Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
tarraingt-deanta-do-shraith-na-naisiun-sa-sacar-agus-post-gan-toir-air-nios-mitharraingti-aris 

Tarraingt déanta do Shraith na Náisiún sa sacar agus post gan tóir air níos mítharraingtí arís 

| Dáithí Anraí | ,

Is iomaí ceist atá curtha ar an FAI – agus atá le cur fós – ó cuireadh tús leis an chuardach do bhainisteoir náisiúnta nua trí mhí ó shin.

Ar tairgeadh conradh do Lee Carsley? An fíor go ndúirt sé lena chairde is a chlann nach raibh suim riamh aige glacadh leis? Ar tairgeadh an post do Neil Lennon? An ar juncaed Carlsberg 0.0% i ndáiríre a bhí Gus Poyet i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite?

Tá ceisteanna eile maidir leis an phróiseas seachas na hiarrthóirí iad féin. Cén tábhacht a bhaineann le bainisteoir nua a bheith ceaptha roimh an tarraingt do Shraith na Náisiún, srian a chuir an FAI orthu féin? Nach mbeadh níos mó ná go leor ama ag an chóitseálaí cheart, aimsithe tar éis próiseas cuimsitheach, socrú isteach roimh thús na sraithe sin i mí Mheán Fómhair? Cén chúis leis an deifir?

Ag amharc siar anois agus an tarraingt déanta Déardaoin, b’fhéidir go raibh údar leis an fhuadar. Má bhí drogall ar na príomhiarrthóirí glacadh leis an phost roimhe, is mó amhrais a bheidh anois orthu leis na cluichí atá i ndán d’Éirinn i mbliana.

Ní raibh ort a bheith ag leanúint na tarraingthe go géar le fáil amach go mbeadh Sasana i ngrúpa na hÉireann, agus daoine i ngrúpaí WhatsApp ar fud na tíre ag postáil sean-ráitis ó Declan Rice agus Jack Grealish tráth a raibh siad ag caitheamh an ‘geansaí glas’, mar a thug Grealish é féin air. Mura mbeifeá ag gáire, bheifeá ag gol.

Tarraingíodh an Ghréig – foireann Gus Poyet, an fear a rinne gaisce as an bhob bheartach a bhuail sé ar Stephen Kenny i mí Meithimh anuraidh – agus an Fhionlainn sa ghrúpa in éineacht leis na Sasanaigh.

Fágann sé sin go gcuirfear tús le fíorobair an bhainisteora nua le cuairt Shasana ar Bhaile Átha Cliath an 7 Meán Fómhair, tar éis samhradh fada ina mbeidh Craobhchomórtas na hEorpa gan Éirinn ann mar bhuaicphointe. Brú ar bith, mar a déarfá.

Tagann an méid seo ar fad tar éis cluichí dúshláin sa bhaile i gcoinne na Beilge agus na hEilvéise ag deireadh mhí an Mhárta, agus ansin i gcoinne na hUngáire ag tús mí Meithimh. Agus sin roimh thuras chun na Portaingéile seachtain ina dhiaidh.

Amharcaimis ar an chúram seo ó mheon Lee Carsley, cóitseálaí óg uaillmhianach le foireann faoi 21 Sasana rathúil, atá ag fanacht le deis tabhairt faoin phost sinsir má fhágann Gareth Southgate i ndiaidh Chraobhchomórtas na hEorpa. An mbeifeása ag iarraidh go mbeadh 10 gcluiche; bua ar bith; níos lú ná 10 gcúl gnóthaithe; agus bata is bóthar luath tar éis chailliúint ag Wembley le léamh ar do CV agus tú ag tosú amach i saol na bainistíochta?

Ar an lámh eile, dá mbeifeá i do bhainisteoir atá níos scoite amach ó uasaicme an spóirt ná riamh – rud a mhíníonn an tsuim oscailte atá ag Neil Lennon ó osclaíodh an folúntas áirithe seo – an mbeadh rud ar bith le cailleadh agat dá dtabharfá faoin phost tráth nach mbeadh duine ar bith ag súil le faic ó d’fhoireann?

Is baolach go léiríonn an rogha seo an chontrárthacht a bhaineann leis an chéad chéim eile don fhoireann náisiúnta.

Fágadh folús mothúchán nuair a d’imigh an fuinneamh dóchasach as Bóthar Lansdúin agus an tóin tite as ré Stephen Kenny. Líonfar an folúntas sin le dóchas nó le lagmhisneach, ag brath ar an duine a líonfaidh an folúntas bainisteora go luath.

The post Tarraingt déanta do Shraith na Náisiún sa sacar agus post gan tóir air níos mítharraingtí arís  appeared first on NÓS.

Níos mó