Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cinneadh-faoi-theip-aer-lingus-agus-banc-na-heireann-an-sineadh-fada-a-laimhseail-curtha-ar-ceal-ag-an-ard-chuirt

Cinneadh faoi theip Aer Lingus agus Banc na hÉireann an síneadh fada a láimhseáil curtha ar ceal ag an Ard-Chúirt

| Sean Tadhg O Gairbhi | ,

Deir Breitheamh Ard-Chúirte nach ndearna An Coimisiún Cosanta Sonraí aon fhiosrúchán ceart faoi ghearán ó dhuine a mhaígh gur chóir do Aer Lingus agus Banc na hÉireann an leagan a bhí acu dá n-ainm agus seoladh a cheartú agus síntí fada a chur iontu.

Dúirt an Breitheamh Cian Ferriter go raibh an cinneadh a rinne An Coimisiún Cosanta Sonraí faoin ngearán a rinne Julian de Spáinn, atá ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, “lánlochtach” ar chúiseanna éagsúla agus chuir sé an cinneadh sin ar neamhní.

D’ordaigh sé don Choimisiún tús a chur le fiosrúchán eile faoin ngearán, fiosrúchán a bheadh “cothrom agus dleathach”.

Cé gur chuir sé cinntí an Choimisiúin ar neamhní, dhiúltaigh an Breitheamh d’éileamh Julian de Spáinn go ndéanfadh an chúirt seachas an Coimisiún cinneadh faoina chás.

Bhí glactha cheana ag an gCoimisiún Cosanta Sonraí leis go raibh na cinntí a rinne siad lochtach agus go raibh gá le próiseas nua a chur ar bun.

Bhí de Spáinn ag iarraidh ar an Ard-Chúirt a rialú go raibh sé de cheart aige, faoi na rialacháin GDPR agus faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go leasódh an Coimisiún a shonraí pearsanta.

Dúirt an Breitheamh Ferriter go raibh an próiseas a bhain leis na cinntí “lochtach” toisc nach ndearna an Coimisiún “imscrúdú ar bith” ar ábhar na ngearán.

“Níor lorg an Coimisiún aon fhianaise nó aighneachtaí ó Aer Lingus nó ón Bhanc. Ní raibh an méid a dúirt siad agus iad ag freagairt na ngearán chucu riamh ina n-ábhar d’imscrúdú ná d’fhiosrú,” a dúirt an Breitheamh Cian Ferriter.

Mhaígh Banc na hÉireann agus Aer Lingus cheana nach raibh na córais ríomhaireachta a bhí acu ábalta an síneadh fada a láimhseáil agus go mbeadh sé míréasúnta agus costasach a bheith ag súil go gcuirfí na córais sin in oiriúint don diaicritic.

Dúirt an Breitheamh chomh maith nár ráiteas cruinn “ó thaobh an dlí é” Áiteamh an Choimisiúin nach leor síntí fada a bheith fágtha amach mar chúis sonraí pearsanta duine a cheartú.

An cheist a bhí le freagairt, dar leis, ná an raibh gach beart réasúnta déanta acu lena chinntiú gur ceartaíodh sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill.

Dúirt an Breitheamh gur mhaígh an Coimisiún go ndéanann siad gach cás a scagadh as féin bunaithe ar fhiúntas an cháis sin ach nár tharla sin “in aon chor” le gearán de Spáinn. “Teip iomlán” a bhí ansin, a dúirt an Breitheamh.

I gcás Bhanc na hÉireann, ba ghearán é a bhí á dhéanamh “den chéad uair” agus i gcás Aer Lingus, ba ghearán “úr” é a bhí “bunaithe ar shainfhianaise agus údarás dlíthiúil nár cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin roimhe sin”.

Dúirt an Breitheamh nár tugadh aon aird ar chor ar bith sa chinneadh a rinne an Coimisiún ar chás de Spáinn ná ar an bhfianaise a chuir sé ar fáil.

Chuir de Spáinn fianaise ar fáil ó shaineolaithe dlí agus fuair sé saineolas teicneolaíochta ón Ollamh Kevin Scannell agus saineolas teangeolaíochta ón Ollamh Ruairí Ó hUiginn chun tacú lena ghearán.

Dúirt an Breitheamh nach raibh “aon tagairt” sna cinntí d’fhorálacha ábhartha na reachtaíochta cosanta sonraí, nó GDPR. Ní raibh aon tagairt ach oiread i gcinntí an Choimisiúin do na freagraí a thug Banc na hÉireann agus Aer Lingus do Julian de Spáinn, a dúirt sé.

Thagair an Breitheamh chomh maith d’áiteamh an Choimisiúin nárbh aon ábhar imní an síneadh fada ó thaobh cosaint sonraí de toisc nach comhlachtaí poiblí iad Banc na hÉireann ná Aer Lingus.

“Níor bhain stádas cuideachta an Bhainc nó Aer Lingus leis na ceisteanna cosanta sonraí a bhí os comhair an Choimisiún,” a dúirt an Breitheamh.

Ar na cúiseanna sin “go léir”, bhí sé “lán-sásta gur cuí ordú a dhéanamh ag neamhniú na gcinntí”.

Chuir an Breitheamh Ferriter an cás ar ais go dtí an Coimisiún Cosanta Sonraí seachas cinneadh a dhéanamh é féin faoi cé acu an raibh an ceart ag duine go gceartófaí a shonraí pearsanta sa chás go bhfágfaí ar lár iontu síneadh fada.

Shocraigh sé nach cinneadh don chúirt a bhí ansin, a dúirt sé, toisc nár chás é ar eascair “ceist dlí amháin” as go bhféadfaí í a réiteach i gceart “gan aon fhianaise nó comhthéacs eile”.

Bhí sé “dosheachanta” a dúirt sé go gcaithfí “leibhéal éigin fiosrúcháin” a dhéanamh faoi na córais ríomhaireachta a bhí i gceist.

“Cad a dhéanann siad, conas a dhéanann siad é agus an féidir leo freastal réasúnta a dhéanamh ar shíntí fada i bhfianaise chuspóirí na próiseála atá i gceist?”

Dá ndéanfadh sé féin cinneadh i dtaobh an ghearáin bheadh an cinneadh sin á dhéanamh aige “in éagmais imscrúdaithe cuí ar na fíricí ábhartha go léir” go háirithe maidir le córais ríomhaireachta Bhanc na hÉireann agus Aer Lingus.

“Murab ionann agus an Coimisiún, níl an chumhacht ag an gcúirt fiosrú a dhéanamh ar chórais Aer Lingus agus an Bhainc agus freagraí a fháil uathu,” arsa an Breitheamh.

Ní bheadh sé cuí ach oiread, a dúirt sé, Aer Lingus ná Banc na hÉireann “a tharraingt isteach” sna himeachtaí cúirte “ag an bpointe seo” agus ordú á dhéanamh aige na cinntí a chur ar ceal agus fiosrúchán nua a bhunú.

Dúirt sé go raibh sé “tábhachtach” a rá go soiléir go mbeidh sé “de cheangal” ar an gCoimisiún tús a chur le próiseas nua a bheadh “cothrom agus dleathach” chun cinntí nua a dhéanamh maidir leis na gearáin.

Chuige sin ba ghá tuilleadh faisnéise a lorg ó Aer Lingus agus Banc na hÉireann, “measúnú cúramach” a dhéanamh ar chás an ghearánaí agus dul i ngleic leis an bhfianaise ó shaineolaithe a bhí mar chuid dá ghearán.

Dúirt an Breitheamh go raibh sé tábhachtach a shoiléiriú nár chiallaigh a rialú nach raibh “cás maith” ag an achomharcóir gur chóir d’Aer Lingus agus Banc na hÉireann “na sonraí pearsanta míchruinne” a bhaineann lena ainm agus a sheoladh a cheartú.

“Nílim ag tabhairt aon bhreithiúnas ar an gceist sin,” arsa an Breitheamh. Dúirt sé gur bhain a rialú leis an gceist cérbh é an fóram cuí le cinntí nua a dhéanamh faoin ngearán.

“Ar na cúiseanna atá leagtha amach agam, is é an Coimisiún agus ní an chúirt seo an fóram sin,” a dúirt sé.

Níos mó