Deir Feisire Eorpach de chuid na hÉireann gur “mór an náire” é go bhfuil cinneadh glactha ag Parlaimint na hEorpa a fhágann nach mbeidh dualgas ar an bParlaimint seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta a chur ar fáil i nGaeilge go dtí deireadh na bliana 2029 ar a luaithe.
Vótáil an Pharlaimint an tseachtain seo caite síneadh go dtí deireadh an chéad téarma eile a chur le riail a fhágann nach gá na seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge agus i Máltais.
Easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhísí uile na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge, a deirtear
Dúirt an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin, Chris MacManus, gur údar “díomá agus náire” é nach mbeadh dualgas ann na seirbhísí Parlaiminte ar fad a chur ar fáil i nGaeilge go dtí 2029 ar a luaithe.
De réir rialacha na Parlaiminte, tá sé de cheart ag gach feisire labhairt sa Pharlaimint sa teanga oifigiúil a roghnaíonn siad féin agus go mbeadh ateangaireacht go dtí na teangacha oifigiúla eile ar fáil.
Ach deir an Biúró, an comhlacht a leagann síos na rialacha don Pharlaimint, nach bhfuil dóthain faoine ar fáil chun na seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta a chur ar fáil i nGaeilge, agus moladh síneadh ama a chur ar sholáthar na seirbhísí sin.
Dúradh “nach bhfuiltear ag dréim leis” go mbeidh dóthain acmhainní ann seirbhís ateangaireachta iomlán a chur ar fáil i haeilge ná i Máltais “roimh thús an chéad téarma eile”.
Cuirtear ateangaireacht ón nGaeilge ar fáil ag seisiúin iomlánacha de Pharlaimint na hEorpa ach ní chuirtear ateangaireacht go Gaeilge ar fáil iontu. I gcás cruinnithe eile, cuirtear an ateangaireacht ar fáil ach réamhfhógra a bheith faighte.
Maidir le seirbhísí aistriúcháin, dúradh go raibh iarrachtaí “leanúnacha” déanta chun cur le líon na n-aistritheoirí Gaeilge agus go raibh “dul chun cinn suntasach” déanta.
Mar sin féin, dúradh “go meastar fós go mbeidh líon na n-aistritheoirí cáilithe chomh teoranta sin maidir leis an nGaeilge nach féidir [iad a sholáthar go hiomlán] go ceann tamall fada”.
Dúirt an Feisire Chris MacManus nach raibh sé ceart nach raibh na seirbhísí ar fad ar fáil sa teanga go fóill ó tharla gur tháinig deireadh iomlán leis an maolú ar an nGaeilge san AE i dtús 2022 agus.
“Is teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge. Ciallaíonn sé sin gur cheart go mbeadh na seirbhísí céanna ar fáil trí Ghaeilge mar atá i ngach teanga oifigiúil eile,” a dúirt sé.
“In 2024, is mór an náire é seo agus anois caithfidh na húdaráis in Éirinn agus san Eoraip teacht le chéile chun plean a chur i bhfeidhm le cinntiú go mbeidh an leibhéal céanna seirbhísí ag an nGaeilge mar atá ag gach teanga oifigiúil eile.”
Dúirt an Feisire Máltach Cyrus Engerer leis an suíomh Euractiv nach bhféadfaí glacadh leis go raibh dhá theanga oifigiúla de chuid an AE “caite faoi thóin cártaí agus socrú nua tugtha isteach”.
Agus é ag tagairt don chéad ócáid phoiblí i nGaeilge riamh a reáchtáladh i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil aréir, dúirt an Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael, Seán Kelly, go raibh sé tábhachtach an Ghaeilge a úsáid sa Pharlaimint.
Dúirt Kelly gur “cúis mhór brhóid” a bhí ann dósan gurbh é féin an chéad fheisire a mhol leasú i nGaeilge ar reachtaíocht sa Pharlaimint nuair a tháinig deireadh leis an maolú in Eanáir 2022. Dar leis, tá breis is 50 leasú i nGaeilge curtha chun cinn aige ó shin.
“Tá go mór os cionn 200 óráid i nGaeilge déanta agamsa ó toghadh i m’fheisire Eorpach mé. Údar bróid dom go mbíonn an Ghaeilge le cloisteáil ar phasáistí Pharlaimint na hEorpa go rialta. Le linn Sheachtain na Gaeilge molaim d’Fheisirí uile na hÉreann ‘cúpla focal as Gaeilge’ a úsáid in gcuid óráidí ag an lánchruinniú a bheidh ar siúl go luath.
“Fiú nuair a bhíonn mo chuid cainte á déanamh agam i mBéarla sa Pharlaimint, déanaim cinnte de go gcuirim tús agus deireadh léi i nGaeilge. Rud é sin atá á dhéanamh agam ó thús mo thréímhse agus sílim gur dea-bheart a bheadh ann dá bhfeicí an nós sin ag gach ionadaí atá ag an tír seo.”
An Feisire Kelly agus Craobh na Bruiséile de Chonradh na Gaeilge a d’eagraigh imeacht na hoíche aréir.
Bhí Seán Kelly; Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin; Ard-Rínaí Choiste na Réigiún san AE, Micheál Ó Conchúir; Ceann Aonaid ar Rannóg Aistriúcháin na Gaeilge i gCoimisiún na hEorpa, Aislínn McCrory; agus an t-aistritheoir John Woods páirteach i bpléphainéal ar stádas na Gaeilge sa Bhruiséil.