Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
iniuchadh-le-deanamh-ar-na-scoileanna-is-mo-a-bhronnann-dioluinti-on-ngaeilge

Iniúchadh le déanamh ar na scoileanna is mó a bhronnann díolúintí ón nGaeilge

| Padraic O Ciardha | ,

Tá iniúchadh le déanamh ar na scoileanna is mó a bhronnann díolúintí ón nGaeilge ar dhaltaí. 

Tá líon na ndaltaí sa chóras oideachais a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge ina ábhar imní d’eagraíochtaí teanga agus oideachais agus é molta ag coiste Oireachtais gur chóir deireadh a chur leis an gcóras atá ann. 

I ráiteas atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais do Tuairisc, deirtear go bhfuil sé beartaithe iniúchadh a dhéanamh ar scoileanna ina bhfuil rátaí arda díolúintí á mbronnadh. 

Dúradh freisin go bhfuil litir scríofa chuig chuile phríomhoide iarbhunscoile sa tír leis na rialacha maidir le bronnadh díolúintí a mheabhrú dóibh agus go scríobhfaí chuig príomhoidí bunscoile go luath.  

Beidh sonraí maidir le líon na ndíolúintí atá á mbronnadh go náisiúnta mar chuid de na tuarascálacha staitistiúla bliantúla a fhoilseoidh an Roinn feasta. 

Pléadh córas na ndíolúintí i dTeach Laighean an tseachtain seo caite agus dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go raibh a Roinn le dul i dteagmháil le príomhoidí faoi na rialacha atá ann ach ní raibh sí sásta géilleadh go bhfuil fadhb ann. 

Bhí an tAire ag tabhairt freagra ar cheist ón Teachta Dála Aodhán Ó Ríordáin, urlabhraí Oideachais Pháirtí an Lucht Oibre, a d’fhiafraigh di an ndéanfadh an Roinn imscrúdú faoin ardú mór atá tagtha ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge. 

Léirigh anailís ag Tuairisc go bhfuil níos mó díolúintí ón nGaeilge á mbronnadh ar dhaltaí ná riamh. Bhí beagnach 50,000 dalta iarbhunscoile sa stát anuraidh a raibh díolúine ó staidéar na Gaeilge acu, breis is 12% de líon iomlán na ndaltaí iarbhunscoile nó duine as gach ochtar díobh. 

Le linn an phlé sa Dáil, dúirt an tAire Foley go raibh líon na ndíolúintí a bhronntar ag leibhéal na bunscoile tite le roinnt blianta anuas ach tá admhaithe ag an Roinn Oideachais ó shin go raibh líon na ndaltaí bunscoile a raibh díolúine acu anuraidh 25% níos airde ná mar a léirigh na figiúirí a cuireadh ar fáil ar dtús. 

Léiríonn na figiúirí cruinne go raibh díolúine ón nGaeilge ag 2.4% de dhaltaí bunscoile anuraidh, suas ón 1.9% a bhí i gceist an bhliain roimhe sin. Bhí díolúine ag 3% de dhaltaí bunscoile in 2018/19. 

Dúirt an tAire Foley freisin nach raibh ach ardú thart ar 3% le cúig bliana anuas ar chéatadán na ndaltaí iarbhunscoile a bhfuil díolúine acu. 

Cé gur fíor nár ardaigh céatadán na ndaltaí iarbhunscoile a bhfuil díolúine ón nGaeilge ach ó 9.4% in 2018 go dtí 12.2% in 2023, tháinig ardú beagnach 2% ar an gcéatadán anuraidh tar éis don Roinn Oideachais córas conpóideach nua a thabhairt isteach in 2019. Faoin gcóras nua sin fágtar faoi phríomhoidí é an cinneadh a dhéanamh díolúine a bhronnadh ar dhalta. Dúradh ag an am go ndéanfaí rud “annamh” agus “eisceachtúil” den díolúine ón nGaeilge. 

In 2000, 2.5% de dhaltaí iarbhunscoile ag fáil díolúine ón nGaeilge. 

Pic: Leah Farrell/RollingNews.ie

Dúirt an tAire freisin go raibh líon mór daltaí tagtha thar lear isteach sa chóras oideachais – 36,629 ag leibhéal na hiarbhunscoile le dhá bhliain anuas – agus go raibh ardú tagtha freisin ar líon na ndaltaí i scoileanna agus ranganna speisialta. 

Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais le Tuairisc gur cheart a chur san áireamh freisin gurb í an bhliain seo caite an chéad bhliain a raibh ciorcláin nua maidir leis an díolúine i bhfeidhm agus go raibh cohórt daltaí ann ag gach leibhéal a bhí anois i dteideal díolúine a fháil. 

Sa chiorclán sin, leagtar amach gur féidir díolúine a bhronnadh ar dhalta ag a bhfuil “ardleibhéal riachtanas éagsúil dianseasmhach” ach aithnítear sa chiorclán féin gur “cohórt beag” daltaí a bheadh i gceist. 

Dúirt Aodhán Ó Ríordáin go gcaithfear scrúdú a dhéanamh ar theagasc na Gaeilge ach go raibh ceist ann maidir le líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón teanga ach a dhéanann staidéar ar theangacha eile. Dúirt sé go raibh imní ann go mbaintear úsáid as an gcóras díolúine mar “bhealach éasca” chun an Ghaeilge a sheachaint agus chomh maith leis sin go raibh líon ard na ndíolúintí ag tabhairt le fios go bhfuil sé níos deacra an Ghaeilge a fhoghlaim i gcomparáid le hábhair eile. 

Dúirt Ó Ríordáin nach gceapann sé gur cheart go mbeadh aon ábhar éigeantach ar scoil ach go bhfuil an droch-chaighdeán Gaeilge a bhíonn ag an ngnáthpháiste in Éirinn ar cheann de na teipeanna is mó i stair an stáit. 

I dtuarascáil a foilsíodh an tseachtain seo caite, mhol Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go gcuirfeadh an tAire Oideachais deireadh le córas díolúine na Gaeilge agus go gcuirfí cur chuige nua i bhfeidhm ina áit. 

Moltar go dtabharfaí córas nua isteach a bheadh bunaithe ar dhíolúintí ó fhoghlaim an dara teanga seachas ar dhíolúintí ón nGaeilge amháin. 

Níos mó