Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
aras-na-ngael-‘ag-titim-as-a-cheile’-–-‘tacaiocht-ag-teastail’-o-ionad-na-teanga-sa-ghaillimh

Áras na nGael ‘ag titim as a chéile’ – ‘tacaíocht ag teastáil’ ó ionad na teanga sa Ghaillimh

| tuairisc | ,

Tá Club Áras na Gaeilge ar Shráid Dominic i gcathair na Gaillimhe dúnta ó roimh an Nollaig toisc nach raibh sé ‘sábháilte don phobal’

Áras na nGael ‘ag titim as a chéile’ – ‘tacaíocht ag teastáil’ ó ionad na teanga sa Ghaillimh

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil tréimhse chinniúnach rompu maidir le todhchaí lárionaid na heagraíochta i nGaillimh, Áras na nGael.

Deir an Conradh go bhfuil géarghá le hinfheistíocht “shuntasach” chun an foirgneamh a athfhorbairt chun freastal ar phobal na Gaeilge sa chathair.

Rinneadh cur síos ar an drochbhail atá ar Áras na nGael ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais a reáchtáladh i nGaillimh.

Dúirt Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge go raibh an tÁras, atá ar Shráid Dominic sa chathair, “ag titim as a chéile”. Dúirt sí gur caitheadh an teach tábhairne san ionad, Club Áras na nGaeilge, a dhúnadh roimh na Nollag mar nach raibh sé sábháilte don phobal.

Dúirt Ní Chinnéide go bhfuil plé ar bun idir bord stiúrtha an Árais agus Roinn na Gaeltachta “ar feadh na mblianta” maidir le hinfheistiú a dhéanamh san ionad ach go raibh an baol ann go mbeadh cúpla bliain eile ann sula ndéanfaí aon socrú.

Thug sí le fios go raibh dul chun cinn déanta leis an Roinn roimhe seo agus go raibh caint ann ar thairiscintí ar obair a fhógairt ach go bhfuil sé sin anois tite as a chéile agus go bhféadfadh obair “cúpla bliain eile” a bheith rompu má chaitear tosú as an nua.

D’fhéadfadh go mbeadh ábhar imní ag an gConradh mar go ndíreofaí maoiniú i dtreo lárionaid nua don Ghaeilge a fhorbairt sa chathair agus go ndéanfaí neamhaird ar Áras na Gaeilge.

Ag an gcruinniú céanna de Choiste Gaeilge an Oireachtais, rinne an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge an cás do lárionad Gaeilge nua agus dúirt siad go raibh staidéar féidearthachta faoina leitheid d’fhorbairt curtha i gcrích.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Gaillimh le Gaeilge, Bríd Ní Chonghóile, go raibh plean Áras na Gaeilge a athfhorbairt mar lárionad nua luaite sa staidéar atá le cur faoi bhráid bhord stiúrtha Gaillimh le Gaeilge an tseachtain seo chugainn.

Dúirt Ní Chonghóile, áfach, gurb é a rogha féin ná suíomh nua a fháil don lárionad agus go bhféadfaí Áras na Gaeilge agus an lárionad nua araon a fhorbairt chun freastal ar mhuintir na cathrach agus na Gaeltachta sa gceantar. Dúirt sí nach mbeadh Gaillimh le Gaeilge i gceannas ar aon lárionad nua.

Dúirt Róisín Ní Chinnéide gur mian le Conradh na Gaeilge lárionad nua a fheiceáil i gcathair na Gaillimhe chomh maith agus nach cóir gur cinneadh maidir le ceann nó an ceann eile a bheadh i gceist.

“Níl muid ag iarraidh cur i gcoinne lárionaid nua, bheadh sé sin go diail agus sin atá uainn ar fad,” a dúirt Ní Chinnéide ach dúírt sí go raibh an Conradh ag éileamh infheistíochta chun Áras na Gaeilge a chur “ar a sheanléim arís”.

Níos mó