Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
an-rud-nach-feidir,-ni-feidir-e.-ach-an-rud-gur-feidir,-is-feidir-e!

An rud nach féidir, ní féidir é. Ach an rud gur féidir, is féidir é!

| seamas mac eochaidh | ,

Agus Lá Fhéile Pádraig curtha díom, léigh mé dán a scríobh bean a bhfuil aithne agam uirthi ar an fháth a bhfuil sé speisialta a bheith i d’Éireannach. Scríofa i mBéarla gan tagairt don Ghaeilge, chuir sé i gcuimhne dom nach ionann a bheith i d’Éireannach agus a bheith i do Ghael.

Las sé sin rud éigin ionam, áfach. Bhí mé ag amharc ar an rud nach raibh san áireamh in áit dom amharc ar an iomlán a bhí san áireamh. Is rud Gaelach (nó Éireannach!) é sin i mo bharúil féin – i gcónaí den bharúil gur chóir go mbeadh níos mó againn. Níos mó gréine, níos mó deiseanna, níos mó fearthainne agus an tuilleadh gréine againn. Tá sé fíordhoiligh na hÉireannaigh a shásamh, nach bhfuil? Is dócha gurb ionann sin agus na drithleoga de luachanna an Tíogair Cheiltigh atá ina luí orainn go fóill.

Bíonn frustrachas orm agus mé ag amharc ar an anailís a thiteann amach ar na meáin faoin tsacar ar an oileán seo. Is dóigh liom féin go mbíonn daoine ag dúil le barraíocht. Shuigh mé in aice le Stephen Kenny i ngan fhios dó agus muid ag ithe bia Seapánach in Atami i nDún Dealgan cúpla mí ó shin, é díreach ag deireadh a thréimhse mar bhainisteoir na hÉireann agus ní raibh agam ach trua dó. Cé gur laghdaíodh an trua sin i ndiaidh dom a fheiceáil go raibh stéig theobhlasta á fháil aige agus gur cuireadh i gcuimhne dom go raibh sé ar níos mó ná leathmhilliún euro in aghaidh na bliana, bhí trua agam dó fós – b’fhurasta an olann a bhaint de.

Tá nósmhaireacht againne anseo i mo bharúil féin – caithfidh sé go dtagann sé ó ré an Tíogair Cheiltigh mar a luaigh mé – gur chóir dúinn a bheith níos fearr ag an spórt ná mar atá na háiseanna agus na hacmhainní atá againn. Cuirim i gcás an nuacht a scaoileadh cúpla seachtain ó shin nuair a fógraíodh go mbeadh John O’Shea mar bhainisteoir eatramhach na tíre. Dá bhfeicfeá na tagairtí a rinneadh thíos faoi na postálacha…

Bhí mé ag fanacht le go mbeadh grianghraf de Brian Kerr agus Eamon Dunphy le feiceáil in aice le chéile le caipíní glasa a bhfuil ‘Make Ireland Great Again!’ scríofa orthu.

Dá mbeinn in áit Lee Carsley, d’athróinn m’uimhir ghutháin agus chinnteoinn nach mbeadh aon fháil ag Éireannach ar bith orm don chéad sé mhí eile. Ná labhair liom faoi mar a thit cúrsaí amach le Chris Coleman agus mac leis ag díospóireacht leis ar X (ní bheidh mé choíche compordach a rá X in áit Twitter) ach an oiread. Ligimis an fhírinne a insint a chairde anseo, tá muid ag iarraidh post a ofráil do ról taobh istigh d’eagraíocht ina raibh John Delaney i gceannas uirthi agus a bhfuil a lorg fágtha uirthi go fóill. Bheadh an t-ádh orainn Mike Bassett, Sam Allardyce nó Chris Coleman go fiú a fháil gan labhairt ar bhainisteoir cosúil le Lee Carsley a bhfuil clú á thógáil aige san am i láthair. Le fírinne, b’fhearr liom a bheith mar chathaoirleach ar RTÉ…

Is maith is cuimhin liom 2016 agus mé féin i mo shuí i dTeach Coll i Machaire Rabhartaigh ag amharc ar chluiche na hÉireann le beirt chairde liom nuair a scóráil Robbie Brady cúl ón trasnú Wes Hoolahan le cúig bhomaite fágtha chun muid a chur fríd chuig an bhabhta díbeartha.

Cad chuige a bhfuil cuimhne agam air sin? Ar an chéad dul síos, níor chóir go mbeadh bua againne in éadan na hIodáile agus, ina dhiaidh sin, dúirt cara liom go dtabharfadh sé ‘Wes’ ar an chéad leanbh s’aige. Tá mé ag dúil go mór leis an scéal a fheiceáil gur rugadh cailín go fóill. Agus a Eimear, mo leithscéal mura raibh tú eolach ar na pleananna a bhí beartaithe ag Caolán roimhe seo…

Ach sin atá ann, a chairde, is dóigh liom féin gur róghnóthachtálaithe muid leis an spórt agus leis an tsacar go háirithe. Cosúil le 2016 agus 2015, 2002, 1994, 1990 roimhe sin, ba chóir go mbeadh na cuimhní cinn sin ina mionchuid againn. Ba chóir nach mbeadh againn ach dornán de chuimhní a choinníonn muid ag brionglóideach go mbeadh deis againn. Na laethanta ab fhearr dá raibh riamh againn leis an tsacar, gadaithe a bhí ionainn leis an fhírinne a rá.

An raibh na laethanta sin speisialta? Is cinnte go raibh. Ach, arís eile, ní dóigh liom féin go bhfuil muid i dteideal leo agus ní dóigh liom go bhfuil muid i dteideal leis na laethanta ollmhóra seo go rialta agus go minic cé go bhfuil sin againn leis an rugbaí ag an bhomaite.

Is oileán muid – oileán scoilte a bhfuil dhá fhoireann sacair air – de 7 milliún duine. Cluintear dom gur chóir dúinn a bheith cosúil leis an Chróit i gcónaí, tír a bhfuil daonra de 3.9 milliún uirthi. Is é an sacar an spórt is mó clú agus imeartha sa Chróit, is é sin an difear. Anseo, in Éirinn, tá na cluichí Gaelacha ar na spóirt is mó clú agus imeartha. Níl na hacmhainní nó cumas againn mar thír le 7 milliún agus an CLG faoi bhláth agus rath le bheith níos fearr ag an tsacar ná mar atá. Dá mbeadh againn Luka Modric, bheadh sé ag imirt mar scuabadóir ar fhoireann an chontae áit éigin sa tír gan cead an liathróid a chiceáil agus cead amháin aige pas láimhe* a thabhairt.

*níos lú ná 3m de fhad

Samhlaigh foireann sacair na hÉireann le Davy Clifford air – anois, sin a bheadh againn le Luka Modric s’againn féin.

An rud atá á rá agam ná, ní féidir linn a bheith ag dúil tuilleadh a shaothrú i gcónaí ar leibhéal domhanda gan aithint cé chomh rathúil, tábhachtach agus tarraingteach agus atá na cluichí Gaelacha. Cad é an fadhbréiteach mar sin?

Margaíocht. Scéalaíocht. Agus giota cur i gcéill… Tá na Meiriceánaigh níos fearr ná duine ar bith aige sin.

‘The Kansas City Chiefs are once again world champions’

‘The Kansas City Chiefs are back-to-back world champions following their victory in Super Bowl LVIII’

‘Denver Nuggets claim first world title’

‘History made! The Denver Nuggets are World Champions

Cuirim i gcás agus in anailís cad é mar atá ag éirí linn ar leibhéal domhanda.

Spórt na mBan – áit sa rangú oifigiúil

Spórt Éire An tSeirbia Albain An Nua-Shéalainn
  1. Sacar
25 35 24 28
  1. Rugbaí
10 61 8 2
  1. Líonpheil
25 

(An Tuaisceart 11)

Ní bhaineann 10 2
  1. Líon imreoirí gailf sa chéad 100 imreoir
1 0 1 1
  1. Cispheil
81 10 Ní bhaineann 26

Spórt na bhFear – áit sa rangú oifigiúil

Spórt Éire An tSeirbia Albain An Nua-Shéalainn
  1. Sacar
62 32 34 103
  1. Rugbaí
2 73 6 3
  1. Líon imreoirí leadóige sa chéad 100 imreoir
0 1 1 0
  1. Líon imreoirí gailf sa chéad 100 imreoir
2 0 1 1
  1. Cispheil
88 4 *ní bhaineann 21

Cé go bhfuil muid mar thír i gcónaí ag cuardach níos mó, bíonn teip orainn nuair is gá dúinn muid féin a dhíol. Bímid sa tóir ar éadaí úra ach nuair a chuirtear ceist orainn cá háit a bhfuair muid na héadaí úra sin, freagraímid le “an seangheansaí seo? Níl ann ach Pennys – €2!” Is dóigh liom féin gurb amhlaidh an cur chuige atá againn lenár gcluichí Gaelacha féin.

Mar sin de, tógaigí seo mar fhógra seirbhíse poiblí don bhliain romhainn.

Doire ar ais ina gcuraidh dhomhanda den chéad uair ó 1993’

‘Stiúrann Davy Fitz Port Láirge chuig an chraobh dhomhanda iománaíochta’

‘Ard Mhacha – curaidh dhomhanda pheil na mban den chéad uair!’

Anois a chairde, sin agaibh an rud gur féidir! Bain díot na srianta a leagadh orainn ón Tíogar Ceilteach agus tógaimis na Meiriceánaigh mar eiseamláir ar an dóigh chun é a dhéanamh. Níl mé féin ag cailleadh íoróin na tuairime sin, mar eolas!

An agamsa amháin an bharúil seo, áfach, nó ar chóir dúinn a bheith ag dúil le níos mó agus a bheith ag brionglóideach faoi laethanta níos rathúla? Nár chóir go gcuirfeadh muid brú ar an Chróit a bheith níos fearr ná Doire ag an pheil ar an bhliain seo chugainn?

Dála an scéil, an dán sin a scríobh an bhean sin – speisialta amach ‘s amach!

The post An rud nach féidir, ní féidir é. Ach an rud gur féidir, is féidir é! appeared first on NÓS.

Níos mó