Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
tiktok-agus-conradh-na-gaeilge-ag-obair-le-cheile-chun-abhar-a-chuirfeadh-isteach-ar-phobal-na-gaeilge-a-aithint

TikTok agus Conradh na Gaeilge ag obair le chéile chun ábhar a chuirfeadh isteach ar phobal na Gaeilge a aithint

Deir TikTok go raibh níos mó ábhar i nGaeilge ag teastáil chun go mbeadh úsáideoirí in ann fotheidil i nGaeilge a chur le físeáin go huathoibríoch

TikTok agus Conradh na Gaeilge ag obair le chéile chun ábhar a chuirfeadh isteach ar phobal na Gaeilge a aithint

Susan Moss

Tá comhpháirtíocht bunaithe idir Conradh na Gaeilge agus TikTok a fhágann go bhfuil an eagraíocht teanga in ann aon ábhar a shíleann siad a chuirfeadh isteach ar phobal na Gaeilge a phlé go díreach leis an ardán meán sóisialta.

Pléadh an obair atá na comhlachtaí meán sóisialta in ann a dhéanamh don teanga ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo agus tá sé ráite ag TikTok go bhfuil siad i mbun gnímh leis an gConradh maidir le cúrsaí teanga.

Dúirt Susan Moss, Ceann Beartas Poiblí ag TikTok in Éirinn, go raibh ról ar leith tugtha do chainéal Chonradh na Gaeilge ar an ardán. Dúirt sí má bhíonn ábhar ann “a chuirfeadh isteach ar phobal na Gaeilge” agus nach raibh tugtha faoi deara ag modhnóirí TikTok, gur féidir leis an gConradh é a chur díreach ar a súile do lucht TikTok ionas gur féidir dul i ngleic leis.

“Chuamar i gcomhpháirtíocht le déanaí le Conradh na Gaeilge a bhfuil rochtain acu ar chainéal tiomnaithe formhéadaithe,” arsa Moss.

“Tá an cainéal sin ar fáil do chásanna ina gcaithfidh siad ábhar a fhormhéadú ar TikTok a d’fhéadfadh a bheith ag cur isteach go díreach ar phobal na Gaeilge.”

Dúirt Moss gur annamh áfach a tharlódh sé go rachadh ábhar a chuirfeadh isteach ar phobal na Gaeilge I ngan fhios do mhaoirseoirí TikTok. Dúirt sí go bhfuil 20 duine le Gaeilge ag obair ar Fhoireann Iontaobhais agus Sábháilteachta TikTok, a théann i ngleic le hábhar díobhálach agus bréagach. Mheas Moss go raibh breis is 2,000 duine ar fad ag obair ar an bhFoireann Iontaobhais agus Sábháilteachta ag TikTok.

Luadh ag an gcruinniú na tuairiscí gur bhain gníomhaithe ar an eite dheis úsáid as an nGaeilge chun an dallamullóg a chur ar mhaoirseoirí na meán sóisialta le linn na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath anuraidh, tuairiscí ar glacadh leis  nach raibh aon fhianaise leo faoi dheireadh.

Dúirt Susan Moss gur ábhar bróid a bhí ann do TikTok go raibh an t-ardán ar fáil i nGaeilge agus go raibh cabhair tugtha freisin ag Conradh na Gaeilge maidir le hábhar a aistriú.

Dúirt sí go raibh sé tábhachtach go mbeadh daoine óga ábalta an Ghaeilge a fheiceáil agus a chloisteáil agus go raibh os cionn 230 milliún radharc domhanda faighte ag an haischlib #Gaeilge ar TikTok.

Dúirt sí go raibh níos mó ábhar i nGaeilge ag teastáil ionas go mbeadh úsáideoirí in ann fotheidil i nGaeilge a chur le físeáin go huathoibríoch. Teastaíonn breis is 1,000 uair an chloig d’ábhar i dteanga áirithe sular féidir le TikTok fotheidil uathoibríocha a chur ar fáil sa teanga sin.

“Teastaíonn níos mó Gaeilgeoirí ag cruthú ábhar físe i nGaeilge uainn agus cabhróidh sé sin linn fotheidil a chur i bhfeidhm,” a dúirt Moss. “Meaisínfhoghlaim atá i gceist, tá muid ag iarraidh go mbeadh [na fotheidil] cruinn ach teastaíonn go mbeadh ábhar nádúrtha, dúchasach á chur in airde ar an ardán.”

Dúirt Moss go raibh an sprioc 1,000 uair an chloig d’ábhar Gaeilge pléite ag TikTok le Conradh na Gaeilge agus go raibh súil ann go ndéanfaí dul chun cinn i mbliana ionas go mbeifí in ann na fotheidil Ghaeilge a chur ar fáil.

Dúirt sí freisin gurb iad TikTok a chruthaigh an chéad treoirleabhar riamh maidir leis na meáin shóisialta do mhúinteoirí i nGaeilge.

Níos mó