Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cen-chaoi-a-ndeanaim-tinder-‘i-gceart’?

Cén chaoi a ndéanaim Tinder ‘i gceart’?

| hannah ni chonghaile | ,

Sna coméidí rómánsúla go mbínn ag féachaint orthu agus mé im’ dhéagóir, ba mhinic go mbíodh mná áille tanaí ag obair in iris nó i nuachtán mór le rá (cuimhnigh ar 13 Going On 30 agus The Devil Wears Prada). Bhíodh saol galánta ag na mná a bhí ag obair sna háiteanna seo, lán le cóisirí spraíúla le manglaim agus fir bhreátha, agus dheinfidís rud ar bith chun scéal a fháilt. Agus gan dabht, ní raibh leisce ar bith ar éinne acu a saol pearsanta féin a úsáid mar ábhar scríbhneoireachta!

Mar sin, ag ligint orm lá ámhain gur mise Andy ó How To Lose a Guy In 10 Days ar mhaithe le hábhar scríbhneoireachta, thugas fé thaighde ar Tinder. Déanann sé an beart do dhaoine áirithe, agus bíonn daoine eile mí-ámharach. Thugas fén bhfoirmle dhraíochtúil a oibriú amach.

Tá scata aipeanna eile ann ach is ar Tinder a thugas fé mó chuid taighde (an babhta seo, ach go háirithe).

An Cheist Taighde

Theastaigh uaim imeacht ar dheich gcoinne Tinder go mbeadh teideal agam don gcolún seo ar nós ‘10 Rud a d’fhoghlaimíos ó 10 gCoinne Tinder’. Faraor, níor éirigh liom an méid san coinní a bhaint amach. An cheist taighde a bhí agam mar sin ná: An bhfuil slí ann chun Tinder a dhéanamh i gceart?

Léirmheas ar thuairimí daoine eile

Tá Tinder i mbéal agus ar fhóin an phobail ó bhí 2012 ann, agus tá mothúcháin láidre ag daoine fé. Ar lámh amháin táid siúd a bhuail lena ngrá geal air agus mar sin níl aon rud níos fearr ná é — “‘Sea, bíonn daoine aisteacha agus seans go mbeidh tú ghosted céad míle babhta, ach nuair a bhuailfidh tú leis an nduine ceart chífidh tú gurbh fiú an stró ar fad.”

Ar an lámh eile tá na daoine ná cuimhneodh riamh air!

“Aip? Chun bualadh le duine? Há há, cad atá mícheart leat in aon chor, ná féidir leat bualadh le duine sa bhfíorshaol? Fhéach timpeall ort, tá ualach fearaibh ann. Téigh ag caint le duine acu!”

D’fhéadfá a rá go bhfuil daoine idir dhá chomhairle mar gheall air.

An Cur Chuige

Fuaireas scata tuairimí agus ualach comhairle ó dhaoine a bhuail lena bpáirtí reatha ar Tinder agus bheartaíos cúpla rud a thriailt. Dúirt bean amháin liom gur chuir a páirtí ceist uirthi ar Tinder mar thús comhrá.

“Cad iad na cúig rud is mó a thaitníonn léi fúithi féin agus na cúig rud a d’athródh sí fúithi féin?” Cheap sí gur líne iontach é.

Dúirt fear liom gan aon chomhrá a thosnú ach iarr ar an nduine bualadh liom lom díreach. Dúradh liom gur chóir labhairt le fear ar feadh seachtaine agus ansan ba chóir dó iarraidh orm bualadh sa bhfíorshaol. Bhí fear amháin lena labhraíos den dtuairim nár chóir do mhná an chéad teachtaireacht a sheoladh in aon chor. Bhí sé deimhin de sin, go dtí gur chuir a bhean i gcuimhne dó gurbh ise a chuir teachtaireacht chuige ar dtús.

Chuireas in airde mo chúig phictiúr, shocraíos achar réadúil, agus abhae liom ag svaidhpeáil. Bhí cúpla riail sa cheann agam:

  1. match-áilfinn le duine, chuirfinn teachtaireacht chuige (má thá tú chun fanacht go gcuirfidh fear an chéad teachtaireacht ar Tinder, ná bac leis an aip a íoslódáil, i mo thuairim).
  2. Dhéanfainn iarracht bualadh le daoine chomh luath agus is féidir — tá sé deacair agus leadránach cómhrá fíorúil a choimeád suas.
  3. Ní rabhas chun an ‘hey’ céanna a chur chuig gach aon duine. Bheadh orm rud níos pearsanta a chumadh.

 

Tá’s agat an seanfhocal, bíonn gach tosach lag? Bhuel, a mhalairt a bhí agam ar mo thuras Tinder. Laistigh de chúig lá chuas ar dhá choinne – sin tosach láidir.

Tar éis na chéad choinne (siúlóid), thiomáin sé díreach thar n-ais go dtí mo chairt aríst mé. Dhruid sé isteach agus d’fhéach sé uaim go dtí an doras, ag súil go n-imeoinn. Níor stad sé an t-inneal, níor tharraing sé an coscán láimhe, ná níor chuir an chairt sa ngiar neodrach. Slán mar sin.

Tar éis na tarna coinne (siúlóid…aríst), lean sé ar Instagram mé. Níor chuir sé teachtaireacht chugam agus, cúpla lá ina dhiaidh, thugas fé ndeara go raibh sé tar éis unmatch-áil liom ar Tinder. Oicé!

Dhá choinne thragóideacha. Ach ní tragóideach a dhóthain go rabhas chun éirí as mo chuid taighde. Thógas briseadh agus ansan thugas fé aríst le fonn. Dhá choinne laistigh de chúig lá, bhíos ag rá liom féin. N’fheadar éinne an mó daoine go mbuailfidh mé leo idir seo agus an Nollaig.

Torthaí an Taighde

Gan an scéal a loiteadh ach níor oibrigh sé amach. Thriaileas an cheist ‘na cúig rud is fearr le duine fé féin’ fiú. Ó shin, tá naonúr tar éis góstáil a dhéanamh orm, agus tá duine amhain díreach tar éis teachtaireacht a chur thar n-ais chugam tar éis sé seachtaine.

Tar éis an mhéid san, níor oibríos amach an rún chun bualadh le do ghrá geal ar Tinder. Níor thiteas i ngrá le héinne ar aon chor (b’fhéidir ná fuil How to Lose a Guy in 10 Days chomh réadúil san?).

Tá Tinder saghas gránna. Deinimid svaidhpeáil ar phictiúirí de dhaoine agus ní thagann greann nó cineáltas trí phictiúirí. Éirímid bréan desna ceisteanna céanna ó dhaoine ná fuil aithne againn orthu. Seans ná bíonn sé de mhisneach againn bualadh le chéile, nó ná fuilimid sásta dul sa tseans le daoine ná fuil aon aithne againn orthu.

N’fheadar cén fhoirmle dhraíochtúil atá ann le páirtí a aimsiú ar Tinder, ach beidh ar chuid againn teacht ar sheift níos fearr. Halla rince, éinne?

The post Cén chaoi a ndéanaim Tinder ‘i gceart’? appeared first on NÓS.

Níos mó