Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
athru-bunreachtuil-ar-intinn-ag-queen’s-radio-i-leith-na-gaeilge

Athrú bunreachtúil ar intinn ag Queen’s Radio i leith na Gaeilge

Tá leagan Gaeilge d’iris na mac léinn The Scoop á sheoladh ag Queen’s Radio le linn Sheachtain na Gaeilge. Is í aidhm na hirise nuacht ar an spórt, ar chutlúr, agus ar chúrsaí reatha a chur i láthair do phobal Ollscoil na Banríona ar fad trí mheán na Gaeilge. Tá Queen’s Radio anois ag earcú scríbhneoirí agus láithreoirí don togra úr.

Bhuail NÓS le Rebecca Dobbin-Donaghy, iníon léinn de chuid na hollscoile agus bainisteoir an stáisiúin raidió, chun fiosrú cad é go díreach a bheidh i gceist leis An Scúp. Bhí Aontas na Mac Léinn plódaithe le mic léinn agus baill foirne ag geabaireacht leo le linn am lóin. Eagraíodh tob-shiopa éadaí san aontas ar an lá chéanna, a raibh mic léinn le feiceáil ann ag plé cúrsaí stíle na saolta seo. Tá beocht san áit. Beocht a chuireann in iúl go dtiteann go leor amach anseo.

Idir cupán caife agus burgar sicín, mhínigh Rebecca do NÓS cad a bheidh i ndán do An Scúp.

NÓS: Bhuel a chara, go raibh maith agat as bualadh linn inniu in Aontas na Mac Léinn. Cad é mar atá tú?

Rebecca Dobbin-Donaghy: Tá mé go maith. Go hiontach maith i bhfírinne. Tá mé gnóthach, bhí ranganna agam inniu ach seachas sin, go maith. Tá mé ag dul go Vítneamh amárach agus tá mé chomh gnóthach sin sa bhaile go bhfuil mé ag dúil le trí seachtaine suaimhnis.

NÓS: Ar dóigh sin a chluinstin. Abair seo, cén ról atá agat san ollscoil agus in Queen’s Radio?

RDD: Tá mé ag tabhairt faoi mháistreacht i Léiriú na Meán & Craoltóireachta agus tá mé ag bainistiú Queen’s Radio le dhá bhliain anuas. Roimhe sin bhí mé i mo ball don chumann raidió agus mé ag dul don fhochéim. D’ullmhaigh mé tuairiscí nuachta agus rinne mé giota oibre ar chláranna láithreoirí eile nuair a thosaigh mé sa chumann. I lár mo chéad bhliana, bhí podchraoladh agus clár raidió de mo chuid féin agam agus bhí mé ag scríobh don iris ar a bharr sin. Faoi dheireadh na dara bliana, iarradh orm a bheith mar bhainisteoir an stáisiúin agus tá sin á dhéanamh agam ó shin.

NÓS: Agus cad air ar díríodh an podchraoladh sin?

RDD: Bhí sé dírithe ar an iriseoireacht don chuid is mó ag an am. Bhí sin agam agus muid ag teacht amach as na dianghlasálacha agus ba í an nuacht ghinearálta a bhí ina tosaíocht do The Scoop, idir spórt agus scéalta comhaimseartha. Ach d’fhorbair mise an cur chuige ‘nuacht mhaith’ a tháinig uaidh sin. Scéalta nach raibh baint acu le COVID, scéalta dearfacha, agus scéalta faoi dhaoine a raibh tionchar maith acu ar an phobal a bhí i gceist leis an ‘Good News Scoop’.

NÓS: Agus an raibh aidhm ar leith ag The Scoop?

RDD: Is ionann The Scoop agus an roinn nuachta dírithe ar chúrsaí reatha in Queen’s Radio. Tá naoi roinn againn. Is gné amháin é The Scoop de na naoi roinn sin agus nuair a smaoiníonn cuid mhaith daoine ar an raidió nó ar an teilifīs, is í an nuacht an chéad rud a smaoiníonn siad air de ghnáth. Ach clúdaíonn muid cúrsaí reatha domhanda, scéalta polaitiúla, scéalta áitiúla faoi mhic léinn, spórt, cultúr; a bheag nó a mhór tá gach gné de shaol an mhic léinn agus níos mó clúdaithe san iris.

Déanann muid podchraoltaí agus cláranna raidió bunaithe ar an ábhar a chlúdaíonn The Scoop fosta. Is cur chuige ilghnéitheach é agus muid ag cur nuacht i láthair do na mic léinn.

NÓS: Is léir gurb é sin an cás. Cá as a dtáinig an smaoineamh faoi choinne leagan Gaeilge?

RDD: Bhí cúpla clár raidió Gaeilge againn roimhe seo ach thit siad ar leataobh agus ní shílim go raibh go leor tacaíochta ann ón dá thaobh. Níor bhrúigh muid na cláranna go leor, ní raibh daoine ag teacht chugainne le smaointe ar bith agus ní dheachaigh muid sa tóir orthu ach an oiread. Bhog muid stiúideo i mbliana fosta agus chuir sin moill ar roinnt tograí. Sílim gur chaill muid an deis ábhar Gaeilge lánaimseartha a bheith ar na haerthonnta againn.

D’amharc muid ar Sheachtain na Gaeilge mar thúsphointe iontach an togra seo a chur chun cinn agus mheas muid, más féidir linn é seo a bhrú ar feadh 17 lá, thig linn tuilleadh suime a chothú agus é a dhéanamh buan amach anseo.

NÓS: An é gur leagan Gaeilge amháin a bheidh in An Scúp nó an bhfuil sibh ag iarraidh rud ar bith áirithe a bhaint amach leis?

RDD: Chinn muid é a dhéanamh agus ansin d’aithin muid scóp an togra. Bhí muid ag iarraidh go mbeadh leagan Gaeilge ann a mbeadh an stíl chéanna aige. Ailt, podchraoltaí, nuacht ar fad trí mheán na Gaeilge. Tá cúig rannóg ag The Scoop cheana féin a bhfuil foireann eagarthóirí agus scríbhneoirí an ceann acu. Thuig muid nach raibh muid ag cur rannóg nua leis an iris, ach ag eagrú iris iomlán nua a chlúdódh an t-ábhar céanna.

Tá muid ag díriú ar an nuacht agus ar ábhair a bhfuil suim ag scríbhneoirí iontu faoi láthair. Tá muid ag súil go mbeidh foireann eagarthóirí againn don leagan Gaeilge ionas go mbeidh siad ag scríobh faoi spórt, cultúr, agus stíl mhaireachtála mar a dhéantar sa leagan Béarla.

Tá eagarthóirí againn a rachaidh sa tóir ar scríbhneoirí le smaoineamh agus uaireanta eile tiocfaidh scríbhneoirí chucusan le smaointe. Beidh scéalta a mbeidh leagan sa dá theanga acu ar ndóighe. Ach beidh scéalta ann nach mbeidh ach leagan Gaeilge nó leagan Béarla amháin acu.

NÓS: An obair dheonach atá i gceist leis na heagarthóirí agus na scríbhneoirí?

RDD: Déantar achan rud go deonach. Tá coistí againn chomh maith le cinn roinne a oibríonn go deonach. Déanaimse bainistíocht an stáisiúin go deonach fosta.

NÓS: Faic don POF, faic do gach duine!

RDD: Sin é go díreach! Tá Queen’s Radio ar an bheagán stáisiún atá bainistithe go hiomlán ag mic léinn ar mhaithe le mic léinn. Rud a dhéanann uathúil muid ar bhealach.

NÓS: An dtugann sin tuilleadh saoirse daoibh ó thaobh na n-ábhar a chlúdaítear nó an bhfuil cumhacht ag an ollscoil go fóill ina leith sin?

RDD: Níl ar chor ar bith. Clúdaíonn muid cibé rud is mian linn. An difear atá ann ná go mbíonn muid ag brath ar an bheagáinín maoinithe a fhaigheann muid ó Aontas na Mac Léinn. Bailíonn muid airgead eile trí oícheanta sóisialta a reáchtáil.

Thiocfadh linn ábhair i bhfad níos mó agus níos fearr a chur amach is dócha ach cuireann muid i bhfad níos mó amach ná mar a shílfeadh daoine. Tá foireann dhícheallach thiomanta againn agus éiríonn chomh maith linne ag duaiseanna náisiúnta agus a éiríonn le stáisiúin eile a bhfuil an maoiniú cuí acu. Tá meon níos láidre ‘ar son na cúise’ ag an stáisiún s’againn ná mar a bheadh ag na stáisiúin eile, déarfainn.

NÓS: An bhfuil rud ar bith eile beartaithe agaibh don Ghaeilge amach anseo?

RDD: Beidh vótáil ag an chéad chruinniú cinn bliana eile ar an Ghaeilge a chur sa bhunreacht. Má ghlactar leis an rún, cuirfear reachtaíocht sa bhunreacht a chinnteoidh go mbeidh ábhar Gaeilge de chineál éigin ag Queen’s Radio achan bhliain. Tá sé ar dóigh gur féidir linn an t-ábhar a chur amach anois ach mar a dúirt mé ní ba luaithe, nuair a thit sé ar leataobh, ní raibh rud ar bith bunreachtúil lena chosaint.

Ní chuirfidh an coiste síos ar an chineál ábhair a bheidh ann. Thig le coistí cibé ciall a bhaint uaidh ag brath ar láidreachtaí an choiste agus buanna na scríbhneoirí. Ach cinnteoidh sé go mbeidh ábhar de chineál éigin ag teacht amach trí mheán na Gaeilge go rialta in áit ailt speisialta anseo is ansiúd.

NÓS: Sin galánta agus is dócha go gcuideoidh sin leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc phobal na hollscoile go mór mór. Rebecca, sula gcuireann muid clabhsúr ar an chomhrá, an bhfuil a dhath ar bith eile ba mhaith leat a rá?

RDD: Tá muid ag earcú agus ag glacadh le scríbhneoirí faoi láthair chun tús ceart a chur leis an togra. Fiú dá mbeadh daoine sásta alt nó dhó a scríobh, chuideodh sin le daoine eile a spreagadh agus an leagan Gaeilge a chur chun cinn.

NÓS: Go hiontach ar fad a chara. Arís eile, go raibh míle maith agat as suí linn inniu agus guíonn muid gach rath ar An Scúp.


Más suim leat teagmháil a dhéanamh le lucht eagartha An Scúp, is féidir tuilleadh eolais a aimsiú anseo.

Rinneadh an t-agallamh seo i mBéarla agus aistríodh an tras-scríbhinn go Gaeilge ina dhiaidh.

The post Athrú bunreachtúil ar intinn ag Queen’s Radio i leith na Gaeilge appeared first on NÓS.

Níos mó