Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
is-leor-nod-don-aineolach-–-an-bhfuil-nios-mo-luacha-ar-an-sacar-on-bhaile?

Is leor nod don aineolach – an bhfuil níos mó luacha ar an sacar ón bhaile?

| seamas mac eochaidh | ,

‘Tá an diabhal gnóthach’ – bhuel, más é an cás é go dtugann tú tacaíocht do na diabhail féin (Manchain Aontaithe ar a bhfuil mé ag caint) san am i láthair, mo dhalta féin, caithfidh go bhfuil an diabhal sin an-ghnóthach agus go bhfuil ag éirí go hiontach leis. 

Tá mé ag tarraingt ar thríocha bliain d’aois anois agus tá an t-am sin de mo shaol bainte amach agam nuair a cheistím gach rud i mo shaol, maram. Ba é Manchain Aontaithe an chéad ghrá i mo shaol. Bhí Ole Gunnar Solskjaer sa bhomaite dheireanach ar cheann de na chéad chuimhní in 1999. Ag titim ó bharr an toilg a bhí mé nuair a scóráil sé cúl. An cúl a chríochnaigh an teacht ar ais ab fhearr dá raibh riamh i sacar (níos fearr ná Iostanbúl) le Corn na hEorpa a thabhairt chun an bhaile leis na diabhail dhearga an oíche chinniúnach sin in Barcelona. Cé nach raibh mé ach cúig bliana d’aois ag an am, mothaím an fíbín sin i mo chroí go fóill agus mé ag machnamh siar ar oíche agus ar am nuair a ba ghnách linn coirn a bhaint.  

Is caitheamh aimsire an-daor é an sacar a leanúint na laethantha seo, áfach, agus seans gur géarchéim na meánaoise luaithe is cúis leis an aithint sin. Tá tú ag caint ar £48 punt in aghaidh na míosa do Sky Sports amháin ag an bhomaite. Cuir ballraíocht TN Sports leis agus tá tú ag caint ar £720 punt ar a laghad in aghaidh na bliana gan labhairt ar Amazon Prime nó ar fhreastal ar chluiche le ticéid, eitiltí agus eile. 

£720 agus faigheann tú gach uile chluiche? Margadh den scoth, a deir tú. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach, agus tá cosc curtha ag an Phríomhshraith ar aon chluiche ar an Satharn a thosaíonn ar a trí a chlog san iarnóin a bheith ar fáil ar an teilifís. Riail atá curtha i bhfeidhm ó na 60idí le freastal an chluiche a chaomhnú. 

Cuirim i gcás, ó thús an tséasúir i mbliana, tá 20 cluiche imeartha ag Manchain Aontaithe. Amach as an 20 cluiche sin, bhí 6 chluiche ann Dé Sathairn ar a 3. Mar sin de, thug mo bhallraíocht deis dom amharc ar 14 chluiche, go hoifigiúil. Ní bheadh bosca de na boscaí sin agamsa, dála an scéil, níl a fhios agam cé acu bosca nó ‘bata’ ar a bhfuil tú ag smaoineamh air! 

Costas ballraíochta ó Lúnasa go Nollaig 2023 – tuairim agus £350 le Sky Sports, TN Sports agus Prime san áireamh

Praghas in aghaidh an chluiche = £25

Cúl Man Utd sa 14 chluiche ar an teilifís Meáncúl Praghas in aghaidh an chúil Líon buanna sa 14 chluiche sin* Costas do na buanna

ar an iomlán

15 1.07 £23.33 7 £175
Cúl in éadan Man Utd sa 14 chluiche ar an teilifís Meáncúl Praghas in aghaidh an chúil Líon cluichí caillte sa 14 chluiche sin* Costas do na cluichí caillte ar an iomlán
17 1.21 £20.59 6 £150

*Comhscór 0-0 in éadan Learpholl sa chluiche eile (d’íocfainn £100 gan amharc ar an chluiche sin arís, dála an scéil)

Fiú dá mbeadh agam an bata draíochta (agus níl agam le cur i gcuimhne arís eile), is é mo mheas nach bhfaighfeá luach do chuid airgid ag amharc ar na diabhail dhearga na laethanta seo. Tá costas thart faoi £140 ar na bataí sin in aghaidh na bliana. Díreach ar mhaithe leis an chothromas, ar mhaithe leis an fhianaise agus ar mhaithe le cara liom, seo chugaibh roinnt anailíse ar an chostas:

Costas draíochta – nach bhfuil fíor…(is leor nod don eolach…) – ballraíocht ó Lúnasa go Nollaig 2023 – £58.33

Praghas in aghaidh an chluiche = £2.92

Cúl Man Utd sa 20 cluiche go dtí seo Meáncúl Praghas in aghaidh an chúil Líon buanna sa 20 cluiche sin* Costas do na buanna ar an iomlán
22 1.1 £2.65 10 £29.20
Cúl in éadan Man Utd sa 20 cluiche ar an teilifís Meáncúl Praghas in aghaidh an chúil Líon cluichí caillte sa 20 cluiche sin* Costas do na cluichí caillte ar an iomlán
27 1.35 £2.16 9 £26.28

*Comhscór 0-0 in éadan Learpholl sa chluiche eile.

Cá luíonn an t-aineolaí mar sin de, a deir tú? Bhuel, bhí mé féin i m’aineolaí ar an sacar sna sé chontae anseo go dtí le déanaí. 

Agus fadhbanna na meánaoise faoi bhláth i mo shaol, tá seacht gcluiche feicthe agam sa phríomhshraith sna sé chontae faoin am seo i mbliana agus tá mo chuntas X lán le scéalta ó fud fad na sraithe ó shin i leith. Tá mé gafa leis an tsraith anseo anois. Imríonn deartháir mo chailín le Glenavon ar an Lorgain agus mar sin de, is ansin a fhaighim mo chuid leighis. Cosúil le Manchain Aontaithe, thosaigh siad go trioblóideach ag tús na bliana ach neamhchosúil leis na diabhail dhearga, glacadh cinneadh leis an bhainisteoir a athrú ag deireadh mhí Mheán an Fhómhair. 

Stephen McDonnell, fear de bhunadh Dhún Dealgán atá mar bhainisteoir ar an fhoireann anois – an rud nó an duine is fearr a tháinig amach as Dún Dealgán ó Steve Staunton nó na sceallóga ón sceallóglann Roma! Sular tháinig sé isteach, chonacthas stíl imeartha cosúil le ‘ciceáil agus scipeáil’. Ocht gcluiche dhéag ina dhiaidh, tá rudaí ag dul i bhfeabhas. 

Dhá bhliain agus tríocha d’aois, shílfeá go mbeadh Pep Guardiola gan blagaid air ar an taobhlíne agus chonacthas stíl a mbeadh Pep é féin bródúil as. Cúlaí cliatháin aisiompaithe – níor chreid mé mo shúile – go háirithe nuair nár éirigh leis na diabhail dhearga a leithéid a dhéanamh go héifeachtach (féach Luke Shaw/Diogo Dalot/Sofyan Amrabat). Stiúradh Glenavon ó bhun na sraithe go lár na sraithe i lámha saoithe McDonnell. An bhfuil níos mó luacha le fáil agamsa, áfach?

Cead isteach do chluiche sa phríomhshraith sna 6 chontae – £13  

Praghas don 7 gcluiche – £91

Cúl Glenavon sa 7 gcluiche* atá feicthe agam Meáncúl Praghas in aghaidh an chúil Líon buanna sa 7 gcluiche sin* Costas do na buanna ar an iomlán
11 1.57 £8.27 5 £65
Cúl in éadan Glenavon sa 7 gcluiche* atá feicthe agam Meáncúl Praghas in aghaidh an chúil Líon cluichí caillte sa 7 gcluiche sin* Costas do na cluichí caillte ar an iomlán
2 0.29 £45.50 2 £26

*bhí cluiche amháin acu seo ann sular tháinig Pep Óg

Deirtear nárbh fhiú anailís a dhéanamh gan tátal a bhaint as. Is soiléir dom ón anailís go bhfeicim níos mó cúil sna cluichí Glenavon agus go mbaineann siad níos mó cluichí ar an mheán chomh maith. Is é an rud is mó atá foghlamtha agam, áfach, ná nárbh fhiú aon dlí a bhriseadh le tacaíocht a thabhairt do Mhanchain Aontaithe na laethanta seo agus nárbh fhiú a bheith ar an taobh cheart den dlí le bheith ag amharc orthu ach an oiread! 

‘Níl luibh ná leigheas ar an diabhal,’ a deirtear. Ach le fírinne, leigheas de chineál éigin ar an ghéarchéim atá ag titim amach le mo dhiabhail dhearga féin atá sa phríomhsraith anseo. Is leor nod don aineolach go dtiocfadh leat do leigheas féin a aimsiú níos cóngaraí don bhaile chomh maith. 

The post Is leor nod don aineolach – an bhfuil níos mó luacha ar an sacar ón bhaile? appeared first on NÓS.

Níos mó