ná tagaigí chugam ag gearán faoin difear idir peil, sacar, agus peil Ghaelach).

Cé go raibh bua den scoth ag na Chiefs agus ainm Paddy Mahomes anois cinntithe sa stair go deo na ndeor mar cheathrúchúlaí de na ceathrúchúlaithe is fearr dá raibh riamh ann, tá an gnáthchlúdach bliantúil NFL le fanacht in Éirinn go ceann cúpla seachtain eile cibí. Thosaigh an gnáthchlúdach NFL ‘bliantúil’ go luath sna meáin in Éirinn i mbliana agus nuacht á scaoileadh go mbeidh grúpa imreoirí CLG ag glacadh páirt sa ‘chomhaontachas’ NFL in Indianapolis ar an tseachtain seo chugainn. Rory Beggan, Charlie Smyth agus Mark Jackson an triúr a bheas ag iarraidh cuid a chur leis an taisteal thrasatlantach. Ní féidir liom a shéanadh go bhfuil m’aird níos dírithe ar an chomhaontachas i mbliana ná an Superbowl féin.

An chéad chéim mhór shuntasach atá feicthe ag muintir na hÉireann ar an chonair idirnáisiúnta imreoirí (International Player Pathway) atá ann. Bunaithe in 2017, is iad na príomhspriocanna leis an ‘chonair idirnáisiúnta imreoirí’ ná, ar an chéad dul síos, tuilleadh deiseanna a chruthú do lúthchleasaithe thart ar an domhan le spás a shaothrú ar phainéal NFL agus dá bharr sin, líon na n-imreoirí idirnáisiúnta sa tsraith a ardú. Níos tábhachtaí fós, den chéad uair riamh (go bhfios domsa), tá seans ann go mbeidh Gaeilgeoir ag imirt san NFL. D’fhreastail Smyth ar Choláiste Mhuire, Béal Feirste, áit a ndearna sé cúrsa BOid leis an Ghaeilge mar phríomhábhar aige. Anois, sin scéal d’Ivan Yates!

Táthar ann den bharúil nach bhfuil i gceist ach nósmhaireacht agus go mbeidh an triúr ar ais lena gcontaetha sa bhaile go luath. Deirtear nach bhfuil an magadh go maith ach ba léir go raibh Vinney Corey, bainisteoir Mhuineacháin, ag iarraidh a shíocháin féin a dhéanamh leis an chinneadh a ghlac Beggan le triail a bhaint as an chomhaontachas NFL agus é ag maíomh go mbeidh beirt chúl báire den scoth ag Muineachán nuair “a thagann Rory ar a chiall arís”. Cé go raibh Corey leath ag magadh, tá deis ann go n-imeoidh Beggan go Meiriceá le bheith ina imreoir NFL gairmiúil agus is amhlaidh atá sé le Smyth agus Jackson.

Tá riail ag an NFL na laethanta seo gur gá d’imreoir amháin idirnáisiúnta a bheith ar an phainéal (painéal oiliúna san áireamh). Cuir sin leis an tallann nádúrtha ciceála atá ag an triúr a bheas ag imeacht thar sáile anonn agus tá fíordheis ann go dtabharfar spás do dhuine den triúr. Is cinnte nach bhfuil an triúr ag dul ar laethanta saoire. Tá siad dáiríre faoi agus tá sé de mhian acu áit a fháil ar phainéal de na 32 foireann.

Fágtar ceist phráinneach don CLG agus an GPA i mo bharúil féin leis an dul chun cinn seo. Is é seo an chéad bhliain a bhfuil cead ag ciceálaithe as Éirinn a bheith páirteach sa chonair. Mar sin de, níl ann ach tús i mo bharúil féin, go háirithe má éiríonn le duine den triúr. Níl nuacht ann agus níl nua ag an CLG go bhfuil a n-imreoirí santaithe áit eile ar domhan le spórt eile. An AFL san Astráil ar an spórt ba mhó le himreoirí a mhealladh le himeacht ó na cluichí Gaelacha ach is beithíoch eile ar fad é an NFL. Ní gá ach amharc ar Louis Rees-Zammit, imreoir de na himreoirí óga is fearr ag leibhéal idirnáisiúnta an rugbaí agus buachaill órga na Breataine Bige, a d’imigh ón rugbaí le triail a bhaint as an chonair leis an difear a thuiscint. Dhiúltaigh sé na milliúin ón tSeapáin le rugbaí a imirt ann chomh maith, dála an scéil.

Ba ghnách le mo mháthair mhór a rá gur “rugadh go róluath í” agus í in ann Daniel O’Donnell a iarraidh ón Alexa lena guth agus Spotify á cur ag dul aici.

“Ní chreidim é – amhrán ar bith? Ceoltóir ar bith?” a deireadh sí agus ‘Lady of Knock’ ag pléascadh chomh hard sin sa chúlra go raibh uirthi na ceisteanna a scairteadh.

Agus mé níos óige agus ag tabhairt tacaíocht d’Ard Mhacha, bhí mé go hiomlán in éad leis na scileanna a bhí léirithe ag Maurice Fitzgerald agus cic saor le tógáil aige. Is dóigh liom féin gur rugadh go róluath é chomh maith, cosúil le mo mháthair mhór. Dá mbeadh Maurice ag imirt in 2024 mar a bhí agus é ina scothimreoir (chan anois agus é 55), is dócha go mbeadh sé ag barr an liosta ag an NFL. Spreag Maurice an machnamh mar sin. Dá mbeadh an ‘chonair idirnáisiúnta imreoirí’ ar siúl agus ar bun roimh 2017 agus dá mbeadh an chonair ag feidhmiú ó na 90idí ar aghaidh, cérbh iad na himreoirí a mbeadh deis acu aistriú? Níl thíos ach an cúigear is mó seans i mo bharúil féin. Dála an scéil, níor chuir mé cúl báire ar bith san áireamh. Mo leithscéal le Benny Tierney!

  1. Maurice Fitzgerald
  2. Colin Corkery
  3. Bryan Sheehan
  4. Brian Stafford
  5. Barney Rock/Dean Rock (ní raibh mé in ann roghnú – d’imir mé an cárta teaghlaigh leis an bheirt a chur le chéile!)

 

Díreach cúpla focal ar an laoch Corkery féin. Ní dóigh liom go bhfeicfear Corkery eile sa pheil anseo go luath. Na Quigleys atá ar na daoine is cóngaraí, déarfainn. Mavaraic amach ‘s amach. Duine féin a d’aistrigh chuig an AFL lá den tsaol. Daoibhse nár chuala an scéal faoi Corkery agus é ag seachaint na traenála agus é thall san Astráil, molaim daoibh an scéal a chuardach ar Google. Tá sé ar scéal de na scéalta is fearr liom!

Guím gach rath ar an triúr ar an tseachtain seo chugainn. Guím rath speisialta ar Charlie Smyth, ball den tsraith ‘NFL fantaisíochta’ ina bhfuil mé féin agus fear a tógadh thíos an bóthar uaim i nDroichead Mhaigh Eo, Co. An Dúin. Tá scéal eile ann do lá eile ar an chúis ar thug mé tacaíocht d’Ard Mhacha, áfach! Ba bhreá liom dá mbeadh duine den tsráidbhaile ag imirt faoi shoilse móra an NFL agus dá mbeadh Gaeilgeoir againn san NFL. Go n-éirí an bóthar le Charlie, Rory agus Mark!

Cad é do bharúil féin? Cé a bheadh ar do liosta féin? Agus, níos tábhachtaí fós, an glas iad na páirceanna NFL i bhfad uainn?

The post An glas iad na páirceanna NFL i bhfad uainn? appeared first on NÓS.

Níos mó