Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ce-mhead-dearbhan-a-chaithfea-ag-an-aonach?

Cé mhéad dearbhán a chaithfeá ag an aonach?

| sorcha ni dhubhain | ,

Is gá Plean B a bheith agat. Plean is féidir leat a chur i bhfeidhm má thiteann gach rud as a chéile. Táim go hiomlán scanraithe go mbeadsa fágtha im aonar agus mé ag dul in aois. An Plean B atá agam ná: nuair atáim 65 bliain d’aois agus muna bhfuilim le haon duine, táim chun bogadh isteach le cara liom, Catherine. Táimid chun maireachtaint le chéile mar shaghas cúpla heitrighnéasach platónach.

Uaireanta bíonn imní orm go bhfuil m’am ag éalú uaim. Nílim ag tagairt do mo chumas leanaí a bheith agam ach an oiread. Mo léan, tá srian ar an méid ama atá againn ar an bpláinéad. Go bunúsach, ní bheimid beo go deo. Tá srian ar an méid féilte go rachaidh mé chucu, an méid uaireanta go mbeidh mé ag damhsa leis an gceol leictreonach agus srian ar an méid babhtaí go mbainfidh mé tír nua amach.

Táimid ar fad ag siúl timpeall aonaigh súgartha an tsaoil agus dearbháin inár bpócaí againn. Ceannaíonn na dearbháin tréimhsí ama duit. Cad air a bhfuil tú ag caitheamh do chuid dearbhán? Níl ach méid áirithe agat. Ní féidir leat iad a chaitheamh go místuama. Ní féidir leat dul ar gach marcaíocht siamsaíochta. Caithfear a bheith cúramach. Nuair atá na dearbháin imithe, tá siad imithe. Brionglóid de mo bhrionglóidí is í páirtí a aimsiú. Dá bhrí sin, táim ag caitheamh an-chuid dearbhán ag cinntiú go mbainfidh mé amach an sprioc fhíorthábhachtach seo.

D’inis mo dheirfiúr chéile dom faoi chomhlacht a mhaíonn go gcuireann siad lánúineacha le chéile agus go bhfuil ráta ratha an-mhaith acu. Ní luafaidh mé ainm na heagraíochta ach dúradh liom, gach duine as ceathrar, aimsíonn siad pósadh nó caidreamh fadtéarmach. Labhair mé leis an úinéir ar an nguthán agus fuair mé an reic díolacháin is fearr a chuala mé le tamall maith anuas. Mhínigh sé dom an fáth go raibh an eagraíocht níos fearr ná na cinn eile, ná go raibh próiseas acu chun fáil réidh leis na hiarrthóirí mí-oiriúnacha.

“Mí-oiriúnacha.” Cad is brí leis sin?

An sainmhíniú a bhí aige ar “mí-oiriúnach” ná daoine le caighdeáin mhíréadúla, daoine achrannacha agus daoine nach raibh sásta páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas. Cén plean atá acu chun na daoine seo a aithint? Is léir nach córas ró-nuálach atá acu. An rud a dhéanadar ná go dtéann siad ag caint leo. Labhraíonn siad ar an nguthán leo ar feadh timpeall 15 nóimeat chun oibriú amach an mbeadh an duine seo oiriúnach mar iarrthóir.

Dúirt an t-úinéir liom gur labhair sé le fear 65 bliain d’aois, a thug aire dá thuismitheoirí go bhfuair na tuistí bás agus is ansan a thosnaigh sé ag cuardach bean chéile. Bhí sé ag lorg mná ionas go mbeadh leanbh acu agus go mbeadh sé ábalta an talamh a fhágaint ag a mhac nó ag a iníon. Tá go leor feirmeoirí tuaithe sa tír seo uaigneach, is léir.

Bhí sé i dteagmháil le fear 48 bliain d’aois a dúirt leis, “Faigh bean 33 bliain d’aois dom!” B’in díreach an tslí go ndúirt sé é: “Faigh bean…” Is ait a mac an saol.

Cad faoi na mná? Cad iad na nósanna aisteacha a bhí cloiste aige ó mhná agus iad ag cur síos ar an saghas páirtí a bhí uathu? Bhuel d’inis sé dom gurbh é an rud ar chuir go leor ban suim ann ná an leibhéal oideachais. Cuid acu ní rabhadar sásta seans a thabhairt d’fhear a raibh leibhéal oideachais níos ísle aige ná mar a bhí acu féinig.

Deirfimid go raibh PhD ag an mbean. Bheadh sí ag lorg fear a raibh PhD aige freisin: leibhéal oideachais coibhéiseach. Cáilíochtaí níos ísle ná PhD? Ní bheadh sí sásta dul amach leis. Dúirt bean amháin leis, “Bhuel éirímse fíor-imníoch agus mé ag tiomáint ar an mótarbhealach. Dá bhrí sin, caithfidh an fear teacht chugamsa don dáta.”

Caithfear a rá go bhfuil roinnt daoine míréasúnta.

Tá go leor foghlamtha agam tar éis an 38 bliain s’agam ar an saol seo. Rud amháin ná go bhfuil na scannáin rómánsúla tar éis bréag a insint dom le blianta beaga anuas. Bridget Jones. Notting Hill. Love Actually. Tá siad ar fad ag díol íomhánna míréadúla dúinn mar gheall ar an ngrá. Ní shiúlann duine cáiliúil isteach sa chaifé ina bhfuil tú ag obair agus go tobann tosnaíonn sibh ag siúl amach le chéile. Quelle Surprise!

Níl aon duine chun rith i mo dhiaidh ag an aerfort chun insint dom ag an ngeata go bhfuil siad i ngrá liom. Níl éinne chun teacht anall go dtí mo thigh le bosca búm agus beart cártaí móra atá ag déanamh cur síos ar a chuid grá dom. An fhadhb leis an íomhá dheireanach san ná go bhfuilim ag maireachtaint le mo thuistí arís. Is dócha go bhfreagródh mo dhaid an doras agus an leaid bocht ina sheasamh leis na cártaí.

Tá 2024 ag teacht agus tá íomhá dheimhneach agam im cheann maidir le cad atá uaim. Níl mo ghrá-gheal chun siúl isteach go dtí an chaifé nuair atáim suite síos ag ól mo bháinnín agus ag déanamh Foclach an lae! Caithfidh mé dul amach agus an todhchaí atá uaim a chruthú. Caithfidh mé a bheith réadúil agus dáiríre agus an togra seo idir láimhe agam. Beidh orm go leor dearbhán a chaitheamh. Muna n-oibríonn sé, tá Plean B agam ar a laghad. Cas an Netflix ar siúl, a Catherine. B’fhéidir go mbead ag teacht.

The post Cé mhéad dearbhán a chaithfeá ag an aonach? appeared first on NÓS.

Níos mó